‘Is seoid mhór í an Taibhdhearc i gcoróin na Gaillimhe’

Amharclann Náisiúnta na Gaeilge ag iarraidh cur lena bord stiúrthóirí agus iarratas déanta ar son bhreis maoinithe

Foclóir: Caithréim - triumph; éad - jealousy; i gcéin is i gcóngar - near and far; amharclann - theatre; coróin - crown; aisteoirí - actors; dóiteán - fire; maoirseacht - supervision; comhpháirtíocht cheannródaíoch - pioneering partnership.

Caithréim, tragóid, éad agus grá. Ó Chekhov go Molière agus ó Tolstoy go Wilde, is iomaí dráma dá gcuid a rinne scagadh ar théamaí móra an tsaoil in amharclanna i gcéin is i gcóngar.

Ach tá a scéal féin le hinsint ag gach amharclann agus maidir leis An Taibhdhearc i gcroílár chathair na Gaillimhe, ba le léiriú den scéal ársa Fódlach, Diarmuid agus Gráinne faoi stiúir Mhíchíl Mhic Liammóir, a cuireadh tús le scéal Amharclann Náisiúnta na Gaeilge in 1928.

Agus, mar a bhí ag cuid mhór de na drámaí agus na scéalta a léiríodh ar stáitse na hamharclainne sin ó 1928 i leith, bhí gach casadh agus lúb i scéal An Taibhdhearc féin ó shin.

READ MORE

“Is seoid mhór í an Taibhdhearc i gcoróin na Gaillimhe,” a dúirt an Dr Siobhán Nic Fhlannchadha, cathaoirleach ar Bhord Stiúrthóirí An Taibhdhearc.

“Sílim go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach don tír go bhfuil Amharclann Náisiúnta na Gaeilge againn. Tá sé thar a bheith tábhachtach d’thíortha ina bhfuil teangacha mionlaigh fós beo gur féidir leo a rá go bhfuil amharclann náisiúnta acu ina dteanga féin,” a dúirt sí.

“Agus tá sé fíorthábhachtach freisin go mbeadh amharclann ann inar féidir le haisteoirí a gceird a chleachtadh trí Ghaeilge.”

“Smaoiníonn tú ar dhaoine ar nós Siobhán McKenna, ar tógadh sa Taibhdhearc iad, agus ansin a chuaigh ar aghaidh agus a bhain cáil idirnáisiúnta amach,” a dúirt sí.

“Táim ag caint freisin ar leithéidí Mick Lally agus Bhríd Ní Neachtain agus ar an dream nár bhain an cháil sin amach ach a bhain an-tairbhe as an am a chaith siad ar an stáitse.”

I measc mór-réaltaí eile na hamharclainne, idir stiúrthóirí agus aisteoirí, bhí Mícheál Mac Liammóir, Uaitéar Ó Maicín (Walter Macken), Maelíosa Stafford, Peadar Lamb agus daoine eile nach iad.

Bhí nasc láidir i gcónaí ag An Taibhdhearc leis an bpobal agus tá cuimhne óna hóige ag Nic Fhlannchadha ar bhusanna ag tabhairt daoine isteach go Gaillimh chun oícheanta siamsaíochta a chaitheamh san áras ar Shráid Láir na cathrach.

“Chaith mé féin cúpla bliain mar chuid d’amharclann óige sa Taibhdhearc agus bhí an-tionchar aige sin ar mo shaolsa,” a dúirt Nic Fhlannchadha.

“Fanann sé le daoine. Fanann sé sa chuimhne ar bhealach an-láidir, agus is dóigh liom go bhfuil sé sin ar cheann de na príomh láidreachtaí a bhaineann leis an Taibhdhearc – an nasc sin a chruthaítear le daoine ar an leibhéal pearsanta.”

Dúnadh An Taibhdhearc in 2007 nuair a loit dóiteán cuid mhór den áras. Ach, le cabhair Roinn na Gaeltachta agus Comhairle Contae na Gaillimhe, caitheadh ¤1m chun caoi a chur air agus osclaíodh na doirse arís in 2012.

Diomaite den chabhair sin, dúradh i gcónaí gur chuir easpa maoinithe laincis ar an Taibhdhearc, ach tá súil leis anois go dtiocfaidh athrú ar an scéal sin sár i bhfad.

Pátrúnacht

Tráth dá raibh ba nós le taoisigh na nGael dul in urraíocht ar fhilí a fhad agus gur ag moladh éachtaí an taoisigh agus a mhuintire nó ag cumadh aortha ar a namhaid a bhíodar.

Sa lá atá inniu ann dar ndóigh, is ar phátrúnacht Stáit a bhítear ag brath chun dámh na hamharclannaíochta a chur chun cinn.

Ach mar a tharlaíonn go rómhinic, tá míréir idir an méid a chuirtear ar fáil d’amharclannaíocht na Gaeilge agus maoiniú amharclannaíochta an Bhéarla.

“Tá an maoiniú ar cheann de na dúshláin is mó dá bhfuil ann,” a dúirt Nic Fhlannchadha.

