Bronntanais na féile

Ba ghairid go raibh na páistí eile go léir ina thimpeall agus bronntanais á scaipeadh aige orthu

Tharla, áfach, ins na laethanta sin go ndeachaigh reacht amach ó Chaesar August go ndéanfaí áireamh ar an domhan go léir. Agus ghluais na daoine go léir chun go ndéanfaí iad a áireamh, gach aon duine ina chathair féin. Agus chuaigh na sluaite go léir ó Amairiá agus ó Seáron agus ó bhaill eile go cathair Dháibhí ar a dtugtar Bethlehem toisc gur de shliocht Dháibhí iad le sinsearacht, agus ba líonmhar a méid.

Agus tharla, mar sin, go raibh an baile plódaithe agus ag cur thar maoil ionas gur chuaigh sé de dhícheall mórán daoine bheith istigh a fháil nó áit chun luí. B’éigean do alán codladh lasmuigh nó i bpluaiseanna ar imeall an bhaile, nó i stábla nó iothlainn féin dá mbéarfaí crua orthu.

Bhuail an fear seo suas go dtí an teach ósta ab fhearr a bhí san áit agus d’iarr isteach.

‘Is amhlaidh go bhfuilimid lán cheana,’ arsa an t-óstóir, ‘nach bhfeiceann tú na daoine laistigh ag rancás agus ag ceiliúradh, ag ól is ag ibhe, ag caint is ag caitheamh díslí.’

READ MORE

‘Chuige sin atáim,’ arsa an fear, ‘ní codladh na hoíche atá uaim dáiríre ach tamall spóirt ina measc, aga spraoi agus pléiseam, sin an méid.’

‘Ceart go leor, mar sin,’ arsa an t-óstóir ó d’aithin sé gur dócha go raibh sparán teann ag an bhfear seo agus go mbeadh sé toilteanach airgead a scaipeadh chomh maith le cách.

Scaoileadh isteach é.

Tugadh faoi deara go raibh mála mór ar a dhroim lastuas den fheisteas dearg, mála ba sheacht mó ná an méid ba riachtanach chun taistil agus gluaiseachta.

Leag sé uaidh ar an urlár é nuair a d’éirigh leis spás a fháil dó féin. Chrom ar an mála a oscailt.

Thóg sé tamall ar a raibh istigh é a thabhairt faoi deara. Bhí amhrán ag dul i gcúinne amháin, bíodh nach raibh mórán ag éisteacht; óráid ar siúl i gcúinne eile agus í ag éirí teasaí; baicle ag gáire um a nglicis féin i gcúinne eile fós, fad is a bhí lár an urláir gafa ag páistí óga ag iarraidh folach bíog a imirt idir crann na gcos a bhí ina dtimpeall.

Tharla gur duine de na páistí sin a chonaic ar tús é. Bábóg bheag bhuí a raibh gruaig ina cuacha uirthi. Lig osna anála a chiúnódh an saol agus leath na súile uirthi.

‘Duitse é seo,’ arsa an cuairteoir isteach, ‘sea, tog leat é!’

Ba ghairid go raibh na páistí eile go léir ina thimpeall agus bronntanais á scaipeadh aige orthu, dealbh adhmaid don duine seo, crann tabhail ornáideach do dhuine eile, caisil dhaite do dhuine eile fós.

Agus tharla go raibh bianna blasta aige don slua, fígí anoir as an mBablóin, pomagránaití súmhara de shaghas nár blaiseadh riamh san áit seo, abhcóide chomh mór le huibheacha an fhéinics.

‘Hé! Hé'’ scairt an t-óstóir nuair a chonaic sé cad a bhí ar siúl, ‘níl cead aon díol ná ceannach laistigh den teach seo.!’

‘Ní haon díol ná ceannach é seo,’ arsa fear an mhála, ‘tá bronntanais á dtabhairt agam do na daoine seo, tá’s agat in ómós na féile.’

‘Cén fhéile?’ d’fhiafraigh an t-óstóir, ‘ní haon fhéile í seo, tá daonáireamh le tógáil, sin an méid.’

‘In ómós an linbh a saolaíodh anocht, a deir gur cheart dúinn a bheith fial agus flaithiúil agus carthanúil agus cuiditheach le chéile.’

‘Cén saghas amaidí buile í sin? A bheith fial agus flaithiúil! Dá leanfaí sin ní bheadh aon díol agus ceannach ann, ní bheadh aon mhargadh ann, ní bheadh aon ghnó ann, ní bheadh aon bhrabús ann. Thiocfadh deireadh leis an domhan! Cá bhfuil an leanbh seo ionas gur féidir linn é a mharú?’

  • Sign up for push alerts and have the best news, analysis and comment delivered directly to your phone
  • Find The Irish Times on WhatsApp and stay up to date
  • Our In The News podcast is now published daily – Find the latest episode here
Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar