Bhí áthas ar Bharbie go bhfuair sí baile slán. Cailín beag le haire a thabhairt di. Cairde aici le bheith ag súgradh léi chomh maith. Tuismitheoirí grámhara a dhéanfadh rud ar bith le cineáltas.
Níorbh fhada go bhfuair sí éadaí nua, cinn a bhféadfaí iad a athrú ar theacht lae gréine. Ach lá gréine ba ea gach uile lá. An ghrian lasnairde ag soilsiú anuas agus gile na mara ag spréacharnach. Ní spréacharnach chomh hálainn leis na héadaí a bhí uirthi de ghnáth, ach mar sin féin.
Léim a croí le háthas nuair a fuair sí teach dá cuid féin. Dhá stór a bhí ann, agus leaba agus vardrús dá cuid féin. Is minic a chuaigh sí suas is síos an staighre sin, a d’oscail an vardrús is a chuir a mhalairt d’éadaí uirthi féin. Bhí an saol mar a d’iarrfadh a béal a bheith, agus a croí, agus gach mian dá raibh aici.
Bhain an fhuaim geit aisti. Níor airigh sí aon rud mar é riamh roimhe sin. Tormáil mar a bheadh ag teacht ó bholg na talún, ach gurb ón aer anuas a bhí ag teacht. Ba dhóbair don phléasc a cuid gruaige a bhaint di, a folt breá fionn ar réitíodh ar maidin é.
Green ‘flash’ registration plates for motorists on Irish roads with zero-emission vehicles
When will we know who won the US election? Key timings and results guide as Trump and Harris bid to become next president
100 great restaurants, cafes and places to eat in Ireland 2024
Locals stall opening of Thornton Hall for up to 1,000 asylum seekers
Caitheadh siar í amach as a teach. Bhuail sí balla. Bhí smúit ina timpeall. Ceo agus deatach. Nuair a tháinig sí chuici féin, thug sí faoi deara go raibh lámh léi imithe óna gualainn síos. Ach ba chuma, bhí lámh eile fós aici óna méara anuas.
Bhí grá fós di. Ardaíodh suas í, baineadh an deannach di, mhothaigh sí lámh chineálta á muirniú, agus focail chineálta á rá. Bhíothas á pógadh go dil. An oíche sin chodail sí i leaba eile, greim daingean uirthi agus anáil bhláth ar a leiceann.
Ba mhinic a chuala sí an tormáil chéanna sin arís ón spéir. Glór laethúil ba ea é. Chuir sceimhle uirthi. Bhíothas á fáisceadh níos dlúithe gach uair a thagadh anuas as an aer. Tháinig chomh gar sin di uair gur briseadh fuinneog agus go ndeachaigh splincíní gloine isteach ina cabhail.
Go deimhin, ní raibh faoiseamh ar bith ag teacht. Chuala sí gur dúradh léi imeacht. Siúl fada a bhí aici cuachta i ndorn go fíochmhar. Gángarnach ag asal ag bodhradh a cluaise. Bhí an áit nua beagán níos ciúine. Ar feadh cúpla lá.
Gur tháinig an chaor thine. Nós na gréine ag teacht chun talaimh. Scaoileadh an lámh a bhí á coimeád agus chuaigh an loscadh tríthi féin. Thit sí síos ar charraig the, cé nárbh é bualadh a cloiginn ba mheasa. Nuair a d’fhéach sí uirthi féin, bhí a cabhail breactha le bolgóidí cnis is le neascóidí gorma. Ní bheadh sí ag teastáil ó dhuine ar bith feasta.
Níor fheas di go ceann tamaill go raibh sí ar leathchois. Í ar leathchois agus ar leathláimh anois, cnapáin ar a colainn.
Níor tháinig aon duine á lorg. Í ina luí ansin sa smionagar. Ag féachaint suas ar an spéir ghorm a bhí spotaithe le héanlaith ghránna ag gluaiseacht go glórach. Ag féachaint síos ar a raibh fágtha di féin.
Níorbh eol di cén fad a bhí sí ansin. Fad tréimhsí dorcha agus geala. Ansin ardaíodh arís í. Níorbh í seo an cailín a thug aire di cheana. Ach chomh grámhar céanna. Póga agus caint chineálta arís. Tugadh abhaile í.
Teach eile aici di féin. Déanta de chairtpháipéar agus cipíní adhmaid. Ach gan aon staighre ann. D’fhéadfadh sí bheith sona arís.
Go dtí gur tháinig an bhúireach mhór. Gan choinne. An saol ina bhloghtracha. Ina smiodair. An domhan go léir ina ualach anuas uirthi.
Ní heol d’aon duine cén áit faoin smionagar a bhfuil Barbie anois.
- Sign up for push alerts and have the best news, analysis and comment delivered directly to your phone
- Join The Irish Times on WhatsApp and stay up to date
- Listen to our Inside Politics podcast for the best political chat and analysis