Boladh an chaifé

Bhí tráth ann nuair ba shimplí an bheart é cupán caifé a dhéanamh.

'Níl rá béil agam ar an áireamh gan teorainn den rogha anois nuair nach bhfuil uait ach cupán caifé simplí neamhchas díreach.' Grianghraf: iStock

Suim éigin de bhlianta ó shin ráinig mé san aerfort ag iarraidh dul áit éigin, mar a bhím. Shocraíos im aigne cupán deas caifé a bheith agam leis an aimsir a chur thart sula bhfógrófaí an mhoill ar an eitilt. Dheineas gach ndíreach go seastán an chaifé, áit a raibh scuaine bheag ag feitheamh chomh maith. Beirt nó triúr.

Níor cheapas go gcuirfeadh seo aon seilimideáil rómhór orm, óir nach raibh le déanamh ach an caifé a dháileadh as an bpota, steall mhear amháin isteach, an t-airgead a shíneadh amach, agus sin agat é.

Ach mo léan géar! Mo thubaist, mo threighid, mo bhrón, mo chaí ní mar sin a tharla. Chuala siosarnach agus siosadh agus giosáil agus glugaireacht os mo chomhair amach. Bean óg ina seasamh ansin agus trealamh mór millteach ar a béala ar nós innill draíochta an Wizard of Oz sa scannán. Bhí gal ag teacht aníos agus anuas as sliotáin rúindiamhracha ar éadan an innill, fad is a bhí neach eile ag bualadh nó ag stampáil stuif donn le hord isteach i gcluas bheag ar an imeall. Bhí luamháin á dtarraingt agus maidí á láimhsiú agus cnaipí á mbrú agus murláin á gcasadh agus siar aniar á dhéanamh ag lámha agus ag uillinneacha géara. É seo go léir ar son aon chupán caifé simplí amháin! Níorbh fhiú é. Chuaigh an t-am thart. Níorbh é gurbh adhain mo chochall ach chasas ar mo sháil agus cheannaíos buidéal uisce.

Bhí tráth ann nuair ba shimplí an bheart é cupán caifé a dhéanamh. An Irel a thógáil go mall as an mbuidéal, é a shleamhnú isteach go tréicileach leis an spúnóg sa chupán, uisce beirthe a chaitheamh anuas air, agus bhí an lá leat. Tháinig an caifé meandrach ina dhiaidh sin, an rud céanna ach gur púdar a bhí ann, agus é nach mór chomh blasta céanna. Ach is ina dhiaidh sin a tháinig na faisistigh caifé, ach níor den aon pháirtí amháin iad, ach iad go líonmhar.

READ MORE

Níl rá béil agam ar an áireamh gan teorainn den rogha anois nuair nach bhfuil uait ach cupán caifé simplí neamhchas díreach. Tá latte agus sciní latte agus cappuccino (ach níl aon franciscino ná dominicano) agus lungo agus frappé agus nitro (cuma chontúirteach ar an gceann seo) agus súil rua agus súil dhubh (gan aon fhiarshúil ná leathshúil) agus an t-earra mallaithe a dtugann siad Americano air toisc go raibh an caifé Iodáileach róláidir do na saighdiúirí Poncánacha ar a ruathar aneas dóibh.

De ghnáth ní taitheach aon bhá le deachtóirí agus leis an aos cinsireachta is curtha faoi chois agam. Ach is anois a thuigim don Soudán Murad IV de chuid Impireacht na nOtamán a chuir cosc ar ól caifé toisc gur chreid sé go gcumtaí ceannairc agus uisce faoi thalamh sna botha ina raibh sé á dhíol. B’fhéidir gur ag dul thar fóir a bhí sé nuair a chuir sé an pionós báis i bhfeidhm ar aon duine a bhfaighfí boladh an chaifé ar a bheola, ach ar a laghad bhí samhlaíocht ag baint leis an tslí a gcuireadh sé as dóibh. Ceann acu ba ea an ciontóir a fhuáil isteach i mála leathair agus a chaitheamh isteach sa Bhosparus, rud a chuir isteach ar an tionscal turasóireachta ar feadh tamaill cé gur chuir feabhas ar an iascaireacht.

Ghabhadh spiairí de chuid an Rí Séarlas II Shasana timpeall na dtithe caifé ar an gcúis chéanna, mar bhí amhras air gurbh iontu a scaiptí ‘an bhréagnuacht’.

Ní mhaím aon olc, dáiríre píre, mise i mbannaí air, ar na faisistigh phairticileártha bheadaí caifé. Níl ann ach nach bhfuilim sásta foighneamh cúig nóiméad do ghnó a thógadh cúig shoicind fadó. Sin uile.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar