Ciorruithe tromchúiseacha fógartha ag Foras na Gaeilge

Ceanneagraíochtaí, Séala an Aistriúcháin agus obair ar an gCorpas Foclóireachta i measc na scéimeanna agus na dtionscadal a chaill maoiniú

Dúradh sa ráiteas gur de bharr “an bhorradh atá faoin nGaeilge agus an t-éileamh leanúnach ar scéimeanna maoinithe” a bhí gá na ciorruithe buiséid a fhógairt.
Dúradh sa ráiteas gur de bharr “an bhorradh atá faoin nGaeilge agus an t-éileamh leanúnach ar scéimeanna maoinithe” a bhí gá na ciorruithe buiséid a fhógairt.

Tá sé fógartha ag Foras na Gaeilge gur gá ciorruithe tromchúiseacha a chur i bhfeidhm de bharr ghéarchéim mhaoinithe na heagraíochta.

Tuairiscíodh anseo Dé Luain go raibh baol follasach ann go mbeadh gá ciorruithe a chur i bhfeidhm mura dtabharfaí aghaidh láithreach ar ghéarchéim mhaoinithe na heagraíochta.

I ráiteas a d’eisigh an Foras ag am lóin Dé hAoine, dúradh go raibh gá ciorruithe buiséid a fhógairt “tar éis blianta de chiorruithe ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge ag dul siar go 2008 agus arduithe leanúnacha ar chostais [eile].”

I measc na costaisí eile a luadh, tá “cúrsaí boilscithe, arduithe leanúnacha ar rátaí pá agus bille pinsean a chuimsíonn pinsin fostaithe Bhord na Gaeilge.”

READ MORE

Dúradh sa ráiteas go bhfuil bearna €817,945 i mbuiséad na bliana seo.

“Mar a sheasann sé, is é €17.7m an túsphointe do bhuiséad bunlíne na bliana do 2025,″ a dúradh.

“As an tsuim sin, tá ceangaltais orainn (maoiniú atá geallta i gconarthaí, conarthaí fostaíochta na foirne san áireamh, agus i scéimeanna deontais ó bhlianta roimhe seo) de €16.9m. Is ionann seo agus 95 faoin gcéad den bhuiséad.”

“Nuair a chuirtear san áireamh na scéimeanna/tionscadail éagsúla ar thug Foras na Gaeilge fúthu in 2024, agus na harduithe dosheachanta, bhí bearna €817,945 i mbuiséad na bliana seo.”

“Is baolach nach bhfuil sé de rogha ag Foras na Gaeilge ach míreanna a bhaint dá chlár oibre agus dá bhuiséad na bliana agus cuid eile a ghearradh siar,” a dúradh.

Eisíodh an ráiteas tar éis do Bhord Fhoras na Gaeilge cruinniú éigeandála a reáchtáil ar an Aoine.

Tionscadal

Gearrfar siar ar chuid de na tionscadail is fearr aithne i saol na Gaeilge.

I measc na dtionscadail sin nach mbeidh maoiniú ar fáil dóibh i mbliana tá Feachtas Feasachta Creidim Ionat, Séala an Aistriúcháin, agus obair ar an gCorpas Foclóireachta.

Ar na scéimeanna atá á gcur ar ceal tá an Scéim Tacaíochta Gnó agus Scéim na bhFéilte Glaoch 2.

I measc na scéimeanna maoinithe a ghearrfar siar orthu, tá Scéim Forbartha Líonraí Gaeilge, Scéim na Mór-Imeachtaí Ealaíon, Scéim na gCompántas Drámaíochta, Scéim na nImeachtaí Óige, Scéim na gCampaí Samhraidh, scoláireachtaí do mhic léinn ollscoile chomh maith le caiteachas tionscadail agus corparáideach Fhoras na Gaeilge.

Chun gur féidir teacht ar shábháiltí “chomh mór seo” dúradh go mbeadh gá laghdú “ar chuid de na réimsí caiteachais is mó dá bhfuil againn.”

Mar sin, “beidh ciorruithe le déanamh freisin ar an maoiniú a chuirtear ar fáil do na sé Cheanneagraíocht, grúpaí na Scéime Forbartha Líonraí Gaeilge agus Scéimeanna na Meán.”

Dúradh freisin gur de bharr “an bhorradh atá faoin nGaeilge agus an t-éileamh leanúnach ar scéimeanna maoinithe” a bhí gá na ciorruithe buiséid a fhógairt.

Díomá

Dúirt Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, an tOllamh Regina Uí Chollatáin: ““Tuigimid go mbeidh an-díomá ar ghrúpaí, nuair atá an geilleagar ó dheas chomh folláin sin,  agus go mbeidh impleachtaí ag na cinntí seo ar chlár oibre na bliana chomh maith leis an earnáil agus [an] réimse ina bhfuil siad ag obair.

“Is oth liom go mór an fógra seo a dhéanamh inniu ach táimid fós ag súil go mbeidh an deis ann fós cuid de na ciorruithe seo a tharraingt siar ag brath ar chúinsí maoinithe níos déanaí sa bhliain.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn: “Beidh oifigigh Fhoras na Gaeilge i dteagmháil le grúpaí agus le heagraíochtaí maidir leis na cinntí agus le treoir faoi na ciorruithe an tseachtain seo chugainn.”

Is í an Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas (CATT) a cheadaíonn maoiniú reatha don Fhoras Teanga Thuaidh-Theas, Foras na Gaeilge san áireamh. Cuireann Rialtas na hÉireann 75 faoin gcéad de mhaoiniú an Fhorais ar fáil agus is ó Rialtas na Breataine a thagann 25 faoin gcéad.

Tá teagmháil déanta ag Tuarascáil le Roinn na Gaeltachta.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.