Foclóir: Baol follasach – clear and present danger; idirghabháil phráinneach – emergency intervention; gearrdháileadh airgeadais – financial shortfall; poll suntasach – significant hole; rátaí boilscithe – rates of inflation.
Beidh ar Fhoras na Gaeilge ciorruithe tromchúiseacha a chur i bhfeidhm le linn na seachtainí beaga romhainn mura dtugtar aghaidh láithreach ar ghéarchéim mhaoinithe an eagrais.
Tá baol follasach ann do mhaoiniú scéimeanna teanga a chuirtear ar fáil fud fad na tíre mura ndéantar idirghabháil phráinneach chun an ghéarchéim airgeadais a réiteach. Tuigtear do Thuarascáil go bhfuil gearrdháileadh suntasach de na céadta míle euro ann.
Cé go bhfuil ciste airgeadais an Stáit méadaithe go mór le blianta beaga anuas, tá na ciorruithe a gearradh ar Fhoras na Gaeilge in 2008 nach mór fós i bhfeidhm.
An Irishman at Oxford: It was an education in being an outsider. I felt alienated from the very start
Una says her phone was hacked, €3,500 is missing, yet the bank won’t pay out
DPP considers charges against Gerry Hutch over alleged Garda corruption
Protesters walk out of Michael D Higgins’s speech at Holocaust Memorial Day event
Ní hamháin gur gearradh siar go mór ar bhunmhaoiniú an Fhorais nuair a tharla an cor chun donais eacnamaíoch, ach de bharr an mhéadaithe ar rátaí boilscithe le blianta beaga anuas, is in olcas arís atá cúrsaí imithe ó shin.
Gan an maoiniú a chuireann Foras na Gaeilge ar fáil d’earnáil na Gaeilge, bheadh na heagrais Ghaeilge i bponc: tugtar tacaíocht do phobal na Gaeilge i réimsí an phobail, na n-ealaíon, na hearnála poiblí, an oideachais, na hóige agus na meán.
Caitheann Foras na Gaeilge thart ar €9m den €16m a fhaightear ón Stát ar mhaoiniú scéimeanna agus ar dheontais gach bliain. Le linn 2024, mar shampla, d’éirigh leis an bhForas 536 deontas a bhronnadh agus tacú le 220 post in earnáil na Gaeilge, idir Cheanneagraíochtaí, chomhpháirtithe agus ghrúpaí pobail.
D’fhéadfadh impleachtaí fadtéarmacha a bheith ag aon ghearradh siar.
De réir an daonáirimh is déanaí, feictear an cumas labhartha teanga is láidre i measc an aosa óig. Má táthar chun inbhuanaitheacht fhadtéarmach na teanga a chinntiú glactar leis go bhfuil cur chuige straitéiseach de dhíth chun an óige a chumasú.
Is ar an óige go díreach nó go hindíreach a dhírítear cuid de na scéimeanna is fearr aithne: ina measc tá Scéim na nImeachtaí Óige, Scéim na gCampaí Samhraidh, Scéim Forbartha Líonraí Gaeilge, Scéim na bhFéilte agus Scéim Tacaíochta Gnó.
De réir ráiteas na bliana 2024, cuireadh breis agus 300 scoláireacht Ghaeltachta ar fáil anuraidh. D’éirigh go geal freisin le díolachán leabhar anuraidh - díoladh 200,000 aonad tríd an Áisíneacht Dáileacháin Leabhar, luach díolacháin €1m.
Tá go leor beartaithe don bhliain romhainn freisin - pleananna teanga sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta, mórthionscadal taighde ar dhearcadh an phobail i dtaobh na Gaeilge, agus foclóir nua Gaeilge-Gaeilge ar líne.
Bheadh tionchar tromchúiseach, mar sin, ag ciorruithe ar bith ar chur chun cinn na teanga sa phobal ó thuaidh agus ó dheas.
Tá cruinniú boird Fhoras na Gaeilge le reáchtáil an Aoine seo. Más rud é nach féidir buiséad a cheadú faoi sin, nó mura dtagtar ar fhoinse eile ioncaim, tuigeann Tuarascáil nach mbeidh an dara rogha ann ach athbhreithniú a dhéanamh ar chuid de na scéimeanna.
Maoiniú
In ainneoin luach a gcuid oibre, tá na heagrais Ghaeilge fágtha ar an ngannchuid le fada an lá. I gcodarsnacht ghéar le háisíneachtaí eile a bhraitheann go huile is go hiomlán ar mhaoiniú stáit, ní bhfuair Foras na Gaeilge ach aon ardú amháin ó 2008 – €1.7m sa bhreis i gCáinaisnéis 2020.
Is minic a dhéantar comparáid idir an Fhoras agus an Chomhairle Ealaíon mar gheall ar na cosúlachtaí móra ina gcuid oibre, rud a léiríonn go soiléir an bhearna mhaoinithe atá eatarthu.
In 2002, fuair Foras na Gaeilge €19 milliún, agus fuair An Chomhairle Ealaíon €34 milliún. In 2008, b’ionann le 1.5 oiread mhaoiniú an Fhorais an méid a fuair an Chomhairle. Tá an coibhneas sin ardaithe anois go dtí 9 n-oiread: €150 milliún don Chomhairle Ealaíon i gcomparáid le €16.2 milliún don Fhoras i gCáinaisnéis 2025.
Tá ceist chórasach ann freisin gur gá aghaidh a thabhairt uirthi. Is áisíneacht de chuid an Fhorais Teanga Thuaidh-Theas é Foras na Gaeilge agus is í an Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas, a cheadaíonn na buiséid do na forais trasteorann. Cuireann Rialtas na hÉireann 75 faoin gcéad de mhaoiniú an Fhorais ar fáil agus is ó Rialtas na Breataine a thagann 25 faoin gcéad. Nuair nach raibh an Feidhmeannas ag feidhmiú, agus gan chruinnithe den Chomhairle Aireachta á reáchtáil, níorbh fhéidir buiséid a cheadú.
Bhí súil anuraidh go dtiocfaí ar réiteach eile maoinithe agus go gcuirfí struchtúr níos inmharthana agus níos éifeachtaí i bhfeidhm. Tuigtear do Thuarascáil go ndearnadh iarracht teacht ar réiteach anuraidh ach nár éirigh leo dul chun cinn a dhéanamh.
Tuigtear anois go bhfuil gá práinneach le suas is anuas le €1m breise chun Foras na Gaeilge a thabhairt slán go gearrthéarmach chun go bhféadfaí leanúint le soláthar seirbhísí bunúsacha.
Ní suim leordhóthanach í sin, áfach.
Chun freastal cuí a dhéanamh ar na dualgais éagsúla atá leagtha síos sna polasaithe agus sna straitéis Stáit, bheadh gá le thart ar €35-€40 milliún in aghaidh na bliana. Cé gur suim shuntasach í seo, tá sí réasúnta i gcomhthéacs mhaoiniú eagras eile Stáit.
Ardaíonn teip leanúnach an t-airgead cuí a sholáthar d’earnáil na Gaeilge ina iomláine ceisteanna tromchúiseacha faoina dhúthrachtaí is atá an Stát i leith thodhchaí na teanga náisiúnta.
Ba shoiléire fós é seo anuraidh nuair a bhí pócaí an Rialtais lán go béal tar éis rialú na Cúirte Breithiúnais Eorpaí maidir le cabhair neamhdhleathach cánach Apple. Agus barrachas €12.8 mbilliún ag an Rialtas ar a laghad, ní féidir a rá gur easpa airgid is cúis leis an ngannchúis.
Tugadh ‘cáinaisnéis fhlaithiúil’ ar Cháinaisnéis 2025 nuair a foilsíodh plean caiteachais na bliana seo i mí Dheireadh Fómhair, ach ní mó ná sásta a bhí pobal na Gaeilge leis an méid a gealladh.
Ag an am, dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, gur údar díomá a bhí ann mar nár tháinig sé “cóngarach” don mhéid atá de dhíth le cás na Gaeilge a fheabhsú sa Ghaeltacht agus sa tír.
“Tá bearna ollmhór idir an méid atá ag teastáil agus an méid atá sa bhuiséad le dul i ngleic le riachtanais phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a shásamh,” a dúirt sé.
Má tá an ceart aige, is beag feidhm a bheidh leis an ngealltanas sa Chlár Rialtais is déanaí tacú le hobair Fhoras na Gaeilge, “úsáid na Gaeilge agus an chultúir a fheabhsú ar fud an oileáin” nuair nach bhfuil an maoiniú cuí á chur ar fáil.
Ní heol dúinn cúis an neamairt. Pé cúis atá leis, an toradh a bheas air ná go n- imreofar drochthionchar ar stádas na Gaeilge mar theanga náisiúnta agus mar chéad teanga oifigiúil na tíre, rud nach réitíonn le dualgas an Stáit feidhmiú de réir Bhunreacht na hÉireann.
Beidh Foras na Gaeilge ag súil go mbrisfidh Aire nua na Gaeltachta le nós a réamhtheachtaithe, agus go gcuirfear deireadh leis an éiginnteacht i dtaobh mhaoiniú an eagrais.
Tá polasaithe agus straitéis uaillmhianacha beartaithe don Ghaeilge sna blianta beaga atá romhainn ach an féidir polasaithe teanga a chur i bhfeidhm go héifeachtach - san oideachas Gaeltachta, sna meáin Ghaeilge, agus i gcomthéacs sheirbhísí Stáit - nuair atá sceanairt déanta ar mhaoiniú na n-eagrais a bhfuil an cúram sin orthu.
An cheist atá le freagairt: an bhfuil muid dáiríre faoin teanga nó nach mbeidh i ndán d’earnáil na Gaeilge riamh ach fuíoll ón mbord.
- Sign up for push alerts and have the best news, analysis and comment delivered directly to your phone
- Join The Irish Times on WhatsApp and stay up to date
- Listen to our Inside Politics podcast for the best political chat and analysis