Sna ceithre hairde

Ag an am céanna leanann an cinedhíothú ar aghaidh go laethúil

"Bhí sé dian a bheith ag féachaint air ar feadh seacht nó ocht n-uaire sa lá ó mhoiche na maidne go titimín na hoíche siar." Grianghraf: Oli Scarff/AFP/Getty Images

Táim ag déanamh talamh slán de go bhfuilimid ar fad traochta tar éis na gcluichí Oilimpeacha. Bhí sé dian a bheith ag féachaint air ar feadh seacht nó ocht n-uaire sa lá ó mhoiche na maidne go titimín na hoíche siar. Ina dhiaidh sin is uile ní thagann ann dó ach turas amháin gach ceathrú bliain, agus ní bhíonn caoi againn féachaint ar spóirt chomh héagsúil le dreapadóireacht ghá gréine, eitilt caoga méadar, snámh fothoinn, dressage asal agus péint ag triomú chomh minic sin.

Bhíos sáite ann ón gcéad uair sin go bhfaca mé na báid ar an Seine sa bháisteach agus an Fhrainc ag iarraidh a cuid dintiúirí tuata a nochtadh faoi amharc maorga Ard Eaglais Notre Dame. Ba mhaith, leis, go raibh comórtais snámha san abhainn chéanna, óir is mó abhainn abhus anseo nach leomhfaí a leithéid inti. Bhí tráth ann nuair ba chuma abhainn na Laoi nó anraith pise gan trácht ar na glasraí eile a bhíodh i bhfolach ann agus cé go bhfuil feabhsaithe ó shin ní mholfainn bolgam a bhaint as fós.

B’iad na hóráidí breátha bladhmannacha a déanadh ag an searmanas oscailte sin, áfach, a chigil mo chéislíní. Ba chuma mórán faoin móid a ghlactar ar son na lúthchleasaithe go léir maidir le drugaí agus dópáil a shéanadh, nó an mhóid a ghlacann na moltóirí agus na breithimh a bheith go hiomlán neamhchlaonta agus cothrom le cách (seachas i gcás na dornálaíochta), nó an ceann a mbíonn ar na cóitseálaithe agus na hoiliúnóirí a dhéanamh a sheasann le spórtúlacht agus le féir plé. Sna hóráidí breátha bladhmannacha bláfara úd ó na polaiteoirí agus ó shaoistí na gcluichí Oilimpeacha bhí trácht ar bhráithreachas agus ar shiúrachas agus ar chearta daonna agus chothromaíocht, uilíochas, shíocháin, theacht le chéile, agus an stuif sin go léir a bhí chomh blasta le haon rud a chloisfí ó phápa nó ó ráiteas misin.

Ag an am céanna leanann an cinedhíothú ar aghaidh go laethúil, méadaítear ar rás na n-arm le háthas, cloistear drumaí an chogaidh á mbualadh le fonn, tá teifigh á mbá i loch an bháis, agus daoscar faisisteach ag siúl ár sráideanna féin ag loscadh agus ag creachadh leo le dea-mhéin na ndaoine a shíl go raibh sé réasúnta a bheith ‘buartha’ mar gheall ar chúpla coimhthíoch crón ina measc.

READ MORE

Is dócha gurbh in é an fáth go raibh faoiseamh coicíse sna cluichí féin. An chuid is fearr d’óige an domhain á fhéachaint le chéile ar ghort, ar rian, ar bhóthar, sa chró, sa linn snámha, nó san abhainn féin. Tearmann ba ea Páras ón domhan máguaird sula scaipfeadh an slua arís sna ceithre hairde ar ais as a dtáinig siad don chúram laethúil.

In ainneoin an amhrais arbh fhéidir a chaitheamh cheana le daoine a bhain leas as drugaí a chuir lena bhfeidhmiú, dealraíonn go raibh na cluichí seo glan go maith. Murab é atá ann dála diúracáin chogaidh agus córais chosanta. Nuair a thagtar ar dhruga nua is gairid go gceaptar sás a cheilte chomh maith.

Fós féin, tá feabhas ar an scéal. Ní gá móid dílseachta a thógáil do Séas níos mó mar a bhíodh sa Ghréig fadó. Ná ní fheictear ríthe ná impirí ag glacadh páirt iontu. Bhuaigh Nero rás na gcarbad (ar nós Ben Hur) i gcluichí Oilimpeacha na bliana 67AD in ainneoin gur caitheadh amach ar an ngaineamh é. Níor fhág sin nár fógraíodh mar churadh na gcluichí é. Ar nós Donald Trump a bheith ag imirt gailf nó Kim Jong Un ag gabháil don fhicheall, nó Putin ag lámhach crécholúr, b’fhearr nach mbeadh an bua agat.

Anois, cé tá ag imirt sa chluiche iomána sin faoi 14 sa pháirc thiar anocht?

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar