Móramh ar son ‘fás suntasach’ sa Ghaeloideachas

De réir phobalbhreith a rinne Ireland Thinks ar son Chonradh na Gaeilge tá an cur chuige oideachasúil reatha as alt le dearcadh móramh na ndaoine

Thóg sé feachtas fadálach leis an sprioc a bhaint amach go gcuirfí Gaelcholáiste amháin ar an bhfód. Grianghraf: Dara Mac Dónaill/The Irish Times

Foclóir: Dul chun cinn fónta - sound progress; sprioc - goal; daonra - population; sonraí déimeagrafacha - demographic data; easpa uaillmhéine - lack of ambition; feachtas fadálach - lengthy campaign; treocht - trend; ábhar buartha - matter of concern; ionchuimsitheach - inclusive.

Cuireadh fáilte mhór roimh fhógra na seachtaine seo caite ón Aire Oideachais Norma Foley, agus ón Iontaobhas Scoileanna Éamainn Rís, go ndéanfar Gaelcholáiste comhoideachais de CBS Sráid Synge i mBaile Átha Cliath 8.

Aistreoidh daltaí rang a sé sna gaelscoileanna máguaird go dtí an chéad bhliain san iar-bhunscoil nua i Meán Fómhair 2026.

Athrú ó bhonn a bheas i ndán do CBS Sráid Synge nuair a aistreofar an scoil ó iar-bhunscoil Bhéarla aonghnéis go Gaelcholáiste comhoideachais Ghaeilge.

READ MORE

Dúirt an Aire Oideachais Norma Foley gur “dea-scéala” é don scoil agus don phobal áitiúil.

“Is eol dom go bhfuil éileamh le fada ar Ghaelcholáiste i mBaile Átha Cliath 2,4,6 agus 8 agus tá lúcháir orm go bhfuil ceann againn anois i gcroílár Bhaile Átha Cliath 2,” a dúirt sí.

“Cuirfidh sé seo leis an soláthar don oideachas lán-Ghaeilge ag an iar-bhunleibhéal i mórcheantar chathair Bhaile Átha Cliath Theas.”

Chuir an feachtas Gaelcholáiste 2468 fáilte roimh an nuacht.

“Ba mhaith linn comhghairdeas agus ardmholadh ó chroí a thabhairt do gach duine a bhí páirteach agus a thacaigh leis an bhfeachtas le 3 bliana anuas,” a dúirt Gráinne Dollard, Príomhoide Scoil Bhríde.

“Is forbairt ollmhór í seo agus tá poitéinseal ollmhór ann dár bpáistí go léir agus dár bpobail scoile,” a dúirt sí.

Dul chun cinn fónta atá sa nuacht go gcuirfear leis an soláthar i mBaile Átha Cliath, agus is ceart obair na Roinne agus Iontaobhas Scoileanna Éamainn Rís a aithint. Ach, mar is eol go rímhaith do phobal na Gaeilge, cheal feachtais fhada agóidíochta ón mbun aníos, nach mórán dul chun cinn a dhéanfaí riamh i dtaobh soláthar scolaíochta trí mheán na Gaeilge a mhéadú.

Cé go bhfuil 200,000 de dhaonra lonnaithe i gceantair Bhaile Átha Cliath 2, 4, 6 agus 8, agus thart ar 40 meánscoil lán-Bhéarla sna ceantair chéanna, b’éigin feachtas fadálach a reáchtáil leis an sprioc a bhaint amach go gcuirfí Gaelcholáiste amháin ar an bhfód. Níl ach thart ar seacht faoin gcéad de dhaltaí na tíre ag freastal ar Ghaelscoileanna agus b’fhiú an cheist a chur - an é cruthúnas ar an riail an eisceacht sa chás seo?

I Márta na bliana seo, léiríodh treocht ar ábhar buartha í i bhfoilseachán na Roinne Oideachais, Táscairí Oideachais d’Éirinn 2023, sé sin, go raibh titim tar éis tarlú ar chéatadán na ndaltaí a fhreastalaíonn ar scoileanna lán-Ghaeilge. Ní raibh ach ocht faoin gcéad de dhaltaí bunscoile ag freastal ar bhunscoil lán-Ghaeilge in 2022 (titim ó 8.1 faoin gcéad in 2021) agus 3.5 faoin gcéad de dhaltaí iar-bhunscoile ag freastal ar iar-bhunscoil lán-Ghaeilge (titim ó 3.6 faoin gcéad).

