Sibéal Davitt: léargas úrnua trí dhamhsa, trí cheol, agus le greann

Tá snáithe an damhsa, an cheoil agus na drámaíochta sníofa go dlúth le chéile sa saothar ‘Minseach’ le Sibéal Davitt.

FOCLÓIR: Ilsrathach – multilayered; tobchumadóireacht – improvisation; osréalach - surreal; léiriúchán - production; feighlí - minder; imeartas focal - word play; comórtas tallainne - talent competition; spléachadh - glimpse; drogall - reluctance.

‘Bhí mé i gcónaí ag gluaiseacht agus ag cruthú ó aois an-óg,” a dúirt Sibéal Davitt agus í ag trácht ar an chaoi ar chuir sí suim sa damhsa den chéad uair riamh.

“Ba dhamhsóir ar an sean-nós mo mháthair agus a daideo. Bhí steipeanna á seachadadh anuas ó ghlúin go glúin. Mhúin mo mháthair dom iad, agus d’fhás sé as sin.”

Mar a tharla sé, bhí Davitt ar tí duine den chéad glúin eile dá teaghlach, Ollie Óg, nach bhfuil ach bliain d’aois, a bhailiú óna fheighlí nuair a chuir Tuarascáil glaoch uirthi.

READ MORE

Má tá dualgais tuismitheoireachta ar a haire, tá aird aici freisin ar an stáitse: tá an saothar is déanaí aici - léiriúchán aonair damhsa dar teideal Minseach - le cur ar stáitse in amharclann i mBaile Átha Cliath dhá oíche an tseachtain seo.

Aistear dátheangach atá sa saothar seo ina dtugtar spléachadh don lucht féachana ar thréimhsí éagsúla d’aistear saoil Shibéil féin.

“Is seó an-aclaí é seo, agus tá mé théis babaí a bheith agam ón uair a chum mé é. Tá mé chun roinnt ghleacaíochta a dhéanamh thar an deireadh seachtaine chun go mbeidh mé réidh,” a dúirt sí.

Saothar greannmhar, osréalach agus ilsrathach a théann i ngleic le ceist na siamsaíochta a thugann Davitt ar an seó.

Agus ó na léirmheasanna a scríobhadh nuair a cuireadh ar stáitse den chéad uair é in 2021 mar chuid den Dublin Fringe Festival, is léir go mbeidh an-oíche i ndán don lucht féachana san Project Arts Centre i mBarra an Teampaill ar oíche Mháirt agus Chéadaoin na seachtaine seo.

Focal é Minseach a thugtar ar ghabhar baineann ach sa seó is imeartas focal é freisin ar an bhfocal Misneach.

“Bíonn daoine de shíor ag fiafraí díom an botún atá ann,” a dúirt Davitt.

“Alter ego is ea an Mhinseach sa seó - tagann sí amach leath slí tríd. Is tagairt don amhrán sean-nóis é freisin - Tá Dhá Ghabhrín Buí Agam agus Minseach Bhainne, Minseach Bhainne!”

Tobchumadóireacht

Tá snáithe an damhsa, an cheoil agus na drámaíochta sníofa go dlúth le chéile sa saothar, rud nach bhféadfaí a chumadh gan an-chuid ama a chaitheamh ag cumadh agus ag cleachtadh, rud is léir a dhéanann Davitt go fonnmhar agus go dúthrachtach.

“Is próiseas cruthaíochta é ina gcaithim uaireanta an chloig ag tobchumadh agus ansin bím ag súil go nochtfar an saothar sa bhealach sin,” a deir Davitt agus í ag cur síos ar an bpróiseas cumadóireachta.

“Bhí mé ag iarraidh rud éigin a chruthú a bheadh bunaithe ar sheal a chaith mé sna déaga ag cur isteach ar chomórtais ag an Oireachtas.” a dúirt sí.

In 2009 bhuaigh Sibéal ‘Glas Vegas’, comórtas tallainne náisiúnta a craoladh ar TG4. “Bhuaigh mé an comórtas sin agus chuaigh mé go Las Vegas nuair a bhí mé naoi mbliana déag d’aois,” a dúirt sí.

“Bhí mé ag iarraidh breathnú ar ais ar an am sin agus perspeictíocht níos doimhne a fháil air.”

Tá aonar déag d’fhoireann bainteach leis an léiriúchán. Ina measc sin tá an t-aisteoir agus cruthaitheoir Caitríona Ní Mhurchú - a dtugann Davitt “comhoibrí, dramaturg agus banlaoch” uirthi.

