‘Tá muid ar fad ag iarraidh an doras sin a oscailt’

Ranganna Gaeilge ar fáil ar líne do thuismitheoirí agus do dhaltaí beag beann ar a gcumas féin sa teanga

Caitríona de Róiste: "Uaireanta nuair a thógtar duine le Gaeilge ... ní thuigeann siad na dúshláin atá roimh dhaoine nach bhfuil an Ghaeilge acu." Grianghraph: Alan Betson/The Irish Times

Foclóir: Tuismitheoirí – parents; a spreag – inspired; ardán – platform; spraíúil – playful; timpeallaithe – surrounded by; scanrúil – scary; measúnú – assessment; deis – opportunity. Steall – splash; mo chaí – my lament; siosarnach – hissing; ar a béala – in front of her; murláin – knobs; uisce beirthe – boiled water; neamhchas - simple.

“Bhíodh tuismitheoirí ina suí os mo chomhair amach sna cruinnithe tuismitheoirí ag rá ‘Cad is féidir liom a dhéanamh do mo pháiste - an bhfuil bealach ar bith gur féidir liom tacú leo?’”

Ceisteanna den chineál sin a spreag Caitríona de Róiste, múinteoir iar-bhunscoile as Co Chill Dara, athchóiriú agus forbairt a dhéanamh ar an láithreán Studybase.com, ardán nuálach foghlama Gaeilge, a chruthaigh a hathair Breandán in 2007.

Ranganna idirghníomhacha a mhaireann cúig nóiméad atá ar fáil do thuismitheoirí agus do pháistí ar an ardán agus iad curtha i láthair ar “bhealach spraíúil, oideachasúil agus físiúil.”

READ MORE

Tógadh de Róiste le Gaeilge i Léim an Bhradáin agus d’fhreastail sí ar scoileanna lán-Ghaeilge. Ba mhúinteoirí iar-bhunscoile iad a tuismitheoirí agus mar a deir sí féin, bhí sí “timpeallaithe le Gaeilge” le linn a hóige.

Tar éis di cáilíocht mhúinteoireachta a bhaint amach chaith sí tréimhsí ag obair i scoileanna Gaeilge agus Béarla, rud a chabhraigh léi na riachtanais éagsúla atá ag daltaí agus ag a dtuismitheoirí a aithint agus a thuiscint.

“Uaireanta nuair a thógtar duine le Gaeilge nó nuair atá an teanga thart timpeall orthu ní thuigeann siad na dúshláin atá roimh dhaoine nach bhfuil an Ghaeilge acu,” a dúirt sí.

“Is féidir leis a bheith an-dúshlánach agus scanrúil dóibh.”

Chaith de Róiste cheithre bliana déag ag múineadh go lánaimseartha agus d’aithin sí le linn an ama sin an t-idirdhealú i dtaobh teagasc na Gaeilge idir scoileanna a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge agus iad sin a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla.

“Bhí orm [Gaeilge] a mhúineadh mar theanga i scoil lán-Bhéarla ach mar ábhar i scoil lán-Ghaeilge. Bhí an dá eispéireas iomlán difriúil,” a dúirt sí.

“Thagadh daltaí chugam gan Gaeilge ar bith acu, ansin bheadh daltaí [eile] le Gaeilge acu ón mbunscoil a raibh múinteoir tiomanta nó téagartha acu nó a raibh tacaíocht acu ón mbaile ó thaobh na Gaeilge de.”

Ach tá daltaí ann i gcónaí nach bhfaigheann an deis Gaeilge a chloisteáil taobh amuigh de gheataí na scoile. Agus, nuair nach gcuirtear scrúdú béil orthu ag leibhéal na Sraithe Sóisearaí, is minic iad thíos leis ó thaobh ullmhúcháin don Ardteistiméireacht.

“Tá sé an-tábhachtach go seastar siar agus go gcuirtear an cheist – an bhfuil ag éirigh leis an sprioc,” a dúirt de Róiste.

“Tá an-chuid daltaí maithe agus múinteoirí iontacha ann ach b’fhéidir go bhfuil an céatadán [a shealbhaíonn an teanga] níos ísle ná mar ba cheart,” a dúirt sí.

“Níl measúnú á dhéanamh uirthi mar theanga ag [leibhéal] na Sraithe Sóisearaí agus mar sin, mar mhúinteoir, conas is féidir díriú ar an gcaint chun gur féidir leo í a úsáid?

“Is údar díomá é sin. Agus sin é an fáth, le bheith ionraic leat, gur cuireadh beocht úr i Studybase agus gur chruthaigh mé na cúrsaí seo.”

A hathair, Breandán de Róiste, a chuir tús leis an ardán tar éis dó códú a fhoghlaim as a stuaim féin.

“Bhí an-suim aige sa teanga. Bhí sé ina aistritheoir cáilithe freisin agus bhí ardscil aige ó thaobh na Gaeilge de.

“Ba é a chuir tús le Coláiste Riocard Bhairéad [coláiste samhraidh] in Eachléim. Chuaigh mise timpeall leis agus mé i mo pháiste ó dhoras go doras ag bualadh cnag ar dhoirse mhuintir na háite ag rá ‘An mbeadh suim agat glacadh le daltaí?’.

