Oireachtas na Samhna: ‘Pé áit a mbeidh sé, beidh sé ina Ghaeltacht’

Cuireann an fhéile seo ardán náisiúnta ar fáil do phlúr na gcumadóirí, filí, ceoltóirí, amhránaithe ar an sean-nós, rinceoirí, scríbhneoirí, drámadóirí agus scéalaithe

Bronnfar Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais na bliana seo ar Alan Esslemont, Ard-Stiúrthóir TG4.
Bronnfar Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais na bliana seo ar Alan Esslemont, Ard-Stiúrthóir TG4.

Foclóir: Iomaitheoirí – competitors; dlúthbhaint – close association; rinceoirí – dancers; ar deireadh thiar thall – ultimately; bua – win; taibhealaíona – performing arts; déagóir – teenager; ghníomhaithe teanga – language activists; aitheantais- recognition; toirbhirt – gift; ceardlanna – workshops.

‘Nuair a thagann an bua chomh fada le do cheantar féin nó le do cheantar dúchais féin is mór an rud é.”

Sin a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, ceannasaí An tOireachtas, agus í ag caint ar thábhacht Oireachtas na Samhna i saol na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Féile mhór na n-ealaíon dúchasach agus na Gaeilge é Oireachtas na Samhna agus tá sé ar cheann de na himeachtaí is suntasaí i bhféilire cultúrtha na Gaeilge agus ar cheann de mhórfhéilte ealaíona na tíre.

READ MORE

Tá dlúthbhaint, dar ndóigh, idir teanga agus féiniúlacht chultúrtha agus cuireann an fhéile seo ardán náisiúnta ar fáil do phlúr na gcumadóirí, filí, ceoltóirí, amhránaithe ar an sean-nós, rinceoirí, scríbhneoirí, drámadóirí agus scéalaithe.

Mealltar lucht féachana, lucht éisteachta, iomaitheoirí agus (le holltoghchán ar na bacáin i mbliana) iarrthóirí ó chuile chearn den tír.

Idir óg agus aosta freastalaíonn na mílte ar na himeachtaí, agus ar deireadh thiar thall, sin mar ba chóir: ceiliúradh pobail atá san Oireachtas.

Agus Tuarascáil ag caint le Máirín Nic Dhonnchadha, d’inis sí dúinn faoi na cuimhní is luaithe atá aici féin ar an gcomórtas. Is i gCill Airne a thionólfar féile na bliana seo, ach is ar an gCeathrú Rua i gConamara in 1983 a d’fhreastail Nic Dhonnchadha ar an bhféile den chéad uair. An bhliain áirithe sin, ba é Máirtín Tom Sheáinín a bhuaigh Corn Uí Riada, an gradam is mó dá bhfuil ann don amhránaíocht ar an sean-nós.

“Is as Béal an Daingean mise, agus níl Leitir Móir ná Leitir Calaidh [áit dúchais Mháirtín Tom Sheáinín] ach cúpla míle siar an bóthar uaim.

“Rinneadh ceiliúradh mór timpeall ar Mháirtín agus ar a bhua,” a dúirt sí.

“Nuair a fheiceann tú daoine a bhfuil aithne agat féin orthu, agus iad ag fáil aitheantais ó dhaoine taobh amuigh de do cheantar féin, is rud é sin a théann i bhfeidhm go mór ort,” a dúirt Nic Dhonnchadha.

“Is dóigh gurbh é sin an uair, mar dhéagóir, gur thosaigh mé ag cuimhneamh ar thábhacht na hamhránaíochta ar an sean-nós do mo mhuintir féin,” a dúirt sí.

Gaeltacht

Cuma cá mbíonn an fhéile ar siúl, déantar Gaeltacht den láthair. “Pé áit a mbeidh sé, beidh sé ina Ghaeltacht,” a dúirt Nic Dhonnchadha.

“Is cuma cá dtéann tú - más go Club na nÓg, Club Amhránaíochta nó Club seiteanna a théann tú, sí an Ghaeilge a chloisfear. Sí an Ghaeilge phríomhtheanga na féile.”

Deis atá san Oireachtas freisin do ghníomhaithe teanga, d’eagrais agus do ghrúpaí pobail cruinnithe agus imeachtaí a reáchtáil chun casadh lena chéile agus leis an bpobal. Reáchtálfar ceardlanna, léachtaí poiblí, seoltaí leabhar “agus míle rud eile” chun na sluaite mhealladh isteach. Nuair a chaitear an bhliain ag plé le gach gné eile i saol na Gaeilge, is mór an toirbhirt í an ócáid.

Cuirfear tús leis an spraoi i mbliana ar an gCéadaoin seo in Amharclann an Oireachtais in Óstán Brehon le hoscailt na féile, agus is é Aire Stáit na Gaeltachta Thomas Byrne a sheolfaidh Oireachtas na Samhna go hoifigiúil.

Reáchtálfar Bronnadh Dhuaiseanna Liteartha An Oireachtais 2024 an tráthnóna sin, áit a mbronnfar Buaic-Ghradam Cumarsáide Oireachtais na bliana seo ar Alan Esslemont, Ard-Stiúrthóir TG4 as a chuid oibre ceannródaíoch i gcaitheamh na mblianta in earnáil na teilifíse Gaeilge.

