Foclóir: Comhairle na hEorpa – Council of Europe; náire - shame; saoráidí teanga - language facilities; an-suntasach - very significant; urraim - respect/esteem; cruinnithe oifigiúla - official meetings; milleán - blame; riachtanais - needs.
‘Más rud é go bhfuil tú ag iarraidh script a fháil i mBéarla nó i bhFraincis i gComhairle na hEorpa, is féidir é a fháil i 10 nóiméad. Ní féidir é sin a dhéanamh anseo maidir leis an nGaeilge agus is cúis náire don Stát é sin le blianta anuas.”
Sin a dúirt an tAire Stáit Thomas Byrne, a ceapadh ina Aire Stáit don Ghaeltacht níos luaithe i mbliana, agus é ag trácht ar shaoráidí teanga san Eoraip le linn agallaimh le Tuarascáil faoi aidhmeanna an Rialtais i dtaobh na Gaeilge.
Chaith an tAire Byrne breis agus dhá bhliain mar Aire Stáit do Ghnóthaí Eorpacha (2020-2022) agus is léir go ndeachaigh an urraim a léiríodh don Ghaeilge (agus a bhí dlite di) san Aontas Eorpach i bhfeidhm air.
“Tá stádas ag an nGaeilge, tá meas ar an nGaeilge. Má theastaíonn píosa dlí uait i nGaeilge bíonn sé ansin duit ar comhchéim leis an tSlóvaicis, an Béarla agus leis an bhFraincis,” a dúirt sé.
Ach má tá dul chun cinn mór déanta san Eoraip, tá laigí teanga fós le brath sa bhaile.
“Tá a lán dúshlán [romhainn], tá a fhios againn é sin,” a dúirt Byrne.
“Tá sé níos éasca domsa an Ghaeilge a úsáid ag cruinnithe oifigiúla sa Bhruiséil uaireanta ná mar atá sé anseo.”
Sampla eile a luann an tAire Byrne – an comhstádas atá ag an bhFraincis agus ag an mBéarla i gComhairle na hEorpa, áit a mbíonn sé éasca cáipéisí a fháil i gceachtar den dá theanga.
Níl saoráid mar sin ar fáil in Éirinn.
“Ní féidir liomsa script a fháil [laistigh de] dhá uair an chloig, caithfidh tú fanacht ar feadh roinnt laethanta,” a dúirt sé.
“Caithfidh sé sin athrú [agus] tá sé ag athrú. Níl an milleán ar na daoine atá ann faoi láthair, tá sé ag tarlú leis na blianta.”
Meon
Tá sé ina ghearán le fada gur bheag aird a thug an státchóras riamh ar riachtanais phobal na Gaeilge nó ar shaoránaigh aonaracha a d’éiligh a gcuid cearta sa chéad teanga oifigiúil. Ach tá an chosúlacht air go bhfuil tuiscint ag Byrne, a d’fhreastail ar Ghaelscoil é féin, ar an méid atá de dhíth.
“Caithfidh an Rialtas agus na húdaráis úsáid na teanga a éascú do dhaoine,” a dúirt sé.
“Má tá tusa ag iarraidh seirbhísí Stáit nó gnó a úsáid, caithfidh muidne é sin a éascú duit agus an rogha a thabhairt duit agus tacaíocht agus maoiniú a thabhairt d’eagrais atá bainteach leis na gnéithe sin,” a dúirt sé.
“Ach caithfidh mé a rá, má tá muid sa Ghaeltacht nó lasmuigh den Ghaeltacht, tá freagracht orainn go léir an teanga a chaomhnú.”
Tá ceist in Éirinn, dar leis, i dtaobh an dearcadh atá againn i leith na teanga. “Bím ag caint leis na páistí nuair a thugaim cuairt ar scoileanna agus deirim leo nach mbíonn aon deacracht acu i Lucsamburg nó Málta, áit a bhfuil trí theanga acu. Ní tharlaíonn sé i dtíortha eile.
“Níl deacracht sa Spáinn, tá go leor mionteangacha acu agus tá siad ag dul ó neart go neart. Tá roinnt teangacha san Eilvéis agus fiú amháin i dtuaisceart na hIodáile agus ní bhíonn deacrachtaí acu ansin. Níl a fhios agam cad é an deacracht atá againn \[anseo\],” a dúirt sé.
“Caithfimid an meon a athrú, agus measaim go bhfuil daoine toilteanach é sin a dhéanamh ach caithfimid na daoine a bhrú ar aghaidh freisin.”
Ach an mbraitheann an tAire Byrne go bhfuil an toilteanas an meon sin a athrú sa státchóras?
“B’fhéidir go bhfuil an toilteanas ansin ach measaim nach bhfuil siad in ann é a dhéanamh faoi láthair,” a dúirt sé.
“Tá siad ag iarraidh é a dhéanamh agus tá a fhios acu go bhfuil an dlí ag teacht isteach,” a dúirt an tAire Byrne.
Acht Teanga
Dar ndóigh, tá forálacha agus gealltanais fós le comhlíonadh faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla a leasaíodh in 2021. Ina measc sin tá Plean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge a leagan amach cur chuige i dtaobh na sprice go mbeidh 20 faoin gcéad den fhoireann a earcófar sa tseirbhís phoiblí inniúil sa Ghaeilge faoin mbliain 2030.
Cuireadh an plean faoi bhráid an Aire an tseachtain seo caite agus tá sé le cur faoi bhráid an Rialtais aige laistigh de thrí mhí agus le foilsiú go luath ina dhiaidh sin.
“Tá mé chun an tuarascáil sin a léamh agus machnamh a dhéanamh air i rith an tsamhraidh agus beidh comhrá ag an Rialtas maidir leis san fhómhar,” a dúirt sé.
Leagadh amach ar chur chuige córasach d’fhorbairt agus do sheachadadh seirbhísí poiblí trí Ghaeilge atá sa phlean agus mar ullmhúchán dó sin cuirfear tús go luath le feachtas feasachta teanga a dhíreoidh ar na deiseanna fostaíochta sa státseirbhís dóibh siúd le Gaeilge.
“Beidh feachtas againn maidir leis seo ag tosú i mí Meán Fómhair agus tá a lán ullmhúcháin le déanamh maidir leis sin,” a dúirt an tAire.
“Tá leibhéal cruinnis [de dhíth] agus is dócha go bhfuil a lán oibre le déanamh le go mbeidh an cumas sin ar fud an státchórais.”
“Tá sé seo chun tarlú,” a dúirt sé.
Gaeltacht
De réir Daonáirimh 2022, tuairiscíodh nach raibh mórán níos mó ná 20,000 duine ag labhairt na Gaeilge go laethúil sa Ghaeltacht. An dóigh leis go bhfuil éigeandáil teanga ann?
“Tá géarchéim ansin, níl aon amhras faoi. Ach, ag an am céanna, tá an rogha ag daoine pé teanga is mian leo a labhairt agus ní féidir liomsa nó leis an Rialtas brú a chur ar dhaoine teanga amháin nó teanga eile a úsáid,” a dúirt an tAire.
Tá feachtas ar bun le fada chun aird a tharraingt ar fhadhb na tithíochta sa Ghaeltacht agus chas oifigí na Roinne leis an ngrúpa feachtasaíochta Bánú le gairid. Tá sé i gceist aige féin casadh leo “faoi cheann tamaillín agus tá an comhrá sin ag leanúint ar aghaidh.”
Creideann an tAire Byrne gur féidir, mar chuid de Bhille an Údaráis, breis feidhme a thabhairt d’Údarás na Gaeltachta chun tabhairt faoin ngéarchéim tithíochta.
“Ba mhaith liomsa go mbeadh níos mó á dhéanamh ag Údarás na Gaeltachta ó thaobh na tithíochta de,” a dúirt sé.
“Tá mé chun rud éigin a dhéanamh sa reachtaíocht sin maidir le cuspóirí Údarás na Gaeltachta. Tá mé fós ag plé leis na dlíodóirí maidir leis sin. Nílim ag iarraidh moill a chur ar an mBille ach tá grúpa oibre idir mo Roinn, an Roinn Tithíochta agus an tÚdarás ag plé na ceiste seo.”
“Tá a fhios agam gur cheist phráinneach í. Tá muid ag iarraidh é seo a dhéanamh i gceart.”
“An rud is tábhachtaí ná an reachtaíocht sin a chuir os comhair na Dála roimh an tsamhraidh. Tá muid ag obair an-chrua maidir leis sin faoi láthair.”
An bhfuil dóchas aige faoi thodhchaí na teanga?
“Níl aon deacracht le todhchaí na Gaeilge. Tá muid ag úsáid na Gaeilge, tá athruithe á ndéanamh ag an Stát, tá an tAontas Eorpach ag cabhrú linn freisin agus tá spéis sa tír seo ann.
“Tá athrú meoin ann. Bhíodh daoine ag gáire fúinn nuair a chuamar go Gaelscoileanna [tráth] agus níl sé sin ag tarlú níos mó. Ach caithfidh mé a rá go bhfuil deacrachtaí ag an nGaeltacht agus níl an todhchaí sin chomh daingean agus gur mian liomsa.”
“Tá mé dóchasach go bhfuil daoine ansin atá ag iarraidh an Ghaeltacht a chaomhnú ach, tá jab le déanamh againn agus measaim go gcaithfidh sé bheith ar intinn ag gach duine atá ag obair ar son na Gaeilge go bhfuil deacrachtaí ansin sa Ghaeltacht agus go gcaithfidh muid cabhair a thabhairt.”
“Beidh mise ag déanamh gach rud gur féidir liom a dhéanamh sa bhliain atá romham chun é sin a dhéanamh,” a dúirt sé.
- Sign up for push alerts and have the best news, analysis and comment delivered directly to your phone
- Join The Irish Times on WhatsApp and stay up to date
- Listen to our Inside Politics podcast for the best political chat and analysis