“Chaitheamar an-chuid ama thiar agus ansin glac Gael Linn seilbh air sin, ach níor stop Daid riamh.

“B’fhiontraí é agus cheannaigh sé an leabhar Coding for Dummies. D’fhoghlaim sé conas códú agus chuir sé cúrsa gramadaí ar fáil ar an láithreán.”

Is minic múinteoirí ag iarraidh teacht ar bhealaí éagsúla le daltaí a mhealladh chun foghlama agus bhain de Róiste an-leas as an ardán a chruthaigh a hathair.

“Bhí mise ag tosú amach mar mhúinteoir agus cheap mé go raibh sé seo ar fheabhas – cúrsa gramadaí ar líne!”

“Faraor, tháinig tinneas air agus cailleadh Daid in 2020. Ní raibh rud ar bith ag tarlú le Studybase ag an am go dtí 2021 nuair thosaigh mé ag díriú air.”

“Thóg sé thart ar ocht mí dhéag orm,” a dúirt sí.

“Bhí na tuairimí agus na smaointe agam ach bhí mé ag iarraidh theacht ar bhealach nach raibh seanfhaiseanta.”

Chabhraigh an tuiscint agus an taithí a fuair sí agus í ag obair i scoileanna Gaeilge agus Béarla léi agus í ag dearadh na gcúrsaí nua. Chruthaigh sí trí chúrsa le cur leis an tsraith.

“Thosaigh mé leis an gcúrsa ‘Basic Irish for Parents’ agus ansin rinne mé an cúrsa ‘How do You Say... as Gaeilge’ atá dírithe ar dhaltaí ó rang a cúig go bliain a dó sa mheánscoil. Chuir mé cúrsa ardteistiméireachta ar fáil chomh maith dar teideal ‘Leaving Certificate Gaeilge’. Rinne mé uasdátú ar obair Dhaid, ar na haistí, ar an gcaighdeán ann agus chuir mé físeáin ann - mar shampla, chuir mé Oisín i dTír na nÓg ann i bhfoirm físe.”

“Ansin thug mé faoi deara go raibh daoine ann ar nós m’fhearsa, a d’fhoghlaim Gaeilge ar scoil ach nach mbaineann úsáid as, a cheap go raibh sé dearmadta aige agus chruthaigh mé ‘Irish for Parents’.”

Creideann de Róiste nach gá duit a bheith i do Ghaeilgeoir chun do chuid Gaeilge a úsáid, rud a deir sí atá léirithe ag leithéidí Paul Mescal.

Sé an aidhm atá aici leis an ngnólacht ná ranganna Gaeilge a chur ar fáil do thuismitheoirí agus do dhaltaí, beag beann ar a gcumas féin sa teanga.

“Bhí an t-ádh liom gur tógadh mé le Gaeilge agus go bhfuil an Ghaeilge agam,” a dúirt sí. “Níl an seans sin ag chuile dhuine agus ba mhaith liom an seans sin a thairiscint – go mbeadh an Ghaeilge ar fáil is cuma má tá fíorbheagán agat agus is cuma cén aois thú.”

“Tá muid ar fad ag iarraidh an doras sin a oscailt, agus sin an áit a bhfuilimse ag díriú air le Studybase, an doras sin a oscailt do na daoine sin nach bhfuil muinín acu an Ghaeilge a úsáid lasmuigh de Duolingo nó pé áit a ndéanann siad í a úsáid.”

Breis eolais: studybase.com


Féile dhátheangach

An t-idirnáisiúnachas a bheas mar théama i mbliana ag an bhféile dhátheangach bhliantúil a dhéanann comóradh ar na scríbhneoirí iomráiteacha Liam agus Tomás Ó Fhlaithearta.

Reáchtálfar Féile na bhFlaitheartach 2024 ar Inis Mór, Árainn, an deireadh seachtaine beag seo.

Cuirfear tús leis na himeachtaí ag meán lae ar an Satharn i dTeach Chill Mhuirbhí, gar d’áit dhúchais na bhFlaitheartach.

Labhróidh monatóir cearta daonna Éireannach agus gníomhaí sóisialta as an bPalaistín faoi chás na tíre sin faoi láthair.

Pléifear an ghéarchéim tithíochta sna ceantair Ghaeltachta freisin. Cuirfidh urlabhraí ón eagraíocht Bánú na Gaeltachta síos ar an gceist.

Léireoidh Cumann Drámaíochta Chois Fharraige Dúmhál, dráma le Mícheál Ó Conghaile atá bunaithe ar ghearrscéal le Liam Ó Flaithearta.

Léifidh Eimear Ní Dhonnchadha sliocht as ‘The Black Soul’ le Liam Ó Flaithearta agus léifidh Aoibhínn Ní Dhioráin sliocht as gearrscéal Liam Uí Fhlaithearta ‘Ag dul ar imirce’, scéal a léiríonn fírinne chrua an tsaoil sa nGaeltacht mar a bhí.

Cumann Liam agus Thomáis Uí Fhlaithearta a reáchtálfaidh an dara féile shamhraidh déag dá gcuid ar an 24ú agus an 25ú lá Lúnasa.

Breis eolais: facebook.com/OFlahertySociety/liamandtomoflahsoc@gmail.com

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.