Bliain úr

Bliain ina gcuirfear rúin nua i bhfeidhm; bliain ina mbrisfear iad.

Is ea, tá bliain úr ag tosnú anois láithreach inniu. Bliain úr. Bliain fhriseáilte. Athbhliain fiú amháin.

Bliain ina gcuirfear rúin nua i bhfeidhm; bliain ina mbrisfear iad. Bliain ina ndéanfaidh tú duine nua díot féin; bliain nach mbeidh ionat ach an seantusa tú féin. Bliain ina ndéanfar pleananna, pleananna straitéiseacha go háirithe, agus pleananna gníomhaíochta chomh maith, pleananna spriocdhírithe a bhfuil cuspóirí rianaithe de réir dáta iontu; bliain ina gcuirfear gach plean díobh in airde ar sheilf i dteannta gach ceann eile.

Bliain ina dtabharfar aghaidh ar théamh na cruinne lán dáiríre agus píre píre, bliain ina bhfágfar an íle sa talamh, ina gceannófar gluaisteáin leictreacha as seo go dtí an taobh dorcha den ghealach, ina gcuirfear stop le broimneach na mbó, le plaistíciú na mara, le dumpáil dramhaíola, ina dtoghfar Páirtithe Glas soir siar agus bolas hólas; bliain ina mbeimid ag cur allais go fiú sna críocha ó thuaidh, ina n-ardóidh an mhuir agus ina slogfar talamh íseal, ina rithfear as ainmneacha a thabhairt ar gach stoirm, ina ndéanfaidh na soláthraithe breosla iontaise níos mó airgid ná riamh, ina bhfágfar slán ag cnoic oighir go brách agus nára maith acu.

Bliain ina mbeidh síocháin idir Iosrael agus na Palaistínigh, ina mbunófar dhá stát san aon fhearann amháin ar phrionsabail chothromaíochta agus caoinfhulaingte; ina mbuailfidh an Úcráin na Rúisigh ar ais go dtí na críocha féin agus go mbeidh na seanteorainneacha i bhfeidhm arís; bliain ina bhfanfaidh an dá arm ag slacairt a chéile ar son slaite talún thall is abhus, ina súfar níos mó fear agus ban óg isteach san ár, ina rithfear rúin nach rithfidh áit ar bith gan cosa d’aon sórt a bheith fúthu, bliain ina scuabfar fuíoll pobail Gaza isteach san fharraige agus go ndéanfar daonghlanadh ar fad ar an mBruach Thiar.

READ MORE

Bliain ina dtiocfaidh cúpla duine neamhuisciúil chun cinn i Fianna Fáil d’fhonn a gceannaire atá ag iarraidh sinn a shleamhnú go slítheánta isteach i gcomhghuaillíocht mhíleata (éigin) a chur de dhroim seoil agus seasamh ar chlár ar bith den tsaghas a bhíodh ag an bpáirtí nuair a bhíodh prionsabail acu fadó ionas nach slogfar isteach go hiomlán i Fine Gael iad; ina scuabfaidh Sinn Féin isteach sa rialtas san olltoghchán nach foláir dó teacht agus go réiteoidh siad fadhbanna tithíochta, sláinte, inimirce agus brí na beatha le buille dá slaitín draíochta laistigh de shé mhí; bliain go leanfaidh an comhrialtas ar aghaidh go tuisleach ag baint le seo agus ag cur le siúd, ag starragánacht ó chruachor go géarchéim agus ar ais ag coinneáil greim daingean ar na suíocháin luachmhara sin ar eagla a n-imeachta, agus ina leanfaidh an freasúra ag amhastrach agus ag tafann agus ag búireach gach caoi dá bhfaigheann.

Bliain ina ndéarfaidh an DUP sea!; bliain ina ndéarfaidh an DUP, ní ghéillfear orlach!

Bliain ina leanfaidh glóir-réim iomána Luimnigh agus go mbainfidh siad cúig chraobh Éireann as a chéile, rud nár éirigh le Corcaigh ná le Cill Chainnigh a dhéanamh nuair a bhíodar ina sea, agus ina mbeidh Baile Átha Cliath agus Ciarraí, Baile Átha Cliath is Ciarraí, Baile Átha Cliath is Ciarraí á bhféachaint le chéile arís sa phéil don bhfichiú bliain gan stad, ar a laghad; bliain ina dtiocfaidh na luchóga dorcha amach as a gcuid poll, go dtuirlingeoidh Aontroim aduaidh le foireann óg de laochra ardscilúil fuinseoige agus go bplancfaidh siad gach a dtagann a dtreo aniar, anoir nó aneas; bliain ina gcomhlíonfaidh Ceatharlach an gheallúint a bhí fúthu fadó san 19ú haois agus go bhfeicfear na geansaithe bogha báistí-dhaite sin i bPáirc an Chrócaigh ar an lá mór.

Bliain ina bhfeicfidh tú na míorúiltí áille os comhair do dhá shúl; bliain inarbh fhearr fanacht sa súsa.

  • Sign up for push alerts and have the best news, analysis and comment delivered directly to your phone
  • Find The Irish Times on WhatsApp and stay up to date
  • Our In The News podcast is now published daily – Find the latest episode here
Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar