An Stábla

Bhí fear ina sheasamh le hais an stábla agus é ag gol.

Turas fada a bhí ag lán an triúir acu cé nár thosaigh siad san áit chéanna. Lean siad araon an réalta a shoilsigh an tslí. B’ait leo é a bheith os a gcomhair amach go fiú i rith an lae, más go fann féin a bhí i gcomórtas le gile na gréine. B’é ba dheacra nuair a chuaigh sí faoi scamall, ach b’fhánach iad na scamaill ar a dtaisteal dóibh. Níorbh fhada a mhaireadh, agus bhíodh ansin ag lonradh na slí arís nuair a scaipeadh an néal.

B’é an lá a stop sí a bhain geit astu. Bhí sí ag gluaiseacht ar aon chomhchéim leis na camaill, agus gan choinne bhí ina stad. Mar a bheadh camall féin a raibh stailc air. D’fhéach siad timpeall san áit a raibh siad.

An baile tamall uathu ina luí ansin ar a ghogaide sa talamh. Sceacha agus toim de gach leith, ach tada eile. Seachas an smionagar luaithrigh. B’ionadh leo nár thuig siad faoi deara é i dtosach, mar bhí duala agus cuacha beaga deataigh ag éirí aníos as. Agus boladh láidir, leis, boladh adhmaid dhóite agus feoil rósta. Ba mheasa ná sin ná gur dhírigh an réalta ga aonair solais cruinn díreach isteach ina lár.

Scanradh orthu ar eagla go mbeadh aon duine laistigh. Faoiseamh orthu nuair nach bhfaca siad aon duine, cé go raibh conablach ba ina shleasluí, a chuid feola loiscthe dubhrua.

READ MORE

Bhí fear ina sheasamh le hais an stábla agus é ag gol. Labhair siad leis: ‘Cad tá ort, a dhuine uasail, anseo leat féin ag féachaint ar an láthair scriosta seo?

‘Thug mé foláireamh dóibh,’ ar seisean, agus na deora fós leis, ‘thug mé foláireamh dóibh nach mbeadh fáilte rompu.’

‘Cé iad seo?’ d’fhiafraigh Caspar, óir chuir focail an fhir mearbhall air.

‘An fear agus an bhean,’ ar seisean, ‘an bhean sin a bhí trom le leanbh, dúirt mé leo go raibh daoine anseo nár theastaigh a leithéidíne uathu, ach níor chreid siad mé. Níor tugadh cead dóibh fanacht sa bhaile. Leithscéal éigin go raibh an áit lán. Go gcuirfeadh siad brú ar sheirbhísí. Go raibh mná cabhracha ag teastáil uathu féin gan aon duine ón taobh amuigh a bhac. Caitheadh amach don stábla seo iad, agus féach ar tharla. É dóite go talamh.’

‘Ach cad ina thaobh nach mbeadh fáilte rompu?’ Baltazár a labhair.

Stop an fear agus stán sé air. ‘Ar chúis ar bith a rithfeadh leo nach mbainfeadh le fáilte. Ní bheadh aon seans agatsa! Féach ar dhath do chraicinn. Tú nach mór chomh dorcha le seithe na ba sin istigh.’

‘Ach,’ arsa Meilcíór, agus alltacht air. ‘Táimidne anseo chun gairdeachais a dhéanamh, chun bronntanas a scaipeadh, chun aoibhnis a chomóradh, chun maitheasa don phobal.’

‘Ná bí buartha,’ arsa an fear le seanbhlas, ‘muileann leithscéalta is ea an baile sin thall. Beidh leithscéal acu chun sibhse a dhíbirt chomh maith.’

‘Agus cad d’imigh orthu, an fear is an bhean? Ar éirigh leo éalú roimh ré…’

Bhí an chuma ar an bhfear nach raibh sé ag éisteacht. ‘Agus bhínn ag rá leo, le daoscar na tine, go raibh a muintir féin ar deoraíocht san Éigipt, sa Bhablóin, gur cheart caitheamh le daoine eile mar ba mhaith leo go gcaithfí leo féin dá mbéarfaí dian orthu mar a tharla dúinne’, agus ansin ‘…ach anois ós rud é gur fhiafraigh tú, cloisim gur saolaíodh leanbh sa díog ar an mbóthar ó thuaidh. Is é scread an linbh sin a thagann idir mé agus codladh na hoíche, uaill uaigneach na naíonán agus a muintir ar fad, lóg léanmhar na leanbhán agus a dteaghlach atá dúnta amach ag sotal an chompoird feadh is atá slua an daoscar fhola ina bhfaolchoin ag sclamhairt ina dtimpeall.’

  • Sign up for push alerts and have the best news, analysis and comment delivered directly to your phone
  • Find The Irish Times on WhatsApp and stay up to date
  • Our In The News podcast is now published daily – Find the latest episode here
Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar