An Bráthair Bata

Is é nach dtuigtear go furasta inniu gurbh é sin an gnás

'Creideadh go bhféadfaí foghlaim a bhualadh isteach ionat, chomh maith le béasa agus le dea-iompar.' Grianghraf: Getty

De dheasca tuarascála Mary O’Toole ar mhí-úsáid leanaí inár scoileanna tá scéalta eile ag ramhrú an aeir mar gheall ar an bpionós corpartha a bhí réimiúil iontu go dtí an bhliain 1982.

Is scanrúil iad a chlos, gach ceann díobh níos scanrúla ná a chéile. Is é nach dtuigtear go furasta inniu gurbh é sin an gnás.

Ní amháin gurbh é an gnás é, ach glacadh leis gur cuid den dlí nádúrtha a bhí ann, cuid de bheatha na tíre ar nós iasc na hAoine nó cabáiste an tSathairn.

Ní hé ach an oiread nár leomhaigh aon duine é a cheistiú, ní thiocfadh i ngiorracht scread linbh i bpéin do dhuine ar bith smaoineamh go raibh aon rud bunoscionn leis.

READ MORE

Nuair nach raibh d’obair bhaile déanta agat, nó tú déanach don scoil, nó ag caint ar chúl an ranga, nó an freagra mícheart as do bhéal, b’eo an múinteoir chugat ar bhuille boise le buillí ar do bhosa. Agus b’é a bhí os cionn a bhuille, buille rachadh le cnámh.

Creideadh go bhféadfaí foghlaim a bhualadh isteach ionat, chomh maith le béasa agus le dea-iompar. Is deacair é seo a chreidiúint anois nuair is féidir múinteoir a leagfadh lúidín ar ghualainn pháiste le teann tacaíochta a shracadh os comhair na cúirte go pras.

Nuair a bhíos féin im ábhar múinteora bunscoile, as measc na gcéadta uair an chloig teagaisc ar éistíomar leo nó a leagadh faoinár mbráid, ní chreidim gur luadh pionós corpartha oiread agus uair amháin.

Agus nuair a bhí plé á dhéanamh againne, na mic léinn, ar an oideachas agus ar an ngairm a bhí romhainn, ní cuimhin liom gur shil siolla uainn ina thaobh. Ní hé go raibh an t-ábhar á sheachnadh; níorbh aon ábhar é.

Níorbh aon ionadh, mar sin, nuair a fuair cara liom a chéad phost mar mhúinteoir bunscoile gur thug an príomhoide isteach ina oifig é, d’oscail tarraiceán, thug amach leathar, shín chuige é agus d’fhógair: ‘Seo í an áis teagaisc is fearr a bheidh agat!’

B’in é an meon a thug cead lasctha is batrála dá lán. Caithfidh mé a rá nárbh é sin mo chleachtadhsa mar dhalta (seachas fo-eachtra, gan amhras), ach sa scoil ina rabhas bhí aon bhráthair amháin a thuill clú agus mícháil de dheasca a réime sa rang.

B’é sin an Bráthair Bata, mar a thugaimid air anseo, a bhfuil dánta ag Liam Ó Muirthile agus ag Greg Delanty ina thaobh, agus ní mar mholadh.

Tharla go raibh sé i mbun an rang scoláireachta i ngnáthbhunscoil áirithe i gcathair Chorcaí, sna blianta sin sular tugadh meánoideachas saor in aisce isteach.

Dá bhfaighfeá scoláireacht ní ghearrfaí aon táille mheánscoile ort. Ba mhór an duais é sin dá lán. Murach é, is ag obair a raghfá in aois a 12 bliana duit.

Ach d’fhaigheadh an rang sin scoláireachtaí gan teorainn. Beagnach gach duine. Scoláireachtaí ón gcathair agus ón gcomhairle contae araon. Ach is daor a ceannaíodh iad.

D’fhanadh siad ar scoil go ham tae, gach lá. Gan aon bhriseadh am sosa an chlóis. Bhídís istigh Dé Sathairn. Uaireanta Dé Domhnaigh. Lá le Pádraig nuair ba ghá. Ní cúrsaí iontais go scuabadh siad gach rud leo.

Na tuismitheoirí, is iad a bhí buíoch.

Cheannaíodh siad bronntanais dó, rásúr leictreach ar an rud ba lú, ach gluaisrothar mar sméar mhullaigh. Is iad a thuig gur le slat is le leathar, le béic le liú le sceimhle le tromluithe le brístí fliucha le néaróga scriosta le huafás le príosúnacht uile bliana, le pian nós a buaileadh na scoláireachtaí sin isteach iontu.

Roinnt de na buachaillí sin, níor tháinig siad slán sa mheánscoil ina dhiaidh.

Ach bhí tuismitheoirí sásta, bhí an córas sásta. B’in é an saol.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar