Ceist na hinscne i léann na Gaeilge

Déanfar ceiliúradh ar scoláireacht na mban ag comhdháil lae i gColáiste na Tríonóide

Fad is a bheidh muintir na hÉireann ag vótáil ar áit na mban sa bhaile agus sa tsochaí ar an 8ú lá de Mhárta, beidh mná acadúla na tíre ag roinnt eolais i gColáiste na Tríonóide ar ról na mban i léann na Gaeilge ag staideanna éagsúla sa stair agus sa réamh-stair.

Ceiliúradh ar Scoláireacht na mBan agus ar Cheist na hInscne i Léann na Gaeilge atá mar theideal ar an imeacht lae seo.

Reáchtálfar an chomhdháil i Mol an tSeomra Fhada agus is í an Dr Deirdre Nic Cárthaigh, Roinn na Gaeilge atá á heagrú.

D’inis an Dr Nic Cárthaigh do Thuarascáil faoina bhfuil beartaithe.

READ MORE

“Bheartaíomar an chomhdháil seo a eagrú le ceiliúradh a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta ag mná sa saol acadúil le blianta beaga anuas i réimsí éagsúla de léann na Gaeilge, ó thréimhse na Luath-Ghaeilge go tréimhse na Nua-Ghaeilge Comhaimseartha,” a dúirt sí.

“Cé gur ábhar mór dóchais go bhfuil an oiread sin ban ag obair ar ghnéithe éagsúla de theanga agus de litríocht na Gaeilge ag an tríú leibhéal sa lá atá inniu ann, níl ionannas iomlán bainte amach go fóill, agus shíleamar gurbh fhiú aitheantas agus ardán a thabhairt don taighde atá idir lámha ag mná, agus don obair atá ar siúl acu ar cheist na hinscne go háirithe,” a dúirt Nic Cárthaigh.

I measc na gcainteoirí beidh: Tríona Ní Shíocháin (Beochaint agus Ardréim: saothar Chaitilín Dubh agus oidhreacht bhanfhilí na Gaelainne); Máirín Ní Dhonnchadha (Togra Field Day agus litríocht na mban); Ciara Ní Mhurchú (Cérbh í Máire Ní Raghallaigh? Cúlra banphátrúin ón 17ú céad); Sorcha de Brún (‘Beathaíodh go maith ina bhunóic é’: Aicme, Obair agus Inscne in Peig) agus Síobhra Aiken (‘Gaeltacht Springfield’: Rannpháirtíocht na mBan in Athbheochan na Gaeilge i Meiriceá).

“Bíonn an tuiscint atá againn ar cheist na hinscne de shíor ag athrú, agus is cinnte go bhfuil an t-uafás le foghlaim go fóill againn,” a dúirt Nic Cárthaigh.

“Blaiseadh é an réimse leathan ábhar a bheas faoi chaibidil ar an lá den taighde torthúil atá ar bun ar an gceist seo.”

Nuair atá na léachtaí thart, agus sula gcuirfear clabhsúr leis an chomhdháil, beidh léiriú ceoil ann ón cheoltóir chumasach Síle Denvir.

Ina dhiaidh sin, seolfar ‘Máirtín Ó Cadhain 2020?’ curtha in eagar ag Eoin Mac Cárthaigh agus Pádraig de Paor.

Thug an Cadhanach léiriú tuisceanach, comhbhách ar mhná ina chuid scríbhneoireachta agus ar an mhéid a d’fhulaing siad agus iad ag streachailt leis an saol. Is cinnte go mbeidh lá fíor-shuimiúil ag duine ar bith a bhíonn i láthair.

Breis eolais: tcd.ie/irish