‘Cé mhéad ar an ngrianghraf d’Elvis san fhuinneog?’

Roimh dheireadh na gCaogaidí thit mo dheirfiúr mhór, Máire, i ngrá le hElvis Presley.

'Fad is a bhíodh an fhuaim ag líonadh is ag trá bhíodh mo dheirfiúr Máire, agus a cara Marie ag jeighbheáil do leithéid ‘That’s all right Momma’, ‘Hound Dog’, agus ‘Blue Suede Shoes’, le hElvis.' Grianghraph: Reinhard-Archiv/Ullstein Bild via Getty.

Foclóir: Ag líonadh is ag tráth - waxing and waning; geáitsí Elvis - Elvis’s moves; níor chuir mo dheirfiúr fiacail ann - my sister didn’t mince her words; sraoilleadh léi - to traipse with her; go dúilmhear - expectantly; scrín - a shrine; maoithneach - sentimental; cnaganna - hits; ag baothscreadaíl - screaming hysterically; maistín - a bully; geanmnaí - wholesome/pure; laethanta ailcín - halcyon days; móideanna cráifeacha - sacred vows; ban-ab - abbess.

Roimh dheireadh na gCaogaidí thit mo dheirfiúr mhór, Máire, i ngrá le hElvis Presley. Bhí sí trí bliana déag d’aois ag an am sin agus bhí mé féin naoi mbliana d’aois, nach mór. Is mar sin a cuireadh mé ar an eolas faoi Rock N Roll.

‘Sna tráthnónta, bhímís ag éisteacht go géar le Radio Luxembourg.

Ar an meántonn a bhíodh an stáisiún móréilimh sin ag craoladh agus i ngeall air sin, ar fháthanna teicniúla bhíodh an comhartha raidió i bhfad níos láidre sa tráthnóna agus san oíche.

READ MORE

Fad is a bhíodh an fhuaim ag líonadh is ag trá bhíodh mo dheirfiúr Máire, agus a cara Marie ag jeighbheáil le hamhráin ar nós That’s all right Momma, Hound Dog, agus Blue Suede Shoes, le hElvis.

Ag an am sin bhí mé féin ag freastal ar ranganna i mbothán Nissen cois móta Chaisleán Dhroimeanaigh. Ní raibh an scoil nua tógtha fós. Faoi stiúir an Bhráthar Chríostaí óig, Liam Ó Chonaill, bhíomar ag foghlaim na feadóige stáin.

Nuair a rinne mé tréaniarracht Blue Suede Shoes a sheinm ar m’fheadóg stáin sa bhaile, ba ghearr gur thug Máire le fios nár chuí ar chor ar bith an uirlis seo chun Rock n Roll a sheinm. Cé go raibh lagmhisneach de shaghas orm, thug mé m’aghaidh ansin ar aithris a dhéanamh ar gheáitsí Elvis os comhair an scátháin i mo sheomra codlata trí úsáid a bhaint as raicéad leadóige mo mháthar.

Níor chuir mo dheirfiúr fiacail ann: ‘Is uafásach an iarracht sin, a Dhéagláin. Is geall le Diamhasla é. Tá sé thar a bheith seafóideach. Ná bain triail as os comhair duine ar bith de mo chairde. Gheobhainn bás den náire!’ In ainneoin a breithiúnais chrua bhí sí sásta ligean dom sraoilleadh léi suas síos sráideanna Bhaile Uailcín agus Theach Mealóg ag iarraidh teacht ar phictiúir d’Elvis chun ballaí a seomra beag codlata a mhaisiú.

Ba dheacair go deo teacht ar a leithéid, ach lá amháin, bhí mé cinnte go bhfaca mé grianghraf daite den Rí agus é den chéadscoth, i siopa i nDroimneach.

‘Cé mhéad ar an ngrianghraf d’Elvis san fhuinneog, a dhuine uasail,’ a d’fhiafraigh mé go dúilmhear. ‘Tá brón orm, a mhic ach ní grianghraf é sin i ndáiríre ach clúdach albaim.’ Amach liom agus mé ag lasadh go bun na gcluas chun leanúint leis an gcuardach.

Faoi dheireadh, tháinig aintín i dToronto Ceanada, i gcabhair ar mo dheirfiúr nuair a sheol sí sraith ghrianghraif chuici as irisleabhair nach raibh fáil orthu in Éirinn ag an am. Sa chaoi seo níorbh fhada go raibh a seomra beag ina scrín don Hillbilly Cat le gach uile bhalla clúdaithe le pictiúir den leannán ban.

Ansin, tógadh ár gcroíthe nuair a chualamar go raibh an scannán Loving You (an tríú scannán a rinne Elvis) ag teacht go dtí an Apollo, ár bpictiúrlann áitiúil. Cé gur tháinig an scannán sin amach sé mhí roimhe sin, níor ceadaíodh do na pictiúrlanna beaga fochathracha, na príomhscannáin mar sin a thaispeáint go dtí gur taispeánadh iad sna pictiúrlanna móra lárchathracha.

Bhí sceitimíní orm gur ceadaíodh dom dul go dtí an scannán seo le Máire. Níos fearr fós, bhí an scannán lán-daite, scannán ina raibh Elvis ina fhear óg i bpáirt thiománaí leoraí ar éirigh leis a bheith ina réaltóg rac. Bhí an ról seo an-chosúil le saol Elvis féin.

Sa scannán clúiteach úd ghlac Elvis páirt Deke Rivers, ainm a thogh sé ó leac uaighe, bíodh is nach raibh sé sásta a ainm féin a úsáid mar gur tógadh i ndílleachtlann é.

Ábhar maoithneach amach is amach a bhí sa scannán, ach ba í buaic an scannáin ná go raibh an-chuid dá chnaganna ann, mar aon lena gheáitsí. Chuaigh sé dian orm taitneamh a bhaint as na hamhráin mar bhí mo dheirfiúr agus slua cailíní eile, ag baothscreadaíl an tam ar fad.

Ba é an chuid den scannán a chuaigh i gcion go mór orm ná an radharc stáitse nuair a chuir maistín brú ar Elvis Mean Woman Blues a chanadh do júcbhosca i sneaicbheár. Tar éis dó an lucht féachana a chur faoi dhraíocht leagann sé amach an bulaí. Ba í páirtí seirce Elvis, Dolores Hart sa scannán Loving You, aisteoir álainn geanmnaí, ar minic í curtha i gcomparáid le Grace Kelly.

Tar éis dom an scannán a fheiceáil cheannaigh mo thuismitheoirí giotár beag do mo bhreithlá a raibh logo Elvis air, cuid den earra a tháirg an Coirnéal Tom Parker, bainisteoir claon Elvis. Ansin cuireadh iachall ar Elvis dul isteach in Arm na Stát Aontaithe, rud a bhris croí mo dheirféar. Is cuimhin liom fós na laethanta ailcín sin agus simplíocht leithéid Loving You.

I ndiaidh an scannáin chuaigh an t-aisteoir Dolores Hart bealach eile ar fad nuair a thréig sí Hollywood agus ghabh móideanna cráifeacha.

Is ban-ab í Dolores Hart anois ar Chlochar Regina Laudis Connecticut, a chaitheann bairéad mar thrádmharc thar a gimpe. Is dócha gurb í an t-aon bhean rialta ar domhan í a phóg Elvis!