An ‘Hulk’ – sean scoil chairte Mhainistir Eimhín

Níorbh aon mhaise dó go raibh sé sa seanchas áitiúil go raibh leanaí curtha sa ghairdín ar a chúl.

An 'Hulk' a thugadh muintir na háite ar an scoil chairte seo a tógadh in 1762. Grianghraph: Alan Betson/The Irish Times

Foclóir: Scoil chairte - charter school; meall mór - lump/mass; dearóil – bleak; fann – weak/feeble; cáithníní – creeps; cliarlathas – hierarchy; cumann corpraithe – incorporated society; scoileanna scairte - hedge schools; daonchara – philanthropist; scamhacháin adhmaid – wood shavings; scéiniúil – spine-chilling.

Samhlaím é fós: meall mór d’fhoirgneamh, é suite giota beag isteach ón bpríomhbhóthar ar imeall an bhaile, i Mainistir Eimhín, Contae Chill Dara.

An Hulk a thugadh muintir na háite air. Ba shean scoil chairte é a tógadh in 1762. Ach úsáideadh é sa fichiú haois mar áit chónaithe do theaghlaigh áitiúla.

Bhí cara scoile liom ina chónaí ann agus bheinn timpeall ar an áit uaireanta. Mar a tharla freisin, bhí cónaí ar m’uncail ann ar feadh tréimhse nuair a pósadh é.

READ MORE

Dúirt sé go raibh na seomraí fuar, dorcha agus go gcaithfidís na soilse agus an tine a choimeád lasta i gcónaí, fiú sa samhradh.

De réir a bhean chéile, chloiseadh sí leanaí ag gol i rith na hoíche cé nach raibh aon leanbh ann.

Nuair a fuair siad teach nua, bhí sí breá sásta a bheith réidh leis mar gur chuir an áit cáithníní ar a craiceann.

Bhraith mé féin go raibh rud éigin mistéireach, míshuaimhneach agus scanrúil bainteach leis an bhfoirgneamh a bhuí leis an gcuma ghruama, dhearóil, dhuairc a bhí air.

Níorbh aon mhaise dó go raibh sé sa seanchas áitiúil go raibh leanaí curtha sa ghairdín ar a chúl.

Chuir an íomhá m’intinn ag rith is ag rásaíocht agus spreagadh mé chun stair na scoile a fhiosrú.

Ba iad na hEaspaig Phrotastúnacha a thosaigh na scoileanna cairte in 1733 nuair a chuir siad achainí ar Rí Seoirse II cairt ríoga a bhronnadh orthu d’fhonn Cumann Corpraithe a bhunú chun an creideamh a scaipeadh sa tír.

Ag an am bhí an tír i ndroch-chaoi. Beagnach an ceathrú cuid den daonra a maraíodh nó a díbríodh de bharr na bplandálacha agus cailleadh tuilleadh den daonra mar gheall ar an scrios agus an slad a rinne Cromail. Bhí a thoradh sin ar an bpobal ar feadh na gcéadta bliain.

Sa seachtú céad déag, bhí muintir na tíre faoi smacht ag na tiarnaí talún tar éis dóibh seilbh a ghlacadh ar a dtalamh feirme, rud a d’fhág na Caitlicigh cloíte agus bocht dá bharr.

Cé go raibh na Péindlíthe (1695 ar aghaidh) in ard a réime le fada bhí teipthe ar an rialtas Caitlicigh a thiontú i dtreo an chreidimh stáit.

Dá bhrí sin, b’éigean do na húdaráis cur chuige níos séimhe a thriail.

Chinn siad ar scoileanna cairte a úsáid chun oideachas a sholáthar do na páistí ar bhealach a chuirfeadh brú orthu tiontú.

De bharr go raibh a lán de na Gaeil sásta íoc as oideachas sna scoileanna scairte thuig na húdaráis go raibh ardmheas acu ar oideachas agus chreid siad go bhféadfaí iad a mhealladh isteach ar an mbealach sin.

Bhronn an tIarla Droichead Átha, an tiarna talún áitiúil, dhá acra le haghaidh suímh do naíolann agus scoil chairte a thógáil i Mainistir Eimhín. Ceapadh máistir agus máistreás sa scoil arbh Phrotastúnaigh gan locht iad.

Ach ní raibh cáilíochtaí ná taithí ar bith ag an mbeirt mar oidí agus bhí siad dall ar an teanga dhúchais agus ar stair na tíre.

Páistí bochta Caitliceacha a cuireadh chuig na scoileanna. Ceann eile de na príomh chuspóirí a bhí ag na scoileanna ná lucht oibre a chur ar fáil do na máistrí nua talún.

B’éigean do na páistí an creideamh bunaithe agus an Béarla a fhoghlaim. Tugadh bia agus leaba dóibh agus gealladh do na tuistí go múinfí scríobh agus léamh dá bpáistí agus go bhfaighidís oiliúint i gceirdeanna cuí.

Ag an am bhí sé ag teacht rite leis na tuistí a bpáistí a bheathú; mar sin, níorbh aon ionadh go raibh siad sásta iad a thabhairt ar láimh do na scoileanna.

Ba ghealltanais gan chomhlíonadh iad, ámh. Níor éirigh leis na páistí léamh ná scríobh a fhoghlaim toisc gurbh éigean dóibh an chuid is mó den am a chaitheamh ag sníomh agus ag cardáil lín chun airgead a thuilleamh do mháistrí na scoileanna. Bhíodh pionós corpartha brúidiúil á chleachtadh agus dhéantaí bulaíocht throm ar pháistí a saolaíodh lasmuigh den phósadh.

Ba mhinic a scaip galair chraicinn go forleathan i measc na bpáistí ach chuirtí cóir leighis orthu ionas go mbeidís in ann leanúint leis an obair.

Faoi 1758 bhí 53 scoil chairte ar fad ag glacadh le páistí faoi sé bliana d’aois. Dhéanadh coistí den chléir Phrotastúnach agus piardaí na dúiche bainistíocht ar na scoileanna.

Níor cuireadh aon chóras cigireachta i bhfeidhm agus sár i bhfad, bhí sé soiléir nach raibh cúrsaí go maith sna scoileanna.

Bhíodh páistí ag éalú in ainneoin go bhféadfaí pionós trom a ghearradh orthu dá bharr. Ní raibh lucht gnó sásta printísigh ó na scoileanna a fhostú toisc nach raibh léamh ná scríobh acu agus mar go rabhadar mímhúinte.

In 1787, chuir John Howard, an daonchara iomráiteach, tuairisc chuig Teach na dTeachtaí i Londain faoi chuairt a thug sé ar an scoil i Mainistir Eimhín.

Idir bhuachaillí agus chailíní bhí 78 páiste óg ann. Ní raibh na seomraí codlata ná na héadaí leapa glan, a dúirt sé.

Tháinig sé ar an eolas go raibh an máistir ag ligean air go raibh sé ina phoitigéir agus go raibh sé ag tabhairt leigheasanna míchearta do na páistí, rud a bhí deimhnithe do Howard i bhfianaise líon na bpáistí a fuair bás sa scoil ag an am.

Thug sé faoi deara go raibh na páistí fann agus míshláintiúil.

Ní raibh a ndóthain le hithe acu, giobail éadaí a bhí orthu, agus bhí siad gan scolaíocht.

I dtuairisc eile roimhe sin, sa bhliain 1761, luadh gur thángthas ar fhiche corpán beag nochta i measc scamhacháin adhmaid na siúinéirí ar chúl na scoile.

Sa deireadh, tarraingíodh siar an maoiniú stáit ó na scoileanna agus seoladh 2,000 páiste abhaile nó go hinstitiúidí eile. Dúnadh an Hulk sa bhliain 1828. Baineadh úsáid as mar stóras gráin ina dhiaidh sin agus san aois seo caite cuireadh cóiríocht ar fáil ann do theaghlaigh a bhí ar an ngannchuid.

Thug mé ruaig ar na seanfhóid le déanaí le féachaint cén chaoi a raibh an Hulk faoi láthair. Tá sé faoi ghlas, tréigthe agus ag titim as a chéile. Níl fágtha ann ach eallaigh, eidhneán agus éin. Cé a cheapfadh go bhfuil sé faoi chosaint ag An Taisce mar eiseamláir ailtireachta dá leithéid? Ní léir domsa é!

Mar is dual dom ag féachaint ar fhothrach den chineál seo, chuaigh m’intinn ar lán luas ag samhlú cad a tharla fadó taobh thiar den phlástar scáinte agus de leac an dorais a bhí chomh caite mín le barra gallúnaí.

Shamhlaigh mé trostal bhuataisí an mháistir bhrúidiúil ag siúl ar chlár na ceardlainne agus é ag bagairt pionóis ar na páistí a bhí cromtha go míchumtha os cionn na dtuirní.

Ach an íomhá ba scéiniúla a rith liom ná na corpáin bheaga nochta ag gobadh aníos as sliseanna adhmaid na siúinéirí a bhí caite ar chúl.

Cérbh leo na leanaí seo nár tháinig ar ais chuig a muintir riamh?

Cuireadh na naíonáin seo faoi chúram An ‘Hulk’ ach ní bhfuair siad cosaint ar bith. A mhalairt a fuaireadar.

An sceithfear níos mó rún agus taibhsí as an gcré ar chúl scoileanna eile?