An Taibhse: scannán uafáis Gaeilge a shíolraigh as tionscadal ollscoile

Is dóigh gur rud éigin i nádúr an duine nó sa tsíceolaíocht, is bun leis an dúil sin atá ionainn dul le gráin agus le heagla ó am go chéile.

An Taibhse: Ag teitheadh atá Éamon (Tom Kerrisk) agus a iníon Máire (Livvy Hill) ón uafás agus ón léirscrios a lean aimsir an ghátair.

Foclóir: Scannán uafáis – horror film; dlaoi mhullaigh – finishing touches; ar tinneall – on edge/tense; stangadh –wrench; gonta – sharp; freagrachtaí - responsibilities; féinmhaoinithe - self-funded; gan dídean - without shelter; airíoch - caretaker; léirscrios - devastation.

Is ar chostas íseal a dhéantar go leor scannán uafáis. Ní rud suaithinseach é sin sa tionscal - is ar phinginí a rinneadh cuid de na scannáin uafáis ba cháiliúla: cuimhneofar ar scannáin ar nós Psycho (1960) le Alfred Hitchcock a raibh costas $800,000 air, Paranormal Activity (2007) a raibh costas $15,000 air agus The Blair Witch Project (1999) a chosain $60,000 lena dhéanamh.

Ach ar scála eile ar fad atá an scannán An Taibhse, saothar nua Gaeilge le Jackpot Films, a shíolraigh an chéad lá riamh as tionscadal ollscoile de chuid John Farrelly, stiúrthóir as Co Lú ó dhúchas, agus a taispeánadh ag Fleadh Scannán na Gaillimhe an tseachtain seo caite.

Ní raibh Farrelly ach théis an dlaoi mhullaigh a chur ar an scannán nuair a labhair Tuarascáil leis. Mar a d’inis sé dúinn, ní raibh ach €3,000 aige le caitheamh ar an scannán.

READ MORE

“Bhí an scannán go hiomlán féinmhaoinithe. Shábháil mé an t-airgead agus thóg sé bliain orainn é a dhéanamh, ach tá muid ana-shásta leis,” a dúirt sé.

Le linn thréimhse ghéarchéim Covid-19 nuair a bhí beartais dianghlasála i bhfeidhm sa tír a rinneadh an scannán. Cé nach raibh ach triúr aisteoir rannpháirteach bhí go leor freagrachtaí orthu.

“Bhíodar ag déanamh a gcuid éide féin don scannán, ag aisteoireacht, agus ag tabhairt síobanna i measc freagrachtaí eile.”

Taifeadadh an chéad chuid den scannán i mí na Samhna, 2021, agus an chuid eile ina dhiaidh sin in Eanáir agus Márta 2022. Obair ollscoile a rinne John Farrelly agus é ina mhac léinn in Ollscoil Uladh a chuir ina aigne an scannán a dhéanamh.

“Rinne mé an Cinematic Arts in Ollscoil Uladh agus bhí orainn scannán uafáis gearr a dhéanamh mar chuid den chúrsa. D’éirigh chomh maith leis sin gur shocraigh muid ar phríomhscannán a dhéanamh as ina dhiaidh sin,” a dúirt sé.

Sé príomhdhualgas an scannáin uafáis an lucht féachana a choinneáil ar tinneall agus ó am go chéile, stangadh a bhaint astu.

B’fhéidir gur eagla roimh an tsíoraíocht atá mar chúis leis, faitíos roimh an osnádúr, nó b’fhéidir roimh an ngadaí nach dteipeann ariamh air.

Is dóigh gur rud éigin i nádúr an duine nó sa tsíceolaíocht, is bun leis an dúil sin atá ionainn dul le gráin agus le heagla ó am go chéile.

“Is breá liom an seánra uafáis,” a dúirt Farrelly le Tuarascáil.

“Is seánra iontach é a bheith ag obair ann ag tús do ghairme. Is minic go mbíonn seánraí eile ag brath ar réalta aitheanta ach ní mar sin a bhíonn i gcónaí le scannán uafáis.”

“É sin ráite, is dócha go bhfuil sé beagán níos dúshlánaí ar bhealaí áirithe chomh maith, toisc go gcaithfidh tú daoine a scanrú.”

Tá an scéal áirithe seo lonnaithe sa tréimhse a bhí díreach i ndiaidh an Ghorta Mhóir. Ré uafáis i stair na hÉireann í, dar ndóigh, inar lean an choscairt ar chonablach shochaí na tíre.

Ag teitheadh atá Éamon (Tom Kerrisk) agus a iníon Máire (Livvy Hill) ón uafás agus ón léirscrios a lean aimsir an ghátair. Baineann an bheirt tearmann amach i dteach mór Seoirseach, tar éis d’Éamon post a fháil mar airíoch, ach ní fada go scriostar an tsíocháin le linn an gheimhridh chrua.

Tugann scannán uafáis deis don stiúrthóir gnéithe atá folaithe go domhain i sícé an duine a nochtadh agus d’úsáid Farrelly an teach agus scéal an Ghorta Mhóir mar bhealach le sin a dhéanamh.

“Theastaigh uaim scéal a insint ar bhealach nach mbeadh dóchas nó rogha éalaithe ag an gcarachtar, Máire. Fiú dá n-éireodh léi éalú, ní bheadh áit ar bith di a d’fhéadfadh sí teitheadh chuige,” a dúirt Farrelly.

“Bhíodar gan dídean théis gur chailleadar an fheirm agus nuair a fuaireadar an post le haire a thabhairt don teach, ní raibh rud ar bith eile sa saol acu ach é.”

“Theastaigh uaim léirscrios na linne a thabhairt chun cuimhne chun go dtabharfaí le fios nach raibh rogha ar bith eile acu ach fanacht sa teach,” a dúirt sé.

“Tréimhse an-dian a bhí ann go ginearálta do mhná ag an am. Ní raibh deiseanna fostaíochta acu, dar ndóigh, agus bhí Máire ag brath go huile agus go hiomlán ar a hathair.”

As Droichead Átha ó dhúchas don scannánóir óg seo, áit ar fhreastail sé ar scoil lán-Ghaeilge, Scoil Aonghusa sular bhog sé go Co an Dúin lena mhuintir.

Ach cén fáth gur shocraigh sé an scannán a dhéanamh i nGaeilge?

“Go bunúsach, bhí an teanga fós á labhairt go forleathan ag an am. Shíl mé go mbeadh sé dlisteanach agus barántúil, agus go bhféadfainn an saol a thaispeáint mar a bhí sé.

“Chomh maith leis sin, sílim go bhfuil sé go hiontach gur féidir \[ar na saolta seo\] níos mó scannán agus foirmeacha ealaíne de gach cineál a fheiceáil i nGaeilge. Is breá liom an teanga agus sílim go bhfuil sé tábhachtach go ndéanfaí scannáin, ceol, agus gach cineál ruda eile i nGaeilge.”

Scéal coscrach, tromchúiseach atá sa scannán agus amanna bhí sé dian ar an bhfoireann leanacht leis an obair.

“Bhí sé cuibheasach deacair é a dhéanamh de bharr ábhar an scannáin. Bhí roinnt míreanna ann gur bheag nár fhéad muid breathnú orthu.”

“Bhí sé dúshlánach ach bhí na haisteoirí agus an criú dochreidte.”

“Is próiseas fada uaigneach é nuair atá ort scannán a dhéanamh!”

Bhí air trealamh fuaime a fháil ar iasacht ón Ollscoil ach bhí trealamh aige féin freisin. Bhain sé úsáid as an Lumix GH5S, cinecheamara ar dóigh leis gurb é ar an “ceann is saoire dá bhfuil ann” ach atá go maith mar sin féin. D’éirigh le Farrelly an scannán a chur faoi bhráid léiritheoirí agus chuir duine aitheanta acu sin spéis ann.

“Bhí deis agam é a thaispeáint do léiritheoirí éagsúla. Ina measc sin bhí an léiritheoir iomráiteach Jim Sheridan. Thaitin an scannán go mór leis agus bhí sé sásta oibriú linn mar léiritheoir feidhmiúcháin.”

“Is laoch é Sheridan, dar liom, agus ba chineál aislinge bheith in ann obair a dhéanamh leis.”

“Ag an bpointe sin bhíos ag obair i mo sheomra leapa istoíche agus mé ag iarraidh eagar a chur ar a raibh déanta den scannán. Bhí gach iarracht á dhéanamh agam é a ghearradh siar agus cuma níos gonta agus níos slachtmhaire a chur air.”

“Thug Sheridan aiseolas agus nótaí iontacha dúinn.”

Cé nach raibh an scannán críochnaithe ach le seachtain nó mar sin, bhí sé i measc scannán ríspéisiúl eile a bhí ar taispeáint ag Fleadh Scannán na Gaillimhe i mbliana.

Tá ar Farrelly dul chun cainte le dáileoirí agus gníomhairí scannán chun an scannán a chur chun cinn agus tá dul chun cinn déanta aige cheana féin - tá socrú déanta aige é a thaispeáint ag Frightfest - féile scannán uafáis mór le rá i Londain níos déanaí i mbliana.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.