Macalla an teideal thuas as dán le Piaras Mac Gearailt, rud a thuigfeadh Pádraig Ó Snodaigh go maith ós é a bhí domhaineolach ar litríocht na Gaeilge siar amach. Go deimhin, nuair a d’imigh sé uainn an tseachtain cheana dá mbeadh sé beo san ochtú haois déag bheadh marbhnaí á gcumadh ag an éigse ar fad dó a thosnódh leis an gcaoineadh nósmhar, leithéid, ‘Mo bhrón, mo thubaist, mo threighd, mo mhairg, mo chrá, mo chaí, mo chiach, mo cheas, mo chruatan, mo chreach, mo chráiteacht, m’orchra …’ agus cé nach cuí filíocht mar sin a scríobh feasta, is mó duine a thuigfeadh gach siolla díobh agus iad á lua le Pádraig.
Is iomaí gníomh mór a dhein sé, agus ba ghníomhartha misniúla gach ceann acu. Toisc oiread sin toisí éagsúla a bhain leis, beidh a chuimhní féin ag gach duine air. Smaoineofar ar a dhíocas agus ar a chuid fuinnimh sna feachtais éagsúla ar son na Gaeilge: an cur in aghaidh laghad na gcláracha Gaeilge ar RTÉ, a thacaíocht do Scoil Dhún Chaoin nuair a shíl lucht oideachais gur beart ar fónamh scoileanna beaga a dhúnadh, a thiomantacht mar Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge.
Ar feadh na mblianta fada, áfach, cuimhneofar air mar an duine a bhunaigh an comhlacht Coiscéim nuair a shíl sé go raibh bearna le líonadh i bhfoilsitheoireacht na Gaeilge. Ní hé nach raibh obair den scoth ar siúl ag foilsitheoirí eile, ach níor dhóthanach iad, dar leis, agus níor leor a raibh á rá ag scríbhneoirí na teanga. Ní foláir nó mhothaigh sé go rabhthas amuigh ansin ag pléascadh le rud éigin a rá, agus is é a bhí meáite go gcloisfí iad.
Dhá leabhar a d’fhoilsigh Coiscéim sa chéad bhliain dóibh ar an saol in 1980. Ceann acu leabhar filíochta le hEithne Strong a léirigh a bhá leis an nguth neamhaitheanta, agus an ceann eile ba ea iris darb ainm Lasair, iris mhachnaimh agus smaointe a raibh sé féin ina chomheagarthóir air. Cúig cinn de leabhair a d’fhoilsigh sé an bhliain dár gcionn, ocht gcinn an bhliain ina dhiaidh sin agus is a dul i neart agus in iomadúlacht a bhí an soláthar leabhar as sin amach. Mar shampla de sin, sa bhliain 2015, nuair a bhí an stát fós ag teacht as gadaíocht mhór na mbancanna, d’fhoilsigh Coiscéim breis agus daichead leabhar! De réir áirimh amháin, tá breis agus 1,700 ar a liosta acu.
Coalition talks: Agreement close on programme for government, with possible junior ministry for Healy-Raes
Woman stabbed to death in Cavan named as murder investigation launched
An unsettling conversation on the Dart leaves other passengers open-mouthed in amazement
Leinster’s defence comes up trumps as they see off La Rochelle in another thriller
Is cuimhin liom a bheith i láthair ag ceann de na cruinnithe sin a tharlaíonn go fánach mar gheall ar shíorghéarchéim na foilsitheoireachta sa Ghaeilge, b’fhéidir 15 bliana ó shin. Bhí Pádraig ar an bpainéal agus nuair a ghearáin duine ón urlár go raibh sé rófhurasta d’údar a bheith foilsithe sa Ghaeilge agus go raibh barraíocht á cur amach, ba dhóbair do Phádraig pléascadh.
‘Níl a leithéid de rud agus an iomad leabhar Gaeilge ann!’ ar seisean go spleodrach neamhleithscéalach.
Ní hé nach raibh sé féin géar agus dianroghnaitheach, mar bhí. Ach chreid sé go diongbhálta gur cheart deis a thabhairt do scríbhneoirí, de réir an mhana neamhráite: ‘Mol an éigse, agus tiocfaidh sí.’
Agus ní taobh leis an éigse in aon léamh cúng a bhí sé. D’fhoilsigh Coiscéim gach aon chineál, shórt, earnáil, bhlas dá bhfuil ann: filíocht, úrscéalta, gearrscéalta, béaloideas, beathaisnéisí, fealsúnacht, síceolaíocht, paimfléid, stair, cuimhní cinn, polaitíocht, scoláireacht, léarscáileanna, féilirí, litreacha, drámaíocht, critic, aistí, ailt, foclóirí, aistriúcháin agus pé ní nach féidir liom breith air anseo.
Is geall le leabharlann chuimsitheach de chuid na Gaeilge lenár linn é Coiscéim, agus is é is iontaí nach raibh ansin ach ceann amháin de mhórghaiscí Phádraig Uí Shnodaigh ar lúide Éire agus gach duine againn a imeacht.
- Sign up for push alerts and have the best news, analysis and comment delivered directly to your phone
- Join The Irish Times on WhatsApp and stay up to date
- Listen to our Inside Politics podcast for the best political chat and analysis