An pictiúr mór

Níl aon intinn is caolaigeanta ná an intinn atá gafa sa 20ú nó san 21ú haois

'Beidh cogadh núicléach ann uair éigin mar ní hiad na neachanna is éirimiúla amuigh a bhfuil méar ar na cnaipí acu.' Grianghraf: iStock

Táimid báite ag nuacht na huaire, ag an earra gearrshaolta atá seolta chugainn ar na meáin nach bhfeadair tú cad as dó. Tochas is ea nuacht na huaire nach bhfuil aon dul uaidh, tochas nach bhfágann a lorg thar oíche.

Is lag an chuimhne anois againn ar an mbliain seo caite, ar fhiche bliain ó shin, ar an gcogadh cathardha, ar Jack Lynch, ar Canon Sheehan a raibh a chuid úrscéalta i ngach aon bhothán ar feadh céad bliain, nó an peaca solathach ar chaill páistí beaga codladh na hoíche dá dheasca nuair nach raibh siad go deas lena dheartháir nó deirfiúr, nó troscadh na hAoine a chuidigh le hoiread sin iascairí, nó le cosc ar ghealadhram an Domhnaigh nár mhéadaigh ar cheannach an Bhíobla, nó bac ar shiopadóireacht na sabóide san Éirinn Victeoiriánach, nó ar an iontas duine gormchraicneach a fheiscint ag siúl an bóthar, nó ar deireadh a bheith le heisimirce amach ar bhonn eacnamaíochta fara leatrom samhlaithe agus tosach a bheith le hinimirce isteach ar bhonn eacnamaíochta agus leatroim lándáiríre bás agus beatha.

De réir is mar a ghabhann tú siar is suaitheanta soiléir a thagtar ar an intinn fheithideach éisc órga. Ceaptar gur thosnaigh éirí amach na bPailistíneach ar an 7ú Deireadh Fómhair 2023 agus nár tharla tada roimhe sin; mar a cheaptar gur thuirling forlámhas na heaglaise Caitlicí anuas ar Éirinn gan beann ar sheicteachas stát na Breataine agus ar dhorn iarainn na bpéindlithe; go bhfuil an tSin ag múscailt a cuid scámhóg go neamhleithscéalach toisc go bhfuil sí ag iarraidh ceannas a fháil ar an domhan seachas de thoradh mar ar caitheadh léi san naoú haois déag; go bhfuil na críocha ó dheas ag triall aneas toisc go bhfuil plean mór uileghabhálach acu daoine geala a dhíbirt seachas toisc go raibh an domhan ó thuaidh ag gabháil aduaidh cheana agus cead acu a rogha rud a dhéanamh.

Tá bonn beag éigin leo siúd, b’fhéidir, ach i ngach aon chás díobh gabhann go lom fíor níos domhaine fós.

READ MORE

Nílim ag maíomh go dtosnóimis i gcónaí leis Ollphléasc nó sinn ag tuirlingt inár moncaithe ó na craobhacha, fág nach dona mar thosach iad.

Fós féin, tugann an síneadh radhairc sin siar nod éigin dúinn faoin síneadh radhairc romhainn amach, más dall, teimhneach, éiginnte, dothomhaiste féin é. Ní gá dul ar aghaidh na mílte bliain, ná na céadta féin, le tuairimíocht a dhéanamh ar cad tá ar siúl in aice sróine.

Faightear cámas ar an intinn chaolaigeanta. Níl aon intinn is caolaigeanta ná an intinn atá gafa sa 20ú nó san 21ú haois.

Méadófar ar théamh na cruinne, tá sin cinnte, mar níl an cine daonna sásta a bheith ina bhfiagaithe cnuasóirí arís, agus ní ligfeadh Ryanair a leithéid. Méadófar ar chumhacht AI agus beidh mo leithéidse díomhaoin. Beidh cogadh núicléach ann uair éigin mar ní hiad na neachanna is éirimiúla amuigh a bhfuil méar ar na cnaipí acu.

Roimhe sin, áfach, gluaisfidh bochtáin an domhain ó dheas go dtí tíortha rabairneacha róshaibhre na dtíortha ó thuaidh. Níl aon dul as. Bí i dtaithí air. Glactar leis. Tarlóidh. Daoine iad cosúil leatsa. Ní gá aon eagla a bheith ort roimh bhéasa nua. Tá ár gcuid coirpeach féin againn. Is iad atá chomh hálainn chomh gránna, chomh barbartha chomh sibhialta linne.

Is féidir fallaí Béirlin a thógáil (nach mbíodh drochmheas againn ar sin?), nó fallaí Trump a ardú (cén fáth arbh ábhar magaidh é sin cheana?), ach beidh fuar againn. Tá an domhan ag gluaiseacht, agus más cuid bheag den phictiúr mór é sin i bhfad na haimsire, ná habartar nár dúradh leat é. Agus muran maith leat é, gabhtar leat go dtí domhan éigin eile.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar