Comhdháil i ‘gCathair na Gaeilge’

Comhchoiste na Gaeilge ag casadh le hionadaíthe de chuid Gaillimh na Gaeilge le linn Sheachtain na Gaeilge

Beidh fáilte roimh an bpobal freastal ar dhá chruinniú de chuid Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge i gcathair na Gaillimhe ar an Aoine.

Beidh ionadaithe ón eagras Gaillimh le Gaeilge agus ó eagrais eile Ghaeilge i láthair ag an chéad chruinniú.

‘Cathair na Gaillimhe, Cathair na Gaeilge: conas an chathair a fhorbairt, agus naisc a chruthú idir an chathair agus ceantair Ghaeltachta an chontae’ a phléifear mar théama an chruinnithe. Reáchtálfar é in Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, idir 10am agus 12pm.

Beidh sé ar an gcéad chruinniú den chomhchoiste a thionólfar lasmuigh de Theach Laighean go dtí seo.

READ MORE

San iarnóin, óna 2-5pm, reáchtálfar cruinniú eile san Áras den teideal ‘Geilleagar na Gaeltachta – Conas Mionchomhlachtaí a Fhorbairt i gCeantair Thuaithe’.

Ar an bpainéal díospóireachta beidh Sonia Nic Giolla Easbuig (Ligid Léiriúcháin Teo); Cathy Ní Ghoill (Comhlacas na gComharchumann & Comhlachtaí Pobalbhunaithe); Tomás Ó Síocháin (Údarás na Gaeltachta) Frainc Mac Cionnaith (Glór na nGael); agus an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh (cathaoirleach an chomhchoiste).

“Deis iontach is ea an chomhdháil seo ina mbeidh an Comhchoiste in ann tuairimí phobal na Gaeltachta ar fad a chloisteáil ó gach cearn den tír,” a dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh.

“Beidh ionadaithe i láthair thar ceann na gcomharchumann, na gTeiceanna agus na Bailte Seirbhísí Gaeltachta mar aon leis na hOifigigh Phleanála Teanga. Táimid ag súil go mbeidh díospóireacht fhuinniúil, fiúntach, tairbheach agus taitneamhach ann agus ár mbeirt éascaitheoir i mbun oibre linn: Gormfhlaith Ní Thuairisg agus Páidí Ó Lionáird.”

Déanfar taifead closamhairc ar an gComhdháil agus craolfar í ar Oireachtas TV.