‘A mhaithe agus a mhóruaisle Gael, atá i gcéin agus i gcóngar...’

Tugann Canúintí na Gaeilge (canuint.ie) léargas ar shaibhreas agus ar chanúintí réigiúnacha na