‘Tá mé ag diúltú imeacht’

Brúghrúpa ‘Bánú' bunaithe le dul i mbun feachtasaíochta faoin ngéarchéim tithíochta

FOCLÓIR: Fisiteiripeoir – physiotherapist; slám – bunch; chinn uirthi - she failed; ar cíos – for rent; thar lear – abroad; iarratas morgáiste – mortgage application; veain – van.

‘Is cosúil gur cuma leo. Deir siad go bhfuil siad ag breathnú air ach níl siad ag déanamh tada faoi,” a dúirt Adhna Ní Bhraonáin, bean óg as Conamara, agus í ag caint le Tuarascáil faoin ngéarchéim tithíochta agus a laghad atá á dhéanamh ag an rialtas faoi na bacanna atá ar dhaoine óga lonnú sa Ghaeltacht.

D’fhill Ní Bhraonáin abhaile ar an Teach Mór in Indreabhán níos luaithe i mbliana, théis di trí bliana a chaitheamh ag obair sa Nua-Shéalainn agus dhá bhliain eile i dTasmáin na hAstráile.

Is fisiteiripeoir í, ach nuair a d’fhill sí ar an mbaile, áit a mbíonn géarghá i gcónaí le daoine ar féidir leo seirbhísí gairmiúla a sholáthar don phobal, i ngeall ar an ngéarchéim tithíochta, chinn uirthi lóistín a fháil.

READ MORE

“Bhí mé ag fanacht le mo chuid tuismitheoirí ach bhí slám Gaeilgeoirí ar an mbealach le haghaidh saoire an tsamhraidh agus ní raibh áit ar bith eile agam le lóistín a fháil,” a dúirt sí.

“Bhreathnaigh mé ar na suíomhanna idirlín ach ní raibh tada ar fáil ar cíos. Bhí na céadta tithe Airbnb ann ach ní raibh aon duine sásta áit a chur ar fáil ar chíos fhadtéarmach,” a dúirt sí.

Cé go raibh airgead sábháilte aici agus í ag obair thar lear, ní raibh stair oibre aici sa tír le roinnt blianta roimhe sin, rud a sheasfadh ina coinne ó thaobh iarratas morgáiste de.

Ar deireadh bhí uirthi leaba a shá isteach i veain a hathair agus cur fúithi ansin a fhad is a bhí Gaeilgeoirí ag fanacht i dteach a muintire.

Nuair a scríobh Adhna alt don suíomh tuairisc.ie fuair sí teachtaireachtaí ó dhaoine a bhí sa riocht céanna.

“Daoine iad cuid acu nár fhág riamh. B’fhéidir gur fhan siad sa cheantar leis na tuismitheoirí. Bhí daoine eile i measc lucht curtha na dteachtaireachtaí atá thar lear gan a bheith in ann a theacht abhaile. Gaeilgeoirí iad sin uilig a bhí ag iarraidh bheith sa Ghaeltacht ach nach raibh áit ar bith ann dóibh,” a dúirt sí.

“Dúirt mé liom féin, ní mise amháin atá ag streachailt leis an fhadhb seo.”

Socraíodh ar chruinniú a reáchtáil leis an ghéarchéim a phlé. Bhí Breanndán Ó Beaglaoich ina aoichainteoir agus ba as sin a d’eascair an brúghrúpa ar a dtugtar Bánú.

Tá sé mar aidhm le Bánú aird a tharraingt ar an ngéarchéim tithíochta agus dul i mbun stocaireachta ar pholaiteoirí agus ar na húdaráis.

Tá ceithre éileamh beartaithe. “Síleann muid féin go bhfuil siad sách réasúnach,” a dúirt Ní Bhraonáin.

“Is éard atá i gceist ná go mbeadh cúram curtha ar Údarás na Gaeltachta cúnamh praiticiúil a thabhairt maidir le soláthar tithíochta do chainteoirí Gaeilge sna ceantair Ghaeltachta.

“Tá ualach talún ag Údarás na Gaeltachta. Ba cheart go mbeidís in ann é sin a réiteach, cead pleanála a fháil agus seirbhísí séarachais agus uisce a chur ar fáil ar an talamh sin. Ansin bheidís in ann é a dhíol le muintir na Gaeltachta ar phraghas réasúnta,” a dúirt sí.

Ar cheann eile de na héilimh, tá sprioc go mbainfidh Údarás na Gaeltachta úsáid as na cumhachtaí tithíochta atá acu faoi Acht Tithíocht na Gaeltachta.

“Bhíodh deontais do thithíocht á dtabhairt amach do dhaoine a bhí ag tógáil tithe sa Ghaeltacht, ach stop siad á dhéanamh sin thart ar 20 bliain ó shin. Ach tá sé fós sa reachtaíocht,” a dúirt Ní Bhraonáin.

Tá éileamh eile ag Bánú go gceadófaí scéim chun go mbeadh sé tarraingteach do dhaoine a bhfuil tithe nó seomraí le ligean acu sa cheantar a chur ar fáil go fadtéarmach do dhaoine ar chainteoirí Gaeilge iad.

“Tá muid ag cuimhneamh ar chainteoirí Gaeilge go háirithe. Tuigim gur fadhb fhorleathan í seo ach tá muid ag caint ar theanga agus ar cheantar atá an-leochaileach agus atá i mbaol,” a dúirt Ní Bhraonáin.

“Tá an teanga i mbaol anseo agus tá muid dár dtachtadh - sin a dúirt Breanndán Ó Beaglaíoch. Chuir sé ar an gcaoi sin é. Tá an rialtas ag tachtadh na teanga agus gan a bheith ag tabhairt cúnamh ar bith do mhuintir na Gaeltachta.”

“Is cosúil gur cuma leo. Deir siad go bhfuil siad ag breathnú air ach níl siad ag déanamh tada faoi.”

“Tá muid ag fanacht ar an Aire Tithíochta \[Darragh O’Brien\] treoirlínte maidir le cúrsaí pleanála a fhoilsiú le os cionn dhá bhliain. Dúirt sé gur chuir sé go Roinn na Gaeltachta iad, dúirt Roinn na Gaeltachta nach bhfuil siad faighte acu. Sin seafóid i mo thuairimse.

“Níl a fhios agam ar drogall atá air, nó céard é féin. Níl a fhios agam,” a dúirt Ní Bhraonáin faoin mhoill.

“Teastaíonn na treoirlínte seo,” a dúirt sí.

“Má tá moltaí le déanamh, foilsigh na diabhal rudaí agus tabhair cead dúinn moltaí a chur leo le go ndéanfaidh siad difríocht.”

Cé go bhfuil go leor constaicí le sárú, tá dóchas ag Ní Bhraonáin faoin bhfeachtas.

“Dá dtuigfeá an meon a bhí ag daoine sa seomra ag an gcruinniú sin a d’eagraigh muid le Bánú, bhí sé chomh dearfach sin! Bhí an oiread sin dea-thoil ag teacht as fud fad na tíre agus na cruinne,” a dúirt sí.

“Mar a deir Breanndán Ó Beaglaoich - mhair an teanga faoi riail Shasana nuair nach raibh cead an Ghaeilge a labhairt, mhair an teanga nuair a tháinig an Gorta Mór, mhair an teanga nuair a d’imigh daoine ar imirce. Mhair an teanga. Cén fáth a bhí leis sin? Mar go raibh muid in ann fanacht inár bpobail sna ceantair chéanna.”

“Bhí daoine ag tógáil tithe timpeall ar thithe a muintire, bhí an garchlann ag fás aníos leis an seanmhuintir agus iad ag foghlaim Gaeilge bhreá uathusan, ach anois, tá an oiread rialacha ann go bhfuil muid scaipthe amach óna chéile.

“Agus nuair atá daoine ag teacht isteach ag ceannacht tithe saoire a bhíonn suite idir eadrainn uilig ní pobal ceart é sin mar go mbíonn na tithe folamh sa gheimhreadh agus sa samhradh bonn siad lán le Béarlóirí.”

“Tá an t-ádh ormsa go bhfuil mé in ann fanacht anseo. Tá daoine eile ann agus bheadh orthu imeacht. Nuair a thagann an samhradh, beidh mé amuigh sa veain arís.”

“Ach, tá mé ag diúltú imeacht.”


Nóta: D’fhógair Údarás na Gaeltachta ar an Aoine gur cheadaigh bord an Údaráis €250,000 in airgead caipitil ag cruinniú sna Forbacha i nGaeltacht Chonamara ar obair chomhairleoireachta agus ar thaighde i leith thithíocht a fhorbairt i gceantair Gaeltachta.

Tá súil leis go bhforbrófar múnla tithíochta inacmhainne do cheantair Gaeltachta ar fud na tíre mar thoradh ar an obair seo.

Táthar ag lorg léirithe spéise ó údaráis áitiúla, eagraíochta tithíochta agus eagraíochtaí ábhartha eile chun tabhairt faoi fhorbairt an mhúnla eiseamláireach seo don trí shuíomh aitheanta agus don gcomhthéacs Gaeltachta trí chéile.

Dúirt Cathaoirleach Údarás na Gaeltachta Mary Uí Chadhain: “luíonn beartas tithíochta Údarás na Gaeltachta go h-uile agus go h-iomlán le h-obair an Údaráis pobail inmharthana a fhorbairt ina bhfuil an Ghaeilge mar theanga cumarsáide laethúil ag na daoine. Tá cruachás tithíochta sa tír agus is cúis imní mhór é nach mbeidh an chéad ghlúin eile in ann teach a cheannach sa Ghaeltacht, bagairt shuntasach d’úsáid na teanga mar theanga pobail sna blianta amach romhainn.”

Sign up for push alerts and have the best news, analysis and comment delivered directly to your phone

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.