“Rinne sí seó bliain ó shin ar Pheig Sayers agus nuair a chonaic mé é sin, dúirt mé liom féin gur bhreá liom dul ag obair leis an mbean seo.”

D’oibrigh sí go dlúth leis an dearthóir fuaime Sinéad Diskin freisin. “Tá an fhuaim ana-thábhachtach domsa mar ealaíontóir agus chaith an bheirt againn uaireanta an chloig sa stiúideo ag iarraidh theacht ar theanga cheoil agus gluaiseachta nua.

“Feictear sin go mór sa chéad chuid den seó, an chuid a dtugaim ‘Sexy Sean Nós’ air,” a dúirt sí.

“Bíonn an dearthóir fuaime ar stáitse liom: déanann sise an meascadh ar fad beo ar an stáitse. Déantar taifead de mo chosa agus mé ag damhsa. Measctar an fhuaim ansin agus athraíonn sé ó rithim thraidisiúnta go ceol leictreonach.”

“Taispeánann sé cé chomh cosúil agus atá an dá rud ó thaobh rithime agus ó thaobh stíle de.”

“Tá rudaí suimiúla sa dara cuid den seó freisin. Glacaim páirt i gcomórtas a dtugaim Gameshow air.”

“Cuirtear cumadh chluiche ar an seit agus bíonn orm leibhéil éagsúla a bhaint amach. Tá an-spraoi agus greann ag baint leis,” a dúirt sí.

“Buíochas le Dia, bhí na dearthóirí is fearr ar domhain ag obair liom. Tá cúrsaí teicniúla an-láidir sa seó. Toisc go bhfuilim liom féin ar an stáitse, braithim go bhfuilim i gcomhrá leis na heilimintí atá thart timpeall orm.”

Cé air a bhfuil Minseach dírithe? “Is dócha gur do chuile dhuine é,” a deir sí.

“Ní gá go mbeadh tuairim ag daoine faoi chúrsaí damhsa, faoi chúrsaí amharclannaíochta nó aon rud mar sin! Tá mé ag iarraidh daoine a chur ar an eolas faoin damhsa ar an sean nós agus an meon atá agam ina leith.”

Braitheann Davitt go bhfuil athrú ag teacht ar mheon an phobail maidir leis an damhsa ar aon nós.

“Sílim go bhfuil muid ag breathnú ar an damhsa Gaelach ar bhealach éagsúil sa lá atá inniu ann,” a deir sí.

“Tá muid ag breathnú ar rudaí trí shúiIe comhaimseartha agus ag cur ceisteanna.”

“Uaireanta bíonn drogall ar dhaoine faoi - go háirithe daoine a deir ‘nach bhfuil aon rud ar eolas agam faoin damhsa’.

Sé an rud céanna é leis an nGaeilge nuair a deirtear ‘I don’t know if I could speak Irish.’ An rud a deirimse le daoine ná ‘Tá Gaeilge agat - tá i bhfad níos mó agat ná mar a cheapann tú! Tá an rud céanna fíor faoin damhsa – ní bhíonn drogall ar dhaoine cúpla steip a dhéanamh ag bainis,” a dúirt sí.

“An rud a bheinn ag súil leis agus daoine ag fágáil ná go mbeadh siad ag smaoineamh faoin ngaol atá acu leis an gcultúr. Sin rud an-mhór agus ana-fhealsúnach ach tá caoga nóiméid agam lené a dhéanamh ar an oíche!.”

Dar ndóigh, ní hé seo an chéad uair di an seó seo a léiriú.

“Tá sé éagsúil an babhta seo ach tá mé in ann a rá go bhfuilim bródúil as. Nuair a dhéanann tú an chéad uair é bíonn an brú sin ort – an bhfuil sé go maith? Ach fuair muid léirmheasanna maithe ón Fringe agus tá sé go hiontach anois go mbeidh deis agam é a roinnt le daoine,” a dúirt sí.

“Beidh an-chraic againn!”

Beidh Minseach le feiceáil an tseachtain seo i mBaile Átha Cliath ag an Project Arts Theatre i mBarra an Teampaill.

Breis eolais: projectartscentre.ie/event/minseach

· Sign up for push alerts and have the best news, analysis and comment delivered directly to your phone

· Find The Irish Times on WhatsApp and stay up to date

· Our In The News podcast is now published daily - Find the latest episode here

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.