Ár nUncail Sam

An bhfuil comhartha níos láidre ná an comhartha intriachta ann?

An tUachtarán (‘Mayo for Sam’) Biden. Grianghraf: Erin Schaff/The New York Times

San óráid úd a thug an tUachtarán (‘Mayo for Sam’) Biden an lá tar éis don iarracht dúnmharaithe ar Dhonald Trump dul thar a chluas, d’áitigh sé ar phobal na Stát ‘céim siar’ a ghabháil agus ‘an teocht a ísliú.’ Ar éigean gur ag caint ar an aeráid lasmuigh den oifig ubhchruthach a bhí sé go háirithe nuair atá an chruinne á téamh ar luas lasrach. Agus ní nath ó Ghaeilge na hArdteistiméireachta é ‘ar luas lasrach’ sa chás seo ach ráiteas lom litriúil.

Níorbh é a phrioc m’intinn agus a chuir ag ardú ón suíochán mé, áfach, ach an abairt aonair a bhí caite isteach ina lár. ‘Níl aon áit don chineál seo foréigin i Meiriceá, ná do chineál foréigin ar bith.’ Agus muran leor é sin, chuir sé an treise leis. ‘Lánstad. Gan eisceacht ar bith.’

Léigh é sin arís. Go mall. Go cúramach, Lánstad. Níl áit ar bith i Meiriceá don fhoréigean! An bhfuil comhartha níos láidre ná an comhartha intriachta ann? An bhfuil emoji ar bith ar féidir é a chur leis an abairt sin? Ceann a bhfuil raidhfil ann, nó meaisínghunna, nó AK-47, nó tanca Sherman, nó B52 Stratofortress, nó buama adamhach, nó núicléach féin.

Tá Stáit Aontaithe Meiriceá agus pé lonnaíochtaí a chuaigh rompu ina seasamh go daingean ar shléacht, ar ár, ar dhíothú, ar choncas, ar ghabháil, bhúistéireacht, choscairt, sclascairt, doirteadh fola agus pé focail eile atá ann ar mharú go forleathan. Ón gcéad lá gur maraíodh Eluwilussit agus í ag bailiú brosna ar an trá sa bhliain 1607 go dtí cibé duine a maraíodh inniu, nó cúpla nóiméad ó shin, nó anois díreach le gunna lánoifigiúil ceadúnaithe, sin é scéal Mheiriceá duit go lándaite fuilchraosach dearg.

READ MORE

Cén saghas áirimh atá uait? Virginia faoina ainm Éilíseach nuair a maraíodh trí scór bundúchasach gan taise sa bhliain 1610, in Wassagusset nuair a mealladh scata de na Massachusettaigh agus gur cuireadh as dóibh 1623, an nimh a tugadh don dá chéad éigin in Pamunky an bhliain chéanna, na príosúnaigh Pequoit a bádh 1637, Oileán Staten, Susquehannuck, Inis Oconeechee, Caolas Warwick, gan trácht ar gach ar tharla ina dhiaidh sin san 18ú agus san 19ú haois, agus gan na cogaí éagothroma ar fad a bhac nach raibh ach aon toradh amháin orthu, díothú, díbirt, léirscrios agus lomasceimhle. Go deimhin, lean na bundúchasaigh ag troid go dtí 1918, mura ndéantar cogadh Posey sa bhliain 1923 a bhac in aon chor.

Agus ina dhiaidh sin bhí na cogaí lasmuigh go fiú nuair nach raibh an namhaid inmheánach dúchais cloíte fós, cogaí in aghaidh Mheicisceo toisc iad a bheith in aice láimhe, ach ba ghairid go raibh na claimhte agus na gunnaí amuigh don tSín, don Spáinn, na hOileáin Fhilipíneacha, an Éigipt, Samó, Háítí, Cúba, Nicearagua, an Phoblacht Dhoiminiceach, agus níorbh fhéidir gan dul sáite i gcogadh cathartha na Rúise as a dtáinig an tAontas Sóivéadach, agus mura bhfuil do chuid staire léite agat beidh eolas ar Vítneam ó na scannáin, agus a raibh a lapaí in Laos agus sa Chambóid mar shíneadh air agus…

Ionsaithe nó iarrachtaí ar choup d’état in Granada, Panama, Guatemala (teip, ait go leor), agus an ceann cáiliúil san Iaráin in 1952/3 agus féach ar tharla dá dheasca, agus an tSile in 1973, agus idirghabhála míleata sa Liobóin, sa tSiria, sa Chosaiv, Libia, agus ní luafaimid na seach-chogaí más seach-chogaí in aon chor iad arb é Gaza an ceann a dhallfadh do shúile.

Ar eagla na míthuisceana, níl ansin ach áireamh fánach gonta gairid ceal spáis agus foighne. Ach uaireanta is gá fianaise a sholáthar chun duine chomh huasal le Biden a bhréagnú ina ráiteas ón gcathaoir nach de dhúchas Mheiriceá a bheith foréigneach.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar