Foclóir: Teachtaireacht – message; lasmuigh – outside; fiúntach – worthwhile; foireann teagaisc – teaching staff; cinneadh – decision; mianach – quality; díobhálach – harmful; deis imeasctha - integration opportunity; crosadh - veto.
‘Ná bris ár gcroíthe ar Lá Fhéile Vailintín a Aire” an teachtaireacht a bhí ag páistí ó chúig Ghaelscoil don Aire nua Oideachais Helen McEntee an tseachtain seo caite nuair a thionóil siad lasmuigh de gheataí Theach Laighean.
Nár chruálach íorónta mar scéal mar sin é gur ar Lá Fhéile Vailintín a tuairiscíodh go raibh Bord Bainistíochta Choláiste Shráid Synge tar éis diúltú don aistriú ó mheánscoil Bhéarla do bhuachaillí go Gaelcholáiste comhoideachais, mar a bhí beartaithe.
Fógraíodh anuraidh go gcuirfí tús leis an aistriú do dhaltaí na chéad bhliana i scoilbhliain 2026/2027. Tá an plean sin curtha ar ceal anois.
Dublin stabbing: Man remanded in custody charged in connection with fatal assault
Finding of professional misconduct made against former deputy State pathologist Dr Khalid Jaber
Irishwoman in El Salvador: I’m 60 and moved halfway around the world. Everything is different
Gerry Thornley: In case Wales needed more motivation or anger towards Ireland, an Off The Ball radio exchange provided it
Dúirt feachtasóirí ar son na scoile nua go bhfuil “damáiste ollmhór” déanta de bharr easpa cumarsáide ón Roinn Oideachais le chúig mhí anuas.
“Cé go raibh áthas orainn tacaíocht an Aire Oideachais nua Helen McEntee a chloisteáil an tseachtain seo, agus muid ag feachtasaíocht taobh amuigh de Theach Laighean ar son ár nGaelcholáiste, tá tuismitheoirí agus páistí na gcúig Ghaelscoil páirteach san fheachtas an-bhuartha faoi na scéalta atá tagtha chun solais sna meáin chumarsáide,” a dúradh i ráiteas.
Ba léir go raibh fadhb de chineál éigin ann nuair a rinne múinteoirí clamhsán nár chuir Iontaobhas Scoileanna Edmund Rice (ERST) plean an aistrithe in iúl dóibh ach lá amháin sular fógraíodh go poiblí é i Meán Fhómhair.
I ráiteas Béarla a d’eisigh múinteoirí na scoile tríd an ASTI ar an Aoine, dúirt siad nach bhfuaireadar “aon chumarsáid fhiúntach ó ERST ná ón Roinn Oideachais” maidir leis an bplean nó faoin oiliúint a bheadh ag teastáil uathu chun leanúint ar aghaidh ag múineadh sa scoil.
Dar ndóigh, ní mórán i measc na bhfeachtasóirí ar son an Ghaelcholáiste a d’easaontódh leis an ráiteas “gur chóir go mbeadh aistriú ar an scála seo treoraithe ag trédhearcacht, comhoibriú, agus machnamh cúramach ar riachtanais gach páiste.” Ba í an easpa cumarsáide chéanna sin a spreag chun agóide iad os comhair gheataí Theach Laighean arís an tseachtain seo caite.
I ráiteas a d’eisigh an Roinn Oideachais tráthnóna Dé hAoine, dúirt urlabhraí: “Tacaíonn an Roinn Oideachais go hiomlán le bunú Gaelcholáiste i gceantar Chathair Bhaile Átha Cliath Theas agus tá sí tiomanta go hiomlán dó sin.”
Dúradh go bhfuil an Roinn ag obair leis an ERST lena chinntiú go bhfuiltear “i mbun plé leanúnach agus soiléir” leis an scoil maidir lena “tiontú rathúil ina Gaelcholáiste comhoideachais ar bhonn céimnithe ó mhí Mheán Fómhair 2026 ar aghaidh.”
Is minic oideachasóirí ag rá gurb é ceann de na heasnaimh is mó in earnáil an oideachais ná a laghad deiseanna a chuirtear ar fáil do phobail nua na tíre an Ghaeilge a fhoghlaim.
Dáiltear díolúintí, deirtear, go ró-éasca ar iarrthóirí agus is iomaí duine a deir gur deis imeasctha amú é an teip na tacaíochtaí cuí a chur ar fáil.
Is suntasach an rath atá ar an sruth i mBunscoil Sráid Synge ó 2017, áit a bhfuil méadú 42 faoin gcéad tagtha ar líon na ndaltaí ó 2017, rud a léiríonn éileamh sa cheantar ar oideachas trí Ghaeilge.
Ní haon ionadh gur ghoil sé ar dhaoine nuair a mhaígh tráchtaire amháin ar an raidió nach mbeadh Gaelcholáiste feiliúnach do chách i bpobal na scoile reatha.
Beidh ar an Aire cinneadh a dhéanamh anois an féidir an t-aistriú a chur i bhfeidhm nó an gcaithfear cur chuige iomlán nua a fhorbairt chun freastal ar an éileamh atá ar oideachas lán-Ghaeilge.