“Ní hé go bhfuil mé ag rá dá bhfhaigheadh muid €10m amárach go socródh sé sin chuile rud.”

“Ach nuair a bhreathnaíonn tú ar an gcomparáid - tá €320,000 de mhaoiniú á fháil ag Amharclann Náisiúnta na Gaeilge ón Roinn i gcomparáid leis an €7.5-€8 milliún a fhaigheann Amharclann na Mainistreach in aghaidh na bliana.”

“Dar ndóigh tá difríochtaí idir an dá institiúid ach má bhreathnaíonn tú air, táimid ag fáil thart ar 3 faoin gcéad nó mar sin de mhaoiniú Amharclann na Mainistreach,” a dúirt sí.

Tá iarratas curtha faoi bhráid na n-údarás anois chun maoiniú breise a fháil sula gcuirfear tús le pleanáil do chomóradh céad bliain An Taibhdhearc in 2028.

Ach chun cuspóir a shroicheadh, is gá beart a chur i gcrích agus fógraíodh cur chuige nua san Taibhdhearc in 2021 nuair a ghlac an comhlacht drámaíochta Fíbín freagracht as stiúir na hamharclainne ar feadh tréimhse trí bliana.

“Is comhpháirtíocht cheannródaíoch é seo,” a dúirt Nic Fhlannchadha.

Deis nach beag a bhí ann freisin tabhairt faoin ngéarchéim airgeadais.

“An plean a bhí ann i gcónaí ná go n-úsáidfí an t-am ar mhaithe le feachtasaíocht chun maoiniú breise a fháil,” a dúirt Nic Fhlannchadha.

“Tá súil againn faoi dheireadh na bliana seo agus faoin am go mbeidh an chomhpháirtíocht Fíbín sa Taibhdhearc críochnaithe, go mbeidh muid théis dul chun cinn a dhéanamh maidir le maoiniú breise a fháil,” a dúirt sí.

Dúirt Nic Fhlannchadha go bhfuil “a lán dul chun cinn maith” déanta leis an Roinn. “Tá muid tar éis cluas éisteachta fhabhrach a fháil ó na hoifigigh. Tá siad tar éis an-chuid tacaíochta a thabhairt, rud atáimid thar a bheith buíoch as, ach beidh le feiceáil anois,” a dúirt sí.

Cé gur fhógair Amharclann na Mainistreach an tseachtain seo caite go bhfuil sé i gceist an dráma Na Peirsigh a léiriú i nGaeilge an mhí seo chugainn, ní minic a léirítear drámaíocht i nGaeilge sa phríomhchathair, i gCorcaigh nó i mBéal Feirste.

Cuireann na dúshláin airgeadais bac ar fhoireann drámaíochta An Taibhdhearc go leor a dhéanamh.

“Ní féidir sin a shéanadh,” a dúirt Nic Fhlannchadha.

“Le maoiniú ag leibhéal mar seo, is ar éigean gur féidir linn foireann de thriúr a fhostú,” a dúirt sí.

“Táimid ag iarraidh go mbeidh foireann láidir phroifisiúnta againn. Ní féidir linn leanúint ar aghaidh ag an leibhéal a bhfuilimid agus a bheith ag súil gur féidir linn bheith in iomaíocht leis na hamharclanna móra. Nuair atáimid ar thóir infheistíochta, nílimid ag caint ar €7.5 milliún, táimid ag caint ar dhá mhilliúin nó mar sin,” a dúirt sí.

Má cheadaítear an t-airgead, d’fhéadfadh go léireofar cúig mhórshaothar in aghaidh na bliana. “Bheadh an méid a d’fhéadfaimis a dhéanamh le suim mar sin dochreidte don amharclann, do Ghaillimh agus don tír,” a dúirt Nic Fhlannchadha.

Ach i dtosach báire, caithfear cur le bord deonach stiúrthóirí na hamharclainne agus tá tús curtha le próiseas earcaíochta chun é sin a dhéanamh.

Tá gá le cisteoir, ról a dúirt Nic Fhlannchadha atá “thar a bheith tábhachtach,” agus tá ionad ann freisin do dhuine nó beirt eile a mbeadh scileanna margaíochta, cumarsáide, forbairt gnó, nó sa dlí acu. “Agus muid ag iarraidh an amharcalann a fhorbairt, chabhródh scileanna forbairt gnó go mór. Tá scileanna láidir ealaíona againn ar an mbord ach tuigeann muid go gcabhraíonn sé tuiscint gnó a bheith ann freisin,” a dúirt sí.

“Ach fós féin, ní hé sin an cúlra atá agamsa. Is cúlra siceolaíochta agus taighde atá agam féin agus roghnaíodh mise le teacht ar an mbord tar éis cur chuige mar seo freisin.”

“Ní bheidh muid srianta inár bhfís agus muid ag breathnú ar na hiarratais. Daoine a thuigfeadh na deiseanna agus féidearthachtaí atá uainn,” a dúirt sí.

* Cuirtear iarratas agus litir chumhdaigh chuig siobhan@antaibhdhearc.com

Sign up for push alerts and have the best news, analysis and comment delivered directly to your phone

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.