Baintear úsáid as sonraí déimeagrafacha in aon phleanáil oifigiúil a dhéantar do sholáthar an ghaeloideachais. Ach, dar le hoideachasóirí agus gníomhaithe teanga, tugtar neamhaird ar spriocanna náisiúnta teanga agus tá easpa uaillmhéine agus físe le sonrú i gcur chuige an Stáit i dtaobh na ceiste.

Pobalbhreith

De réir thorthaí ar phobalbhreith a rinne an comhlacht taighde Ireland Thinks ar son Chonradh na Gaeilge atá feicthe ag Tuarascáil, tá an cur chuige reatha as alt le dearcadh móramh na ndaoine a ghlac páirt.

Fiafraíodh díobh ar aontaigh siad gur cheart beartas oideachais a thabhairt isteach in Éirinn, macasamhail chur chuige na Breataine Bige, áit a bhfuil sé mar sprioc acu líon na ndaltaí i scoileanna Breatnaise a ardú ó 23 faoin gcéad go 40 faoin gcéad faoi 2050.

Dúirt 39 faoin gcéad gur cheart líon na ndaltaí sa Ghaeloideachas a ardú go 20 faoin gcéad, dúirt duine as cúigear (20 faoin gcéad) gur cheart é a ardú go 50 faoin gcéad, dúirt seacht faoin gcéad gur cheart go bhfreastalódh gach dalta ar scoil lán-Ghaeilge agus dúirt ocht faoin gcéad gur cheart é a ardú go 10 faoin gcéad.

“Ábhar dóchais atá ann go bhfuil 74 faoin gcéad den phobal i bhfabhar fás suntasach sa Ghaeloideachas, ar 66 faoin gcéad dóibh siúd ar son an Ghaeloideachais a mhéadú ar a laghad fá dhó,” a dúirt Róisín Ní Chinnéide, bainisteoir abhcóideachta le Conradh na Gaeilge i ráiteas a eisíodh don nuachtán seo.

“Bhí dóchas againn nuair a chuir rialtas Fhianna Fáil, Fhine Gael agus an Chomhaontais Ghlais sprioc shonrach, soiléir ina gClár Rialtais le sin a bhaint amach, go mbeadh dúbailt ar líon na ndaltaí ó dheas ag fáil a gcuid oideachais trí Ghaeilge.

“Ar an drochuair, de bharr easpa gnímh ón Aire Oideachais agus ón Roinn Oideachais, titim atá tagtha in áit fáis,” a dúirt sí.

“Tá gá anois le sprioc go mbeidh 20 faoin gcéad de dhaltaí ag freastal ar oideachas trí mheán na Gaeilge laistigh de 20 bliain.”

Scrúdú béil

Ní dhéanann Coimisiún na Scrúduithe Stáit measúnú ar labhairt na Gaeilge ag leibhéal na sraithe sóisearaí faoi láthair agus is minic saineolaithe oideachais ag rá go bhfuil easnaimh mhóra ag baint leis an gcuraclam reatha mar nach ndéantar forbairt ar chumas labhartha Gaeilge na ndaltaí.

Deir siad go bhfágann sin daltaí faoi mhíbhuntáiste nuair a thosaíonn siad ar shruth na hardteistiméireachta, go háirithe mar go dtugtar 40 faoin gcéad den mharc ardteistiméireachta don bhéal triail.

Léirigh an phobalbhreith, atá mar chuid de staidéar ar dhearcthaí i dtaobh na Gaeilge, gur chreid móramh (67 faoin gcéad den 1,759 duine a rinne agallamh) gur cheart go mbeadh scrúdú béil Ghaeilge mar chuid den tSraith Shóisearach d’fhonn níos mó béime a chur ar labhairt na teanga. Dúirt 15 faoin gcéad nár aontaigh siad agus bhí 18 faoin gcéad a dúirt nach raibh a fhios acu nó a bhí gan tuairim.

