Más san ollmhargadh atá tú agus tú i do sheasamh sa scuaine, nó sa phictiúrlann nuair nach bhfuil scannán Gaeilge á thaispeáint, nó plódaithe isteach in ardaitheoir in Aerfort Bhaile Átha Cliath, nó i sráidbhaile atá go hoifigiúil sa Ghaeltacht ach nach bhfuil ina Ghaeltacht, is aoibhinn an rud é an Ghaeilge a chloisteáil á labhairt agus gan coinne ar bith agat leis.
Le gairid agus bhur gcolúnaí ag siúl abhaile trí lár na príomhchathrach oíche fhuar, cheobhránach, bhí duine ag trasnú na sráide agus é ag gabháil fhoinn in ard a ghutha. Céard a bhí á cheol aige ach ‘Beidh Aonach Amárach i gContae an Chláir’. Bhí an t-amhrán uilig aige agus nuair a bhí sé ráite aige lig sé liú as. Amanna tagann an teanga aniar aduaidh orainn mar sin. Is fánach an áit a bhfaighfeá gliomach a deir an seanfhocal - agus is fíor sin, cuma cá bhfuil tú.
Mar léiriú air sin, b’údar áthais agus iontais é dreas cainte Gaeilge a chloisteáil ar chlár Béarla ar an raidió an tseachtain seo caite. Gearrthóg a bhí ann ó ‘Crá’, scéinséir nua de chuid TG4. Craoladh é le linn agallaimh ar Arena, príomhchlár ealaíne RTÉ, leis an aisteoir Alex Murphy agus le scríbhneoir an tsraithdhráma, Doireann Ní Chorragáin.
Lena cheart a thabhairt dó, tá láithreoir an chláir, Seán Rocks, ar dhuine de líon beag láithreoirí ar RTÉ a dhéanann iarracht cúpla focal a labhairt ó am go chéile. Ní fhéadfá a rá gur mhórócáid náisiúnta a bhí ann, nó gur cheart scéal seacht mbliana a dhéanamh de scéal seacht nóiméad (nó de ghearrthóg 30 soicind mar ab amhlaidh sa chás seo) ach i gcomhthéacs an chraoltóra náisiúnta agus stair na Gaeilge ar RTÉ Radio 1, céim sách dána a bhí ann mar sin féin.
‘I am back in work full-time and it is unbearable. Managers have become mistrustful’
‘Remarkable’ officer who was subject to court martial should be rehabilitated and promoted, says ombudsman
Gardaí search for potential information left behind by deceased Kyran Durnin murder suspect
Enoch Burke’s father Sean jailed for courtroom assault on garda
Mar a tharla sé, craoladh mír eile an lá cheana faoin bhfeachtas Gaeilge24, nuair a rinne 25,000 dalta scoile sna 32 chontae iarracht Gaeilge amháin a labhairt ar feadh 24 uair an chloig.
I mBéarla a bhí an ceann seo ach labhair ionadaí an fheachtais ar ‘normalú’ na Gaeilge - sé sin go mbeadh an Ghaeilge le feiceáil agus le cloisteáil mar ghnáthnós.
Is léiriú ar an staid reatha é, is dócha, gurb é ‘normalú’ ceann de na focail is minice a chloistear i gcúrsaí pleanála teanga (cé go mbíonn sé sin i ndianiomaíocht leis an bhfocal ‘tiomanta’).
Bíodh sin mar atá, ach ar an iomlán, taobh amuigh d’fhógraíocht Ghaeilge a bhfuil sé de dhualgas ar na meáin a chraoladh, is beag Gaeilge a chloistear ar an gcraoltóir náisiúnta.
Ar an gCéadaoin, mar shampla, craoladh díospóireacht idir iarrthóirí olltoghcháin i nDún na nGall, ach ní raibh gíog ná fiú amháin míog le cloisteáil faoin Ghaeilge ná faoi Ghaeltacht Thír Chonaill.
Cé nach dtugann ‘normalú’, mar fhocal, aitheantas ar bith do bheocht nó do ghaois na Gaeilge, agus go dtugann sé le fios go bhfuil rud éigin ainspianta ag baint léi, tá an smaoineamh atá taobh thiar de ceart. Tá na mórmheáin chumarsáide (gach cineál) uile-láithreach, agus má táthar chun úsáid na Gaeilge a fhorleathnú, caithfidh siad a gcion féin a dhéanamh- agus gan í a úsáid mar mhaisiúchán amháin.
Níl aon chúis, mar shampla, nach mbeadh clann ar Fair City RTÉ á tógáil le Gaeilge, nó nach bhfeicfimis tuairisc ó fhoilseacháin Ghaeilge ar ‘It Says In The Papers’ mar aon le haon fhoinse nuachta eile.
Níl aon chúis ach an oiread nach gcloisfimis agallaimh i nGaeilge ar Six One nó nach bpléifí í mar shaincheist toghcháin.
Agus cén fáth nach mbeadh dreas cainte ó Raidió na Gaeltachta, ó Raidió na Life nó ó Raidió Fáilte ar ‘Playback’ chuile mhaidin Shathairn?
Dá mbeadh, b’fhéidir ansin go spreagfadh sé fíor-normalú nádúrtha - gan ghá le tiomantas ar bith sa bhreis.
Féiríní na Nollag
An bhfuil gnó agat a fheidhmíonn agus a dhíolann earraí/seirbhísí trí Ghaeilge? Má tá, agus más mian leat go luafaí é i Tuarascáil, seol eolas le grianghraf más féidir chuig tuarascail@irishtimes.com roimh an 27 Samhain. Luaigh ‘Féiríní na Nollag’ leis an ríomhphost.
- Sign up for push alerts and have the best news, analysis and comment delivered directly to your phone
- Join The Irish Times on WhatsApp and stay up to date
- Listen to our Inside Politics podcast for the best political chat and analysis