‘Is láidre muid má sheasaimid le chéile’

Líonra nua tacaíochta seolta do choistí agus do phleanálaithe teanga na Gaeilge

FOCLÓIR: Pleanáil teanga – language planning; meitheal – working party; réimsí – fields/areas; saineolais - expertise; comhtháite – coherent; ionraic – honest; forásach - progressive.

D’fhreastail suas le 12,000 duine ar Oireachtas na Samhna i mbliana. Spéis sna healaíona traidisiúnta a mheall go Cill Airne iad dar ndóigh, ach ní ar an gceol, ar an damhsa, nó ar an ngabháil fhoinn amháin a díríodh aird na gcuairteoirí.

Bhí an seomra lán go béal in Óstán Brehon nuair a seoladh Meitheal Náisiúnta Pleanála Teanga, líonra nua tacaíochta do choistí agus do phleanálaithe teanga na Gaeilge a bhfuil sé mar aidhm leis an Ghaeilge a athréimniú mar theanga phobail inmharthana.

Saineolais

As Acht na Gaeltachta agus an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a d’eascair an próiseas teanga reatha faoina chothaítear Líonraí Gaeilge, Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus Limistéir Phleanála Teanga Ghaeltachta.

READ MORE

Ag iarraidh na réimsí seo uilig a cheangal dá chéile ar bhonn comhtháite atá an Meitheal Náisiúnta dár le Ciarán Mac Giolla Bhéin, Comhordaitheoir Pleanála Teanga as Béal Feirste.

Is minic na réimsí sin ag obair agus ag feidhmiú ina n-aonar agus tá súil ag an meitheal deis a thabhairt do phleanálaithe teanga a gcuid saineolais a roinnt lena chéile.

“Le bheith ionraic, ní dóigh liom gur tharla sin go fóill,” a dúirt Mac Giolla Bhéin.

“Sílim go bhfuil dúshláin fós le sárú. Ba cheart go mbeadh muid ar fad - idir cheantair Ghaeltachta, na bailte seirbhíse agus na coistí pobal sa chuid eile den tír, abálta teacht le chéile agus seasamh comónta a bheith againn maidir le cuid de na héilimh atá againn.

“Phléigh muid é go daonlathach agus go hoscailte agus d’fhiosraíomar: an dtig linn ó na réimsí éagsúla seo coiste a thoghadh agus comhordú a dhéanamh orthu?”

Fóram neamhspleách a d’eascair as sin. Ní beag an rud é sin nuair atá na móreagrais Ghaeilge faoi choimirce an stáit ar bhealach amháin nó ar bhealach eile.

“Níl sé seo faoi stiúir ag na húdaráis. Seo rud atá ag teacht ó na coistí iad féin, níor eascair sé ó Údarás na Gaeltachta ná ó aon dream mar sin,” a dúirt Mac Giolla Bhéin.

“Ní caitheamh anuas é sin ar na húdaráis. Ach sílim go raibh sé tábhachtach dúinne teacht le chéile as ár stuaim féin agus labhairt go hoscailte agus go macánta ar na dúshláin ach fosta ar na deiseanna comhoibrithe atá romhainn agus sin a dhéanamh ag leibhéal logánta áitiúil seachas faoi choimirce na n-údarás nó an stáit.

“Má amharcann tú ar na coistí atá nascaithe leis an mheitheal anois tá sé thar a bheith ionadaíoch ar phobal na Gaeilge go náisiúnta. Sílim gur féidir linn tionchar ollmhór a imirt ar an dioscúrsa agus ar an gcóras agus gur féidir linn fís a leagan amach agus tacaíocht a fháil don fhís.

“Sin an obair atá os ár gcomhair amach.”

Is léir go bhfuil neart saineolais phraiticiúil le roinnt acu sin atá ag plé leis na líonraí pleanála teanga.

“Níl muidne ach bliain ar an ngort mar líonra in iarthar Bhéal Feirste,” a dúirt Mac Giolla Bhéin.

“Sa cheantar s’againne bhíomar in ann bonneagar pobail a thógáil le freastal ar réimsí éagsúla. Feiceann muid tionchar na hoibre, creidimid go bhfuil luach leis agus gur féidir linn difear a dhéanamh, ach ní féidir linn feidhmiú le lámh amháin taobh thiar den droim. Caithfear na huirlisí agus na tacaíochtaí a chur ar fáil,” a dúirt sé.

Is gá dul i gcomhar le dreamanna eile atá lasmuigh den éiceachóras traidisiúnta pleanála teanga. Luann sé Tuismitheoirí na Gaeltachta, eagras a thugann tacaíocht do thuismitheoirí atá ag tógáil clainne le Gaeilge, mar shampla amháin.

“Tá seisear fostaithe go náisiúnta ag Tuismitheoirí na Gaeltachta ach ba cheart go mbeadh oifigeach teaghlaigh ag achan líonra teanga má táimid chun a bheith dáiríre faoi seo,” a dúirt sé.

“Níl Tuismitheoirí na Gaeltachta istigh sa mheitheal phleanáil teanga ach tá obair atá thar a bheith tábhachtach ar bun acu, agus caithfidh muid a bheith ag comhoibriú lena chéile agus ag amharc ar leithéidí Tuismitheoirí na Gaeltachta agus grúpaí eile nach iad.”

Anois go bhfuil bonn curtha faoin mheitheal, céard é an chéad chéim eile?

“Tá coiste nuacheaptha againn anois agus is dócha an chéad rud a bhí le déanamh againn ná a rá leis an domhan mór gur ann dúinn, go bhfuil an chéim seo le glacadh againn, ach amach anseo tá sé beartaithe againn sa bhliain úr teacht le chéile ar feadh cúpla lá,” a dúirt Mac Giolla Bhéin.

“Ón eolas agus ón phlé atá déanta againn leo sílim go bhfuil forbairtí le déanamh maidir leis an gcur chuige. Is léir go bhfuil tuilleadh infheistíochta de dhíth.

“Má amharcann tú ar chuid de na staidéir theangeolaíochta atá tagtha amach maidir le stádas na Gaeilge san Ghaeltacht, tá dúshláin mhóra romhainn.

“Ní thig le coiste beag pobail a bhfuil fostaí amháin acu agus a bhfuil acmhainní teoranta acu, tabhairt faoi fheachtas mór ardú feasachta,” a dúirt sé.

An Dream Dearg

Tá Ciarán ina bhall den ghluaiseacht chearta teanga an Dream Dearg agus tá súil aige cuid den fhuinneamh a ghin an ghluaiseacht le blianta beaga anuas a fheiceáil sa mheitheal nua.

“Sílim gur sin an eiseamláir gan stró ar bith. Sílim gur léiríomar leis an Dream Dearg gur féidir linn mar phobal nuair a ghlacaimid seasamh comónta ar cheisteanna áirithe gur féidir linn tionchar dochreidte a imirt ar an mhórphobal.

“Amanna amharcann muid orainn féin agus is féidir dearcadh réasúnta cúng a bheith againn maidir le cé hiad pobal na Gaeltachta. Lasmuigh de sin, tá daoine ann nach mbraitheann go bhfuil siad mar chuid den phobal ach go bhfuil siad thar a bheith tacúil agus a aontaíonn leis na héilimh atá againn. Aithníonn siad an luach atá leis. Tá ról iontach tábhachta acu agus caithfidh muid an spás a chruthú do dhaoine [ar mian leo] a bheith rannpháirteach.

“Sílim san am ina bhfuil muid faoi láthair go bhfuil dóchas de dhíth ar dhaoine, sílim go bhfuil fís ag teastáil maidir leis an todhchaí agus caidé an cineál sochaí ar mhaith linn a bheidh rannpháirteach ann.

“Ba mhaith linn a bheith rannpháirteach i sochaí atá forásach a bhfuil cearta ann do chách agus a bhfuil meas ar an teanga agus agus ar an gcultúr dúchais, an rud speisialta atá againn anseo.

“Tríd an chomhoibriú agus tríd a bheith glórach agus tríd an doras sin a oscailt agus tríd a bheith dearfach thig linn daoine a thabhairt ar bord agus an fhís seo a leagadh amach. Tá sé thar a bheith tábhachtach go bhfuil tacaíochtaí ar fáil don Ghaeltacht. Tá sé tábhachtach go mbeadh cúrsaí tithíochta réitithe [agus] stádas na Gaeilge neartaithe.

“Creidimid, de réir a chéile, go mbeimid in ann aghaidh a thabhairt ar chuid de na fadhbanna sin agus go mbeimid ábalta dul i bhfeidhm ar an gcóras polaitiúil.

“Ní neart go cur le chéile mar a deirimid go minic - tuigeann muid gur láidre muid má sheasaimid le chéile.”

Breis eolais: @meithealnpt (X/twitter)

Féiríní na Nollag

An bhfuil gnó agat a fheidhmíonn agus a dhíolann earraí/seirbhísí trí Ghaeilge? Má tá, agus más mian leat go luafaí é i Tuarascáil, seol eolas le grianghraf más féidir chuig tuarascail@irishtimes.com roimh an 27 Samhain. Luaigh ‘Féiríní na Nollag’ leis an ríomhphost.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.