Tá an scríbhneoir, file, foilsitheoir, staraí agus gníomhaí teanga aitheanta, Pádraig Ó Snodaigh, tar éis bás a fháil.
Bhí sé 89 bliain d’aois.
Rugadh i gCeatharlach é agus chaith sé a shaol ag obair le Bord Soláthair an Leictreachais agus leis an Ard-Mhúsaem i mBaile Átha Cliath.
Bhí aithne mhaith air i saol na Gaeilge mar ghníomhaí teanga agus chaith sé tréimhse ina uachtarán ar Chonradh na Gaeilge ó 1974 go 1979.
Ceannródaí a bhí ann in earnáil na foilsitheoireachta Gaeilge. Bhunaigh sé an comhlacht Coiscéim in 1980 agus chuir sé suas agus anuas le 1,500 leabhar de gach cineál i gcló.
I measc na leabhar a d’fhoilsigh sé bhí saothair le Biddy Jenkinson, Gabriel Rosenstock, Máirtín Ó Cadhain, Tomás Mac Síomóin, Nollaig Ó Gadhra, Breandán Ó Doibhlin, Risteard Ó Glaisne agus go leor eile.
Tugadh aitheantas dó in 2019 nuair a bhronn Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, céim onórach DLitt Celt air.
D’éag a bhean chéile, an t-ealaíontóir iomráiteach Cliodhna Cussen, i Lúnasa 2022.
Maireann a chlann mhac: Fergus, Aengus, Colm, Cormac, Rónán agus Rossa.
- Sign up for push alerts and have the best news, analysis and comment delivered directly to your phone
- Join The Irish Times on WhatsApp and stay up to date
- Listen to our Inside Politics podcast for the best political chat and analysis