An braon dúchais

Tá rian an dúchais Ghaelaigh sin le feiscint i gcuid d’ainmneacha dílse na hÍoslainne fós.

"Níl aon amhras má dhéantar ransú domhain go leor agus tochailt níos déine fós go bhfaighfear ginealach Gaelach de shaghas éigin i gcomhair Heimir Hallgrímsson." Grianghraf: Evan Treacy/PA Wire. RESTRICTIONS: Use subject to restrictions. Editorial use only, no commercial use without prior consent from rights holder.

Bhítí ag magadh nuair a bhíodh foireann sacair na Poblachta gann ar imreoirí maithe (cén uair sin? fiafraíonn tú…) agus nuair a théití ag tráiléireacht isteach i sinsearacht pheileadóirí thar lear féachaint aon tseans go raibh seanmháthair nó seanathair as Éirinn acu. Ba mhó sin sceach theaghlaigh ar déanadh cuardach inti agus b’iomaí sin imreoir cumasach a fuarthas, go fiú daoine nach bhféadfadh an tír a aimsiú ar léarscáil dá dtabharfaí sluasaid dóibh.

Tá céim níos sia tógtha ag an FAI anois, áfach. Is fíor nárbh fhéidir fuil Ghaelach de shaghas ar bith a fháil i gceann ar bith d’fhéitheacha iomadúla Jack Mac Charltúin ná deoir dhúchais dreancaide féin a fhionnadh in Seosamh Von Trappatónaí. Ach féach anois go bhfuil breac acu!

Níl aon amhras má dhéantar ransú domhain go leor agus tochailt níos déine fós go bhfaighfear ginealach Gaelach de shaghas éigin i gcomhair Heimir Hallgrímsson. Tugtar faoi deara nach ndúirt mé má dhéantar druilleáil isteach ina chuid sinsearachta go bhféadfaí an bhearna bainisteoireachta nó an cuas ceapadóireachta nó an poll peile féin a líonadh.

Tá sin amhlaidh, mar síneadh fada de chuid na hÉireann is ea an Íoslainn. Is muintir de bhunadh na tíre seo a lonnaigh ann ar dtús. Manaigh, nó díthreabhaigh ón áit seo a bhuail port ann i bhfad roimh Lochlannach ar bith. Tá ráite gur manaigh iad a bhí ag lorg áite iargúlta a bhí iontu, agus bhí an-éileamh ar na críocha ó thuaidh dóibh siúd a raibh Sceilg Mhichíl róchompordach dá ndroim. B’fhearr clocha fuara na hÍoslainne ná leacracha boga na Sceilge.

READ MORE

Tá an focal Papar fós orthu san Íoslainnis, focal ón tSean-Ghaeilge ‘popa’, arbh ionann é agus ‘athair’ nó ‘máistir.’ Agus as sin a thagann an focal ar oileáin éagsúla san Íoslainnis, agus go deimhin in Inse Gall na hAlban ar nós Pabaigh, a bhfuil scata díobh ann. Cé go ndeirtear nach raibh aon mhná acu ina dteannta, níl aon taighde déanta ar an scannal sin fós, ach ábhar é d’iriseoir teilifíse ar mhaith leis nó léi go mbeadh a n-ainm in airde.

Bíodh sin mar atá, áirítear gur DNA Éireannach nó Albanach Gaelach é dhá thrian de bhantracht na hÍoslainne. Is ródhócha gur ó na sclábhaithe ban a sciob na Lochlannaigh leo as na críocha seo an dúchas sin, seachas aon ghníomhartha de chuid na manach ar chloch, charraig nó trá. Ionad mór díolta agus ceannach daoine ba ea Baile Átha Cliath sna meánaoiseanna a thug deis d’entrepeneurachaí airgead bog a dhéanamh de cheal árasáin a bheith acu le cur amach ar cíos agus ar phraghas ard.

Tá rian an dúchais Ghaelaigh sin le feiscint i gcuid d’ainmneacha dílse na hÍoslainne fós. Tá Njiáll (Niall) agus Oskar (Oscar) ann go fairsing ar fianaise léir ann go raibh na scéalta agus an seanchas ar eolas acu go binn.

Ach tá go leor eile: tá Inga ar chailín, gurb ó Ionga a thagann, agus a thugtar ar leanbh a bhíonn á tochas féin. Faida, leis, ar chailín atá fada ina colainn nuair a saolaítear í. Tá Finnur ar bhuachaill, a shíolraíonn ó Fionn Úr, go háirithe sa chás is go raibh Fionn eile tar éis báis sa teaghlach. Tá ráite gur ón bhfocal ar fhéasóg a thagann Bardi, cé gur deacair leanbh le féasóg a shamhlú seachas in ‘Seven Drunken Nights’ na nDubliners, agus mar sin, táim suite de gur ó ‘bard’ é, mar uaireanta ba mhaith le tuismitheoirí go mbeadh a mbunóc ina fhile seachas ina dhúnmharfóir nó ina eacnamaí.

Mar sin agus dá réir sin tá Heimir Hallgrímsson ag teacht abhaile. Beidh sé chomh hiomlán ar a shocracht oíche fhírfhliuch san Aviva agus a bhí sé oíche fhuardhorcha in Langardsvollur.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar