FOCLÓIR: Goitse - come here; canúint - accent; Alba - Scotland; Eilean Sgitheanach - Isle of Skye; scéim sparánachta - bursary scheme; camchuairteanna - tours; coicís - two weeks; áiseanna - facilities.
‘Thig thugainn, thig co’ rium gu siar, Gus an cluinn sinn ann cànan nan Gàidheil’
‘Goitse, goitse liom siar, go gcloifsimid teanga na nGael’; na focail clúiteacha a scríobh Murchadh MacPharlain agus é ag trácht ar an mbrón a bhí air faoi mheath na Gàidhlige, teanga “mo threubh ‘s mo shluaigh”.
Lean mé féin an treoir sin i mí Iúil na bliana seo caite nuair a chuaigh mé go dtí an Eilean Sgitheanach, áit a bhfuil Sabhal Mòr Ostaig, an t-ionad náisiúnta do theanga agus do chultúr na Gàidhlige in Albain.
Republic of Ireland’s 11 billionaires saw their wealth grow by €13bn in 2024
‘There could be two cars, but the fridge is empty’: Hidden poverty in middle-class Ireland
‘The phone would ring and it would be Mike Scott from the Waterboys or Bono from U2. Everyone wanted to talk to my father’
The future you: 10 habits to acquire for long-term health and happiness
Tá dlúthcheangal stairiúil idir Éirinn agus Albain a théann i bhfad siar agus tá foirm den teanga Ghaelaigh á labhairt in Albain ó thús an séú haois.
Bhí an teanga liteartha chéanna in úsáid sa dá thír go dtí an 17ú haois, ach faoin am sin bhí an chanúint Albanach tar éis forbairt chomh mór sin go bhféadfaí a rá gur theanga ann féin a bhí inti.
Tá cosúlachtaí suntasacha le sonrú idir an dá thír Cheilteach freisin sna traidisiúin cheoil, amhránaíochta agus damhsa céilí a d’eascair astu.
Chuaigh mé go hAlbain ar Scéim Sparánachta Cholmcille, a bhfuil sé mar aidhm aici naisc láidre a chothú idir an dá phobal Ghaelach.
Is cuidiú iontach í an scéim do chainteoirí Gaeilge ar spéis leo an Ghàidhlig a fhoghlaim. Le linn na coicíse, labhair mé le mic léinn a dúirt liom nach mbeadh sé ar a gcumas an t-aistear fada ná an cúrsa Gàidhlige a dhéanamh gan gan tacaíocht na sparánachta.
Chaith mé coicís sa choláiste ag gabháil do dhá chúrsa. Ar dtús, d’fhreastail mé ar chúrsa amhránaíochta faoi stiúir Christine Primrose. Thus sé sin léargas dom ar thraidisiún ceoil na hAlban agus d’fhoghlaim mé cnuasach mór amhrán i nGàidhlig.
Rugadh agus tógadh Christine ar Eilean Leòbhais, áit ar shealbhaigh sí an Ghàidhlig ó dhúchas.
Is amhránaí aitheanta í a bhfuil gradaim shuntasacha faighte aici. I measc na ngradam sin, tá duaiseanna ón Mòd Nàiseanta Rìoghail (an tOireachtas Náisiúnta Ríoga) agus ón bhFéile Pan Cheilteach. Bronnadh an teideal ‘Amhránaí Gàidhlige na Bliana’ uirthi ag gradaim cheoil thraidisiúnta na hAlban in 2009.
Tá camchuairteanna déanta aici ar Mheiriceá, ar Cheanada agus ar an Astráil.
Ina theannta sin, chan sí in Éirinn agus ag coirmeacha ar mhór-roinn na hEorpa. Tá cuid mhaith dlúthdhioscaí eisithe aici freisin - is albam aonair cuid acu agus rinne sí cuid eile leis an ghrúpa Mac-Talla.
I measc na n-albaim siúd tá: Gun Sireadh Gun Iarraidh, ‘S Tu Nam Chuimhne, Aite mo Ghaoil agus Nuair Bha mi Òg.
Thug Christine stór mór òran dúinn le linn na seachtaine – os cionn scór go leith san iomlán agus chlúdaigh muid réimse leathan amhrán sa rang: òrain n-tàlaidh (suantraí), òrain-gaoil (amhráin ghrá), òrain-cumhaidh, òrain-iomraidh (amhráin rámhaíochta) agus òrain-mara. Thug sí idir amhráin ghasta agus amhráin fhadálacha dúinn.
Ar an Déardaoin bhí ceolchoirm ann inár léirigh achan rang cúpla amhrán nó píosa drámaíochta a d’ullmhaigh siad le linn na seachtaine.
Chan mo rang féin ceithre amhrán. Ba é an chéad cheann ‘Eilean Uaine Fo Cheò’, teideal atá breá furasta do chainteoir Gaeilge a thuiscint. Is amhrán molta é don Eilean Sgitheanach, ag déanamh cur síos ar áilleacht an oileáin.
Déantar cur síos ar na “beanntan (sléibhte) aoibhneach àrd” agus na “cluaintean fo ròs” (cluainte faoi bhláth). Fiafraítear san amhrán “nach b’e dhùrachd a bhith tàmh ‘n eilean àlainn mo chridh’?” (nach é a mhian a bheith ina chónaí ar oileán álainn a bhain lena chroí).
Ba é ‘Uaimh an Òir’ an dara hamhrán – teideal eile arís atá go hiomlán sothuigthe do chainteoir Gaeilge.
I rith na seachtaine bhí lúcháir orm go raibh mé in ann an oiread sin Gàidhlige a thuigbheáil sna hamhráin, fiú gan aistriúchán.
Chan muid ‘Gràdh Geal Mo Chrìdh’ mar thriú amhrán an oíche sin. Cé go gcloistear an t-amhrán seo go minic in Éirinn agus gur fhás mé féin aníos ag éisteacht leis, mhúin Christine leagan dúinn nach raibh cloiste agam roimhe sin. Mar sin féin, d’aithneofá an curfá láithreach bonn:
“Bheir mi o hù o hò
Bheir mi o hù o hì
Bheir mi o-hù o-hò
Mi fo bhròn ‘s tu gam dhìth”.
Amhrán grá fíor-álainn atá ann agus is cosúil go raibh an lucht féachana den tuairim chéanna.
An t-amhrán deireanach a chan mo rang ag an cheolchoirm ná ‘Grinn Donn Sgiobalta’, amhrán as Leòbhas. Ceann gasta, meidhreach atá ann a cheoltar do dhuine atá ag damhsa. Seo cuid de chultúr na hAlban a chuir iontas orm agus a shíl mé a bhí spéisiúil.
Is nós traidisiúnta in Albain amhrán a chanadh mar thionlacan don damhsa.
Difríocht shuimiúil amháin é seo a chonaic i gcomparáid le nós hÉireann, áit nach ndéantar ach tionlacan uirlise.
Baintear úsáid as an dá mhodh in Albain. Cé nach raibh ár ngrúpa ag canadh d’aon damhsóir ar leith, chuir rithim fhuinniúil an amhráin clabhsúr spraíúil ar an chéad chuid den oíche.
Ina dhiaidh sin, cuireadh tús leis an dara cuid den oíche - an chéilidh. Nuair a tháinig an banna ceoil isteach, léim achan duine ar an urlár agus fuair mé blaiseadh de dhamhsaí céilí na hAlban. B’fhurasta iad a fhoghlaim agus ba chosúil gur bhain an comhluadar uilig an oiread céanna suilt as agus a bhain mé féin.
Sa dara seachtain d’fhreastail mé ar chúrsa Gàidhlige a bhí dírithe ar lucht labhartha na Gaeilge, áit ar dhoimhnigh mé mo thuiscint ar na naisc theangeolaíochta idir an dá theanga.
B’iad an file Roddy Gorman agus an ceoltóir Brian Ó hEadhra a bhí mar theagascóirí ar an gcúrsa. Dhíríomar ar ghramadach na Gàidhlige agus ar nathanna cainte dúchasacha, rud a chuir go mór le mo stór focal agus le mo mhuinín agus mé ag labhairt na teanga.
Ag deireadh na seachtaine, reáchtáladh ceolchoirm eile inar canadh iliomad amhrán nua, ina measc ‘Far am bi mi Fhìn’, ceann de na hamhráin Ghàidhlige is ansa liom anois.
Tá réimse leathan áiseanna ag Sabhal Mòr Ostaig sna foirgnimh éagsúla.
Sa phríomhfhoirgneamh tá ionad-fàilte, leabharlann, siopa, seomraí ranga, halla (nó talla sa Ghàidhlig) agus ceaintín.
Is ag an ionad-fàilte a fhaigheann tú d’eochair nuair a shroicheann tú SMO agus is ann fosta a théann tú má bhíonn fadhb ar bith agat le do sheomra, an cúrsa, nó eile.
Tá cnuasach cuimsitheach leabhar sa leabharlann faoi theanga agus cultúr na Gàidhlige agus faoi stair na hAlban.
Mar mhac léinn ar chúrsa gairid, cosúil liomsa, is féidir leat trí leabhar a thógáil ar iasacht in aghaidh na seachtaine.
Tá siopa beag áisiúil san fhoirgneamh céanna, áit ina bhfuil leabhair ó sheánraí éagsúla ar díol ann, achan cheann bainteach leis an Ghàidhlig nó le hAlbain.
Bíodh tú i do thosaitheoir nó i do chainteoir líofa, tá cúrsa ann d’achan duine.
Deis ar dóigh atá ann le haithne a chur ar chultúr agus ar theanga na Gàidhlige. Treise le Sabhal Mòr Ostaig!
- Sign up for push alerts and have the best news, analysis and comment delivered directly to your phone
- Join The Irish Times on WhatsApp and stay up to date
- Listen to our Inside Politics podcast for the best political chat and analysis