“Tá sé riachtanach bogadh ar aghaidh leis seo anois, cumarsáid a dhéanamh leis na geallsealbhóirí go léir agus cúiteamh a dhéanamh ar an am caillte,” a dúirt na feachtasóirí.
Múscailt na Mianach
Ba léir an tseachtain seo caite gur músclaíodh mianach i bpobal na Gaeilge de réir mar a scaip an scéal go ndéanfaí ciorruithe de bhreis is €800,000 ar scéimeanna agus ar thionscadail phobail agus teanga.
Cé nár tionóladh a leithéid le fada, tháinig slua mór le chéile don Tionól Géarchéime i mBaile Átha Cliath Dé Máirt chun na ciorruithe a phlé.
Bhí frustrachas níos doimhne ná mar a bhain leis na ciorruithe ba dhéanaí le brath – frustrachas faoin drochstaid mhaoinithe buan, agus faoin gcrosadh atá curtha ag an DUP roimh iarrachtaí leasú a dhéanamh ar mhúnla maoinithe Fhoras na Gaeilge.
Labhair beirt leis an slua: Caoimhe Ní Shúilleabháin, Oifigeach Feidhmiúcháin le Cill Dara le Gaeilge, agus Ruairí Ó Donnáin, Oifigeach Forbartha Gaeilge, Conradh na Gaeilge Boirche Íochtar, Co. an Dúin.
Léiríodar go géarchúiseach na dúshláin leanúnacha a eascraíonn as ganntanas maoinithe, agus an imní atá orthu go mbeidh tionchar díobhálach ag na ciorruithe ar a gcuid oibre agus ar na pobail a bhfreastalaíonn siad orthu.
I measc na dtionscadal a ghearrfar siar orthu tá Scéimeanna Forbartha Líonraí Gaeilge (SLFG) faoina ndéantar pleanáil straitéiseach fhadtéarmach teanga.
“Tá an-tábhacht leis an scéim, níl sé gan locht, ach tá muid ag cruthú pobal Gaeilge sna háiteanna seo,” a dúirt Ní Shúilleabháin.
“Tá sé sin an-tábhachtach. Tá mac agam féin, agus tá mé ag iarraidh é a thógáil le Gaeilge agus ní féidir liom é sin a dhéanamh gan pobal. Agus sin atá uainn.”
Ag cur síos ar an obair i gceantar Nás na Rí agus sna Solláin, dúirt Ní Shúilleabháin: “Tá club iarscoile, scéalaíocht do leanaí, naíonra do theaghlaigh againn. Eagraímid teacht le chéile i gclóis spraoi, turais Gaeilge, club leabhar agus club siúlóide.”
Cuirtear maoiniú €47,000 in aghaidh na bliana ar fáil don Scéim Forbartha Líonraí Gaeilge (SFLG). Tá Conradh na Gaeilge ag stocaireacht le fada ar son ardú maoinithe don scéim phobail seo, agus labhair na haoichainteoirí go hoscailte faoi na dúshláin atá rompu.
“Sin chun tuarastal duine a íoc, sin chun cíos a íoc, agus sin chun na himeachtaí a eagrú” a dúirt Ní Shúilleabháin.
“Níl aon scéim phinsin ná saoire mháithreachais ann – rud a chuaigh i bhfeidhm orm féin nuair a bhí leanbh agam. Ní coinníollacha mealltacha iad.”
Dúirt sí nár tháinig ardú ar bith ar an maoiniú in ainneoin na gcostas méadaithe – cíos oifige, leictreachas agus costais mhaireachtála san áireamh.
“Ní aithníonn an Foras ná an Rialtas luach na scéime SFLG,” a dúirt Ó Donnáin.
Anuas ar an obair a dhéanann oifigigh forbartha Gaeilge titeann go leor freagrachtaí eile orthu freisin.
“Is fear feidhmithe mé, is glantóir mé, is oifigeach caidrimh phoiblí mé, oifigeach imeachtaí, cinnire den chlub óige, múinteoir ranganna oíche, cuntasóir in amanna, [agus] bainisteoir riaracháin,” a dúirt Ó Donnáin.
”An bhfuil sé cothrom dúinn a bheith curtha sna poist sin gan na hacmhainní agus gan na háiseanna is ceart?”
Is minic oifigigh teanga ag streachailt le héileamh méadaithe ar sheirbhísí Gaeilge in ainneoin ganntanas acmhainní.
“Leis na ciorruithe seo atá ag teacht i bhfeidhm anois, tá daoine ón phobal ag teacht chuig mo dhoras ag cur ceisteanna faoin bhfáth go bhfuil gearradh siar ar líon na mbunranganna atá á gcur ar fáil, cén fáth nach bhfuil club óige eile curtha ar fáil anois agus breis agus caoga dalta againn in aon oíche amháin,” a dúirt Ó Donnáin.
Dúirt Ní Shúilleabháin gur ionann an gearradh 2 faoin gcéad ciorrú is €800 in aghaidh na bliana.
“B’fhéidir go gceapfaidh daoine nach mór an méid é sin, ach is ionann é agus dhá théarma den chlub iarscoile nó campa samhraidh amháin.”
Tá sé i gceist ag na heagrais a bhí i láthair feachtas náisiúnta a eagrú le maoiniú sásúil a shocrú d’earnáil na Gaeilge ar bhonn straitéiseach agus fadtéarmach.