Cé gurbh í seo an oíche ba ghnóthaí sa bhliain thaitin sé go mór le Santa. Le fírinne, is chuige seo a bhí sé ann ar chor ar bith. An bhliain uile go léir ag obair go dian ina mhonarcha ag déanamh na mbréagán do na leanaí, na féiríní a ghealfadh an mhaidin dóibh, agus ansin ar deireadh an turas fada ó bhaile go baile, ó theach go teach.
Bhíodh fadhbanna tuirlingte ann, gan amhras. Níor réitigh sé leis na réinfhianna i gcónaí teacht anuas ar dhíon a bhí ar claon, ach ní raibh oiread sin díonta cothroma ann sna tíortha is mó a raibh éileamh air. B’fhearr leo, agus leis féin, tuirlingt ar fhaiche nó ar phlásóg agus ansin sciuird mhear a thabhairt timpeall ó áit go háit. B’oiriúnaí go mór é sin, go háirithe anois nuair a bhí an simné féin ag dul as faisean.
B’éigean a bheith faichilleach chomh maith. Bhí oiread sin páistí anois go raibh amhras orthu arbh ann in aon chor dó go gcaithfeadh sé a bheith ag faire roimhe ar eagla go mbeadh scraiste beag éigin ag feitheamh laistiar de dhoras d’fhonn breithe air.
Ach ba chuid mhór den oíche an taisteal féin. B’aoibhinn leis a bheith amuigh ag gluaiseacht tríd an aer gan duine ná deoraí ag cur isteach air. B’éigean dithneasú, b’fhíor sin ar fad, ach subhachas faoi leith ba ea a bheith lasnairde den talamh, an saol laistíos agus na réaltaí a bheith os do chionn ag glioscarnach ar shíleáil an domhain.
Bhíodh scamaill ann, gan amhras, ach ar chúis éigin bhí rud éigin míorúilteach ag baint leis an oíche seo ionas gurbh annamh a chuiridís chomh mór sin isteach air. Bhí mar a bheadh sé ábalta ar ghluaiseacht tríothu agus an talamh a fheiscint ag an am céanna.
Arís eile chomh hard sin nuair ba ghá gluaiseacht níos tapúla go samhlaíodh sé an domhan ag spóladh uaidh faoi loinnir na gealaí ach eagla air nach gcuirfeadh sé a ghnó i gcrích sula nochtadh scoilt óir na gréine ar íor na spéire. Níorbh eol don oíche go mbéarfadh an lá suas léi is go scoithfeadh é faoi dheireadh. Fear mór oíche ba ea é féin go dtí go mbláthódh an mhaidin a raibh gach páiste ag dúil léi.
Ach fós, bhí rud éigin neamhchoitianta ag baint leis an oíche Nollag áirithe seo. Níorbh oíche spéirghealaí í, go deimhin ní raibh sa ghealach ach mar a bheadh scamhadh iongan mílítheach gurbh ar éigean a d’fheicfí í. Na réaltaí, bhí siad sin fann go leor mar ba dhual, ach fós bhí an oíche thar a bheith geal. Geal thar an gcoitiantacht. Níos gile ná mar a bheadh dá mbeadh an ghealach lán ina banríon ar an oíche féin. B’ait leis é seo ar fad.
B’iad na réinfhianna a d’fhreagair an cheist dó. Agus b’ionadh leis nach bhfaca sé féin é. Róchúramach ag faire a bhóithre féin agus eagla air go rachadh ar seachrán.
Réalta mhór amháin níos gile ná gealach ar bith, réalta mar a bheadh greadhnach thine sa spéir, réalta ba dhóigh leat a théifeadh an chruinne ar a seal. Bhí chomh léir lonrach sin go raibh an domhan mar a ritheann nach mór le feiscint soir siar. Shíl na réinfhianna go raibh á dtreorú, agus thiocfadh go raibh.
Is ansin, gan choinne, a chonaic sé an drón. Nó b’fhéidir gur diúracán a bhí ann aníos as an talamh naofa. Ag gluaiseacht trí aer na hoíche. Ag díriú ar an ngile. Smúúúmb! Bhuail an réalta le gread. Mhaidhm an réalta in aon phléascadh amháin.
D’imigh gach solas as. Leath dorchadas ar fud na cruinne.
(Níl an scéal seo sa leabhar Scéalta Nollag [LeabhairCOMHAR] le hAlan Titley, ach tá scéalta eile cosúil leis.).
- Sign up for push alerts and have the best news, analysis and comment delivered directly to your phone
- Join The Irish Times on WhatsApp and stay up to date
- Listen to our Inside Politics podcast for the best political chat and analysis