An fhírinne gharbh

Níor mhaith leis na húdaráis chéanna gach ar scríobh an t-iriseoir John Pilger a bhásaigh le déanaí.

Tá glúin áirithe ar cuimhin leo go binn cén áit a rabhadar nuair a chuala siad scéal dhúnmharú JF Kennedy ag lámha Lee Harvey Oswald nó an CIA nó Castro nó an Mafia nó líon isteach na bearnaí. Glúin eile fós ar marc dóibh an ball inar airigh siad nó ina bhfaca siad 9/11. Ar éigean an mhúscailt mheabhrach chéanna a bheith ag baint le dúnmharú Veronica Guerin in aigne daoine agus í ina stad ag na soilse tráchta ina gluaisteán, ach chuir an eachtra sin cor mór i saol na troda i gcoinne na mbuíonta a bhí i mbun reic drugaí agus an choiriúlacht a bhí ina leadáin ina dtimpeall.

Iarmhairt eile an uafáis sin ba ea an léiriú follasach a bhain le hiriseoirí macánta dána cróga a chuir a mbeatha i mbaol ar son an eolais agus na faisnéise, rud nach leomhfadh an chuid eile againn a bhíonn ag spalpadh linn a dhéanamh. Áirítear gur 79 iriseoir atá marbh in Gaza ó thosnaigh an timthriall cogaidh is déanaí, a bhformhór, ceaptar, d’aon ghnó. Léiriú follasach an méid sin féin is ea nach mian leis na húdaráis go nochtfaí an fhírinne gharbh.

Níor mhaith leis na húdaráis chéanna gach ar scríobh an t-iriseoir John Pilger a bhásaigh le déanaí. Bhí sé ar dhuine de na tráchtairí ba ghléine, ba ghéire is ba mhacánta ar leagan amach na cumhachta ar fud an domhain, guth nach mór aonair ag glaoch sa bhfásach nárbh fhéidir neamhaird a dhéanamh ann toisc an oiread sin gradam iriseoireachta a bheith bainte amach aige, ina measc siúd Iriseoir na Bliana faoi dhó sa Bhreatain, móide Tuairisceoir Idirnáisiúnta na Bliana, fara gradaim Emmy agus Bafta agus eile. Dá éagmais sin ba chun a leasa gur fhoilsigh sé oiread dá chuid taighde agus áitimh i bhfoirm scannánaíochta sa saol seo ina bhfuil col le dua na leabhar agus le duainéis na léitheoireachta níos sia ná aon leathanach amháin.

Níor thuigeas a chirte is a bhí sé go dtí gur léigh mé an rabharta binbe agus fuatha a breacadh ina thaobh nuair a d’éag sé. Ó dhaoine a sheas go láidir ar son an impiriúlachais agus na héagothroime agus na bpiardaí móra ina bpáláis ba ea iad siúd a scaip an spíd agus an ghangaid, dearbhú má bhí sé uait nach foláir nó bhí cás láidir aige.

READ MORE

B’fhéidir gur dhein sé botún thall is abhus, cén duine nach sciorrfadh a dhein breis agus leathchéad scannán faisnéise, agus a scríobh aon leabhar déag éagsúla ar ábhair a bhain leis an domhan mór fairsing a cheileann a chuir rúndiamhracha go daingean? Muna bhfuair, abraimis, milliún seachas leathmhilliún bás san ionradh a dhein an Indinéis ar Thíomór Thoir le beannacht na Stát Aontaithe, nárbh é uafás agus uamhan na heachtra an scéal ba thábhachtaí?

Scríobh sé uair amháin gurb í is iriseoireacht oibiachtúil ann, iriseoireacht nach ea amháin a mbíonn na fíricí cruinn ceart aici, ach a bhfuil brí agus ciall na bhfíricí sin cruinn ceart aici, leis. Níor leor leis gur tharla seo, agus ansin tharla siúd, agus ansin rud eile fós gan an craiceann mór ramhar amscaí a bhí timpeall ar aon eachtra ar bith a cheistiú.

Scríobh sé faoin domhan mór mar a ritheann, agus níor chloígh leis na háiteanna sin amháin ar féidir a bheith ag scriobláil fúthu gan bhogadh amach, ar nós mar a dhéanadh tráchtairí áirithe san Óstán Europa i mBéal Feirste.

Níl aon duine ag iarraidh ar iriseoirí go gcuirfeadh siad a mbeatha i mbaol, ach táthar ag súil go mbainfeadh siad an screamh den insint oifigiúil a snámhann ar bharra uisciúil an lae agus an fhírinne gharbh laistíos a nochtadh. Mar a dhein John Pilger.

  • Sign up for push alerts and have the best news, analysis and comment delivered directly to your phone
  • Find The Irish Times on WhatsApp and stay up to date
  • Our In The News podcast is now published daily – Find the latest episode here
Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar