Bóthar na Bruíne: taiscumar na gcuimhní

Faoin am go raibh mé i lár na ndéaga, ba mhinic a thug mé féin agus mo chara Pól cuairt ar na taiscumair

Foclóir: Taiscumar: reservoir; uisce inólta - drinking water; cúinse neamhghnách – unusual circumstance; iascaire abhann - freshwater fisherman; ag flaidireacht - fly-fishing; fánaí faoi scileacha - scree slopes; i bpriacal - dubious/at risk; meon ainrialta - anarchic attitude; giorta diallaite - saddle girth; chun scaoill - bolted.

De réir na bhfinscéalta tagann an t-ainm Bóthar na Bruíne i nGleann na Smól ón áit a raibh bruíon Da Dearga chlúiteach lonnaithe mar ar chuir Conaire de a naimhde sula bhfuair sé féin bás den tart doshásaithe. Anseo tá an dá thaiscumar a tógadh sa bhliain 1887 nuair a críochnaíodh iad chun uisce inólta a sholáthar do cheantar Ráth Maoinis Bhaile Átha Cliath, mar aon le mórchuid muilte ar Abhainn na Dothra.

Tá cuimhne ghlinn agam ar an gceantar álainn seo ón uair a thug mé cuairt air agus mé i mo pháiste óg. Bhí m’athair tar éis gluaisrothar nua a cheannach, Villiers Ambassador a bhí ann, agus ó tharla go raibh an ceantar i leataobh ón mbóthar mór, d’éirigh leis tiomáint ar chúlbhealach tríd. Bhí mo mháthair, mo dheartháir, mo dheirfiúr agus mé féin go léir brúite le chéile ar dhroim an ghluaisrothair. Ar ndóigh, thiomáin sé go mall ach b’é an cúinse neamhghnách sa cheantar álainn seo a rinne buan an chuimhne fad mo shaoil.

Níos déanaí, nuair a bhí mé timpeall dhá bhliain déag d’aois, agus ar tí scrúdú na scoláireachta a dhéanamh, d’eagraigh Cumann Áitritheoirí Bhaile Bhailcín siúlóid do na páistí áitiúla, Domhnach na Cásca. Shiúlamar ar chiumhais na dtaiscumair amach chun ár dtinte campa a lasadh agus chun ispíní agus slisíní bagúin blasta a chócaráil amuigh faoin spéir. Is maith is cuimhin liom fós mo chairde scoile ag cur ceisteanna staire orainn agus sinn ag ullmhú don scrúdú scoláireachta a bhí le teacht agus muid ag siúl ar bhruach an locha faoi sholas ghrian an Aibreáin.

READ MORE

Faoin am go raibh mé i lár na ndéaga, ba mhinic a thug mé féin agus mo chara Pól cuairt ar na taiscumair, mar b’iascaire abhann den scoth é. Rothaímis ann i rith na laethanta saoire ach, fiú mura mbíodh sé ag flaidireacht, théimis sall thar an sruthán agus, ag baint úsáide as téad, dhreapaimis suas na fánaí faoi scileacha i measc na gcrann, ar an taobh eile den ghleann.

Taca an ama seo nuair a bhí mé ag siúl amach le cailíní, chreid mé go ndéanfadh sé imprisean níos fearr orthu dá dtabharfainn ag siúl iad in áiteanna fíor áille ar nós Bhóthar na Bruíne in ionad dul go dtí an phictiúrlann áitiúil amháin. Thug sé caoi dom freisin dul i gcion orthu ag aithris línte de ghlanmheabhair as Yeats agus Wordsworth nó ag tabhairt faoi líne nó dhó de mo chuid dánta féin a aithris – an loch agus an sliabh mar chúlra againn. Bhí roinnt de na cailíní an-tógtha leis an tseift seo; dúirt cailíní eile go raibh sé ag éirí fuar agus go raibh siad dubh dóite le leadrán!

Sa chúigiú bliain dúinn, d’éirigh liom féin agus le mo chara ranga Breandán, Honda 50 Cub an duine a cheannach trína bheith ag obair go páirt-aimseartha. Cheannaigh seisean gluaisrothar úrnua ach b’éigean domsa ceann athláimhe a cheannach. Theip glan ar an staidéar ón bpointe sin amach fad a bhaineamar taitneamh as saoirse nár shamhlaíomar riamh roimhe sin. B’éasca dúinn an lá a chaitheamh faoin tor maidin Shathairn agus Honda Cub an duine againn, agus b’é an ceann scríbe ba rialta a bhaineamar amach ná Gleann na Smól. Thuas ar shleasa Bhaile Mhór Fhinn fad a chuaigh innill na ngluaisrothar i bhfuaire, stánaimis síos ar an dá thaiscumar, iad ag glioscarnach faoi sholas na gréine agus labhraímis faoin ár dtodhchaí, cé go raibh sé i bpriacal ag an am sin agus an meon ainrialta a bhí againn beirt i dtaobh scoile agus staidéir. In ainneoin sin, taibhsíodh dúinn go raibh suaimhneas agus uaigneas ar leith le braistint na maidineacha úd agus muid ag féachaint anuas ar na taiscumair.

Chuaigh mo chara Pól thar lear go Ceanada agus d’éirigh thar barr leis nuair a bhunaigh sé comhlacht caipitil fiontair. Maraíodh a mhac ba shine go tubaisteach nuair a leag tiománaí ólta é agus, níos déanaí, bhris ar a shláinte féin nuair a bhuail stróc é. In ainneoin sin filleann sé go hÉirinn chomh minic agus is féidir agus siúlaimid le chéile ar bhealaí Bhóthar na Bruíne ag dul siar ar bhóithrín na smaointe agus ag caint faoi na gaiscí a rinneamar gan dua sna déaga dúinn, gaiscí atá dodhéanta anois.

Ba é Gleann na Smól (nó an gleann ina mbíodh na smólaigh) an gleann beag ina chonaic Oisín na fir ag iarraidh an chloch mhór a ardú. Chrom sé síos ó dhiallait a chapaill Embarr chun cabhrú leo ach bhris an giorta diallaite agus thit sé ar an talamh. Ar an bpointe rinneadh seanduine trí chéad bliain d’aois de agus d’imigh an capall chun scaoill air ar ais go Tír na nÓg. Thóg Pádraig Naofa faoina choimirce ansin é agus sa chaoi seo a tharla Agallamh na Seanórach. I leaganacha áirithe den scéal ghlac Oisín leis an gCríostaíocht; i leaganacha eile fuair sé bás gan ghlacadh.

Is áit draíochta é Bóthar na Bruíne dar liomsa: coinníonn an dá thaiscumair ní hamháin uisce ach cuimhní pearsanta agus pobail. Siúlaim na bealaí sin fós fiú agus mé i mo sheanóir; an Fitbit ag áireamh mo chéimeanna, ach mé ag tabhairt faoi deara áilleacht na háite mórthimpeall orm atá gan athrú le breis is trí scór bliain.


* Ba mhaith le Tuarascáil buíochas a ghabháil lenár léitheoirí dílse uilig agus athbhliain faoi mhaise a ghuí ar chách.

  • Sign up for push alerts and have the best news, analysis and comment delivered directly to your phone
  • Find The Irish Times on WhatsApp and stay up to date
  • Our In The News podcast is now published daily – Find the latest episode here