Cnag ar an doras

Och, ní hea, ní bheadh a leithéid acu. Ná tae. Ná caife. Uisce amháin, a raibh fuílleach de agam

Lá gruama ceoigh a bhí ann, tráthnóna Sathairn mura bhfuil breall orm mar bhí cluiche leamh éigin ar siúl ar an teilifís agus rásaí capall nach raibh aon spéis agam iontu. Fonn rómhór ní raibh orm éirí nuair a chuala an cnag ar an doras. Cloingín an chloig le fírinne, ach tá cuma níos dúchasaí ar chnag.

Beirt fhear a bhí ann, beirt fhear dheasa. Bhí a fhios agam iad a bheith go deas mar bhí siad glanbhearrtha smig-ghlan snuagheal agus ba dhóbair don eau-de-cologne mé a leagadh. Bhí déada ina mbéal a mbeadh fógra fiaclóra mórálach astu, agus bhí an t-ádh liom nach raibh an ghrian ag taitneamh nó dhallfaí mé leis an loinnir.

D’fhiafraigh siad díom an raibh aithne agam ar Íosa Críost, agus dúrtsa go raibh, ach nach raibh cónaí air sa teach seo, cé go raibh sagairt ag fanacht timpeall an chúinne.

Ní chuige sin a bhí siad, áfach, ach labhairt liom ina thaobh. Bhí seadbháisteach san aer áfach, an saghas sin a shileann go mall tríd an gcraiceann agus a ghabhann isteach in áiteanna díot nach bhfaca aon duine seachas do mháthair, agus mar sin thugas isteach iad.

READ MORE

Toisc an oiread sin scéalta seanGhaeilge a bheith léite agam mar gheall ar aíocht cheart a thabhairt do chuairteoirí dheineas deoch a thairiscint dóibh. Och, ní hea, ní bheadh a leithéid acu. Ná tae. Ná caife. Uisce amháin, a raibh fuílleach de agam.

Tharla gur Mormannaigh ba ea iad aniar ó Mheiriceá, seachas Normannaigh anoir ó Chluain Tarbh a chuirfeadh sceimhle ort. D’inis siad cúpla finscéal álainn mar gheall ar aingeal darbh ainm Moroney gurbh as Contae an Chláir a shinsir a thuirling ó neamh le leabhar beannaithe ar phláitíní óir don leaid seo Seosamh Mac Gabhann nó Joe Smith agus teachtaireacht aige ó Dhia é féin.

Toisc an dúspéis a bheith agam in aon rud a dúirt nó a déarfadh Dia thugas cluas le héisteacht dóibh. Ina theannta sin, thug siad leabhar dom ina raibh caibidlí le daoine nach raibh ainmneacha chomh Meiriceánach sin orthu, ar nós Nephi agus Omni agus Mormon é féin.

D’áitigh siad orm é a léamh agus guí chun Dé d’fhonn a fhiafraí de an fáidh a bhí sa Joe Smith seo. Bhí fadhb agam leis an Joe Smith, mar tá's agam go raibh duine leis an ainm sin ag imirt cispheile leis na Chicago Bullsitters agus leis na Denvir Nutters, agus nach raibh Joe Schmidt eile ina chóitseálaí rugbaí le Cúige Laighean, agus bhí duine den ainm sin im rang féin sa bhunscoil. Pé ní é, thugas mo gheallúint dóibh agus d’imíodar leo faoi shíocháin.

Coicís ina dhiaidh sin buaileadh an cnag nó an cloigín arís. An bheirt chéanna. Miongháire níos leithne fós ar a mbéal. Iad chomh béasach le Debrette’s Etiquette go deireadh.

Thugas isteach iad. Thairg deoch dóibh. Ní bheadh. Tae? Ní bheadh. Caife? Ní bheadh. Uisce féin, ní bheadh. Bhí gnó le déanamh.

D’fhiafraigh siad díom an raibh an leabhar léite agam. Níor insíos bréag. Bhí sleachta. Ní raibh na scéalta ann chomh suimiúil lena raibh sa Bhíobla, ní raibh oiread foréigin ná leathair ann go cinnte. Agus bhí an stíl beagán seanfhaiseanta mar le duine a mhair san naoú haois déag. Mar sin féin.

Ansin d’fhiafraigh siad díom ar cheistíos Dia maidir le stádas fáidh Joe Smith. Dúrtsa gur dhein, ach admhaím nár dheineas troscadh agus tréanas.

‘Agus, cad dúirt sé leat?’

‘Dúirt sé liom nárbh aon fháidh in aon chor é, ach gnáthdhuine cosúil libhse agus liomsa.’

Ba dhóbair dóibh pléascadh. Ba dhóbair domsa, leis, ach ní ar an gcúis chéanna. Is de shuimiúlacht, áfach, nár tháinig aon duine dá samhail chun an dorais ó shin.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar