Téacs gaoise aistrithe go Gaeilge

Is beag eolas a bhí ag muintir na Gaeilge go dtí seo ar an Tirukkural, seoid mhór lucht labhartha na Tamailise.

Seoladh leagan Gaeilge den Tirukkural tráthnóna Dé Domhnaigh seo caite ag ócáid cheolmhar chairdiúil ghlórach Ghaelach thaitneamhach Thamalach i gColáiste na Tríonóide.

Is beag eolas a bhí ag muintir na Gaeilge go dtí seo ar an Tirukkural, seoid mhór lucht labhartha na Tamailise, ná go deimhin ar an Tamailis féin ná ar lucht a labhartha. Ach athróidh sé sin anois.

Labhraíonn os cionn 80 milliún duine i ndeisceart na hIndia Tamailis agus tá na mílte cainteoir Tamailise ina gcónaí in Éirinn. Díreach ar nós mhuintir na Gaeilge, teastaíonn ó mhuintir na Tamailise go mbeidh a dteanga agus a litríocht ag a bpáistí, agus is chuige sin a bunaíodh Acadamh Tamailise Éireann.

Bhí aisling ag Acadamh Tamailise Éireann: a seoid mhór, an Tirukkural, a roinnt le muintir na Gaeilge, agus bhí Roinn na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide in ann cabhrú leo lena n-aisling a fhíorú.

READ MORE

Cén duine ab fhearr le Gaeilge a chur ar an mórshaothar seo ná an file iomráiteach, Gabriel Rosenstock? Agus cén foilsitheoir ab fhearr ná Evertype leis an iomlán a chur ar fáil taobh le taobh sa dá theanga, i gcló álainn na Tamailise agus i nGaeilge bhinnbhriathrach Gabriel?

Téacs gaoise i bhfriotal fileata is ea an Tirukkural, a mhúineann na prionsabail eitice is gá le saol suáilceach fiúntach a chaitheamh.

An file Valluvar a chum, thart ar dhá mhíle bliain ó shin. Tá 1330 kural (leathrann seacht bhfocal) ann, eagraithe faoi na teidil Suáilce, Maoin agus Grá.

Tá comhairle ann faoi chuile ghné den saol. Seo blaiseadh beag dá bhfuil ann:

‘Saol amú é saol gan scrúdú.’

‘Ar aon chéim leis na déithe atá an té a bhfuil léamh beacht ar aigne daoine eile aige.’

‘An té nach dual dó dlúthchairdeas a bhriseadh, beidh gean ag a naimhde féin air.’

‘Compánach na mórgachta í an umhlaíocht; bíonn an suarachas ar maos san uabhar.’

D’fhreastail daoine ó chian is ó chóngar ar an seoladh Dé Domhnaigh. Tugadh cainteanna as Tamailis, as Gaeilge agus as Béarla.

D’fháiltigh Céad-Rúnaí Ambasáid na hIndia, an Dr Murugaraj, roimh fhoilsiú an leabhair, a bhfuil fírinne uilíoch ann don chine daonna uile, a dúirt sé.

I measc na gcainteoirí eile bhí Rajakumar Sambandam (Ceannasaí Acadamh Tamailise Éireann), an Dr S. Somasundaram (saineolaí ar an Tirukkural) agus an tOllamh Mícheál Ó Cróinín ó Lárionad Aistriúcháin Litríochta agus Cultúir Choláiste na Tríonóide.

Dúirt an Dr Eoin Mac Cárthaigh ó Roinn na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide, “Léirigh an ócáid álainn seo, mar a léiríonn an leabhar iontach seo, Éire ilteangach ilchultúrtha a thuigeann go gcuireann cultúir lena chéile.”

“Tá gá againn le gaois na laethanta seo, ar fud an domhain agus sa chathair seo féin, agus tá an leabhar seo lán le gaois. Mar a deir kural amháin: Mar pheitil shéimhe ag oscailt é an grá, mistéir nach dtuigeann a lán.”

Breis eolais: evertype.com/books/tirukkural-ga-ta.html

  • Sign up for push alerts and have the best news, analysis and comment delivered directly to your phone
  • Find The Irish Times on WhatsApp and stay up to date
  • Our In The News podcast is now published daily – Find the latest episode here