Tá ról lárnach ag an Oireachtas i gcaomhnú agus i gcur chun cinn thraidisiúin chultúrtha na Gaeilge dar ndóigh, agus orthu sin, is iad na healaíona traidisiúnta croí-imeachtaí na féile.

Beidh suas is anuas le 1,000 iomaitheoir rannpháirteach i 60 comórtas i mbliana. Ina measc sin beidh damhsa ar an sean-nós, amhránaíocht ar an sean-nós, scéalaíocht, lúibíní agus agallamh beirte.

Cuirfear tús leis na comórtais maidin Déardaoin agus leanfaidh siad ar aghaidh go dtí go mbeidh an bhuaic- chomórtas, Corn Uí Riada, thart oíche Shathairn.

“Déantar freastal ar na haoisghrúpaí ar fad. Ó ghasúir óga go dtí na mic léinn bíonn ócáidí speisialta ann dóibh. Reáchtálann Gael Linn an craobh dhíospóireachta chuile bhliain agus reáchtálann Conradh na Gaeilge imeachtaí eile ar nós tóraíocht taisce agus mar sin de.”

Táthar ag súil go dtabharfaidh slua mór aghaidh ar Chill Airne i mbliana. D’fhreastail thart ar 12,000 duine ar an bhféile anuraidh agus táthar súil go mbeidh an méid céanna nó níos mó ann i mbliana.

“Bíonn tionchar ag líon na n-iomaitheoirí ar sin. Chomh maith le chuile ghasúr a chuireann isteach ar chomórtas tiocfaidh Mam agus Daid, dearthár agus deirfiúr agus b’fhéidir Mamó agus Daideo,” a dúirt Nic Dhonnchadha.

Cé gur chraol Raidió na Gaeltachta cláir ó láthair na féile bliain i ndiaidh bliana, ba bheag aird a thugadh na príomhstáisiúin teilifíse agus raidió ar an bhféile, go háirithe ar chraoltóir náisiúnta na tíre, RTÉ. Ach tá cúrsaí athraithe go mór agus léiríonn na meáin chraolta spéis shuntasach san Oireachtas anois.

“Bliain i ndiaidh bliana, bíonn níos mó clár beo á gcraoladh ó láthair na féile,” a dúirt Nic Dhonnchadha.

Is iad Raidió na Gaeltachta agus TG4 na craoltóirí is mó a thugann aird, ach léiríonn RTÉ agus BBC Thuaisceart Éireann an-chuid suime ann chomh maith. Beidh Raidió Fáilte, Raidió na Life agus Radio Kerry ar an láthair freisin le freastal ar a lucht éisteachta féin.

Ardú feasachta

Cé go bhfaigheann Oireachtas na Samhna níos mó poiblíochta anois ná riamh, tá ardú feasachta de dhíth má táthar chun scéal na féile a scaipeadh agus pobail nua a mhealladh.

“Tá Raidió na Gaeltachta agus TG4 théis go leor a dhéanamh le scéal an Oireachtais a scaipeadh ní hamháin fud fad na tíre, ach ar fud an domhain freisin.”

“Ach cinnte, tá daoine nár chuala trácht ar an Oireachtas ariamh,” a dúirt Nic Dhonnchadha.

Tá sé i gceist iarracht bhreise a dhéanamh chun daoine agus pobail nua a mhealladh sna blianta atá amach romhainn.

“Tá fásach mór i lár na tíre nach bhfuil na healaíona teangabhunaithe Gaeilge á gcur chun cinn iontu ar chor ar bith,” a dúirt Nic Dhonnchadha.

Fuair an tOireachtas faoiseamh suntasach airgeadais i mbliana nuair a ceadaíodh maoiniú sa bhreis mar chuid den Straitéis do na hEalaíona Teangabhunaithe.

“Fuair muid beagnach €5 mhilliún ón Rialtas chun na taibhealaíona a chur chun cinn fud fad na tíre agus tá plean gníomhaíochta leagtha amach againn chuige sin,” a dúirt Ní Dhonnchadha.

Bainfear leas as an gciste breise chun na healaíona a chur chun cinn taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá sé mar aidhm ag an eagras na healaíona dúchasacha a bheith á gcleachtadh “go saoithiúil, fonnmhar, lúcháireach, fuinniúil ag daoine den uile aoisghrúpa fud fad na tíre d’fhonn iad féin a chur in iúl go cruthaitheach.”

Chuige sin, tá comhordaitheoir náisiúnta agus cúigear oifigeach réigiúnach le hearcú. Beidh oifigeach lonnaithe i ngach cúige agus duine eile i mórcheantar Bhaile Átha Cliath.

Ach sula dtosófar ar an obair sin, tá Oireachtas na Samhna 2024 buailte linn.

“Tá an obair mhór déanta ag an bpointe seo agus tá an clár imithe chuig an gclódóir. Níl orainn a dhéanamh anois ann ach cinnte a dhéanamh de go n-éireoidh linn é a chur i gcrích.”

Beidh Oireachtas na Samhna ar siúl i gCill Airne ó 30 Deireadh Fómhair - 3 Samhain.

Breis eolais agus clár imeachtaí: antoireachtas.ie/oireachtas-na-samhna/

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.