Dúirt Ní Chinnéide gur cheart gurb í “príomhsprioc chúrsa Gaeilge na Sraithe Sóisearaí ná cainteoirí líofa Gaeilge a dhéanamh de na daltaí a thugann faoi.”

“Sprioc í seo atá formhór an phobail ar a son agus a luíonn le ciall,” a dúirt sí.

“Is gá go mbeadh tuiscint níos soiléire ag an Roinn Oideachais ar seo, agus go bhfeicfidh an Roinn chuige go gcuirfí seo i bhfeidhm trí Churaclam na Sraithe Sóisearaí,” a dúirt sí.

Dúirt Shane Ó Coinn, atá ina chathaoirleach ar eagras tacaíochta An Gréasán do Mhúinteoirí Gaeilge, go dtagann torthaí na pobalbhreithe leis an méid atá múinteoirí Gaeilge ag éileamh le fada. “Tá sé thar am againn gníomhú ar an éileamh seo,” a dúirt sé.

“Tá sé riachtanach go mbeadh scrúdú béil ann ag leibhéal na Sraithe Sóisearaí.”

Ba cheart, dar leis, go mbeadh aitheantas don obair labhartha sna torthaí deiridh a fhaigheann daltaí ó Choimisiún na Scrúduithe Stáit.

Bhain ceist eile a cuireadh leis an ngá an córas oideachais a chur in oiriúint do chumas agus do shainriachtanais na ndaltaí. Deir saineolaithe oideachais go bhfuil na critéir a úsáidtear chun díolúintí ó staidéar na Gaeilge a cheadú ró-scaoilte. Moltar gur cheart díriú ar an teanga a mhúineadh ar bhealaí a bheadh in oiriúint do gach dalta, cibé leibhéal cumais atá acu.

San suirbhé, thacaigh beagnach seachtar i ngach deichniúr (69 faoin gcéad) leis an ráiteas gur cheart go mbeadh an córas oideachais ionchuimsitheach agus go mbeadh riachtanais na ndaltaí san áireamh. “In ainneoin ráitis ón Roinn Oideachais a dúirt go ndéanfaí rud annamh, eisceachtúil de dhíolúintí faoin chóras nua, feictear fás bliain i ndiaidh bliana ar líon na ndíolúintí ó staidéar na Gaeilge a bhronntar,” a dúirt urlabhraí an Chonartha, Róisín Ní Chinnéide.

“Inár dtuairim, córas lochtach atá sa chóras reatha, a shéanann foghlaim na teanga ar dhaltaí in áit foghlaim a éascú dóibh. Ba cheart go ligfeadh an córas do dhaltaí a bhfuil riachtanais bhreise acu, nó a thagann isteach sa chóras mall, an teanga a fhoghlaim ag an leibhéal ag a bhfuil siad.”

Dúirt Shane Ó Coinn go bhfuil córas na ndíolúintí imithe “as smacht”. “Tá sé in am an córas lochtach seo a athrú,” a dúirt sé. “Ba cheart go mbeimis ag cumasú gach dalta leis an teanga a fhoghlaim ag leibhéal atá oiriúnach dóibh, agus ag cur fáilte roimh gach duine leis an teanga a fhoghlaim in áit daltaí a chur ó dhoras. Ní mór an córas a athrú ó bhun.”

Bhí sé mar chuspóir ag Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge líon na gcainteoirí laethúla a mhéadú go 250,000 faoi 2030. Ach, de réir daonáireamh 2022, ní raibh ach 71,968 cainteoirí laethúla ann, titim 1,835 ar fhigiúr 2016.

Tá sé mar sprioc ag straitéis teanga na Breataine Bige, Cymraeg 2050, go mbeadh milliún cainteoirí Breatnaise ann faoi 2050 ach aithnítear ansin go bhfuil ról lárnach le himirt ag an gcóras oideachais san obair.

Tá go leor le foghlaim, is léir, ó thaithí mhuintir na Breataine Bige.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.