Na bráithre agus na briathra

Cad a dhein siad tar éis scoile?

"Bráithre na Toirbhirte a chuir múineadh agus béasa ormsa de m’ainneoin, ach níorbh ionann iad agus na Bráithre Críostaí a fuair leadradh chomh mór sin ón stair a bhfuil glacadh leis anois, seachas ón stair a bhí ina ceartchreideamh fadó." Grianghraf: iStockphoto

Cérbh é? Cérbh iad? Na múinteoirí a bhí ar scoil againn tráth dá raibh? Ní raibh iontu ach múinteoirí, dar linn, ach ní foláir nó bhí beatha eile acu lasmuigh den seomra ranga. Bhíomar dall ar aon rud mar é murach go raibh cónaí ort i mbaile beag cúng ina raibh aithne ag gach duine ar achan duine eile agus aithne acu siúd ar chuile mhac is iníon eile sa cheantar.

Ach sa chathair nó sa bhaile mór bhí caoi ag an múinteoir dul i bhfolach. Ba chúis iontais é dá bhfeicfí a leithéid ag siúl na slí agus iad á dtarraingt ag páistí chun an tsiopa. Chuir sé gliondar croí orm féin agus ar mo chompánaigh nuair a casadh ár múinteoir bladareolaíochta orainn tar éis cluiche agus é beagán súgach, ach chun a cheart a thabhairt dó, níos meidhrí suáilcí ná mar a bhí sé riamh agus piléar cailce ina láimh.

Bhí sin go holc agus ceart go leor agus b’fhéidir níos measa, ach ar a laghad b’fhéidir beatha a shamhlú leis. Ach cad mar gheall ar na sagairt, na bráithre, na mná rialta a bhí coitianta mar mhúinteoirí scoile ag aos óg na tíre go dtí gur thráigh an taoide orthu? Cad a dhein siad tar éis scoile? An raibh aon bheatha inmheánach acu? Na mianta rúin sin a shamhlaítear leis an duine, cad a bhí acu siúd? Cérbh iad? Cén saghas óige a bhí acu? Ar ghéill siad don uile ní a bhí á chraobhscaoileadh acu? An raibh aon amhras ag cigilt orthu agus arán crua na maidne á chogan? Ar shamhlaigh siad riamh malairt saoil?

Níorbh aon chabhair dúinn an feisteas aontoiseach aondath dorcha a chuireadar umpu chun a raibh de phearsantacht iontu a cheilt. Níorbh fhíor don nath gan chiall sin gur den duine an t-éadach a shairsingíonn gach iris faisin orainn. Bhí a gcuid pearsantachta ag gobadh amach as a gcloigeann an túisce is a d’oscail siad a mbéal.

READ MORE

Bráithre na Toirbhirte a chuir múineadh agus béasa ormsa de m’ainneoin, ach níorbh ionann iad agus na Bráithre Críostaí a fuair leadradh chomh mór sin ón stair a bhfuil glacadh leis anois, seachas ón stair a bhí ina ceartchreideamh fadó. Ba den aon fhréamh iad leis na Bráithre Críostaí ach amháin go rabhadar sásta géilleadh don easpag áitiúil agus nárbh ionann an bóna timpeall ar a muineál agus bóna an dreama eile.

Bhí de dhifríocht eatarthu, leis, gur choinnigh na Bráithre Críostaí a sloinnte féin, ionas go raibh an Bráthair Ó Súilleabháin, Ó hAodha, Ó Conghaile, Ó Flatharta, Ó Broin acu, sa tslí duit go mbeadh a fhios agat gurbh as Corcaigh an Bráthair Mac Cárthaigh agus gurbh as na Déise an Bráthair de Paor. Níor mhar sin do Bhráithre na Toirbhirte. Ghlac siad ainm faoi leith acu dóibh féin. Mhúch sin go minic aon nod a bheadh agat maidir lena gcúlra.

Agus ba de shuimiúlacht cuid de na hainmneacha sin. Thuigfeá an Bráthair Pius ó phápaí éagsúla, an Bráthair Bonaventure ó naomh Iodáileach den 13ú haois. Ach níor léir cad ina thaobh an raibh an Br Borgia againn, óir níorbh iad na Borgiachaí an teaghlach is túisce a shamhlófá Críostaíocht leo? Níl a fhios agam an raibh an Br. Baltasar nó Sergius áit ar bith, ach ní bheadh a fhios agat.

Níorbh aon naoimh iad a bhformhór, ach b’fhéidir go raibh ‘beannaithe’ nó dhó ina measc. Is cinnte go raibh a bhformhór cineálta agus gur theagaisc siad le croí maith mór. Fuair cuid againn briathra ó na bráithre nach mbeadh againn á gceal. Is ródhócha nár thuigeamar dóibh ar an gcuma chéanna is nár thuigeadar siúd dúinne.

Nach é sin an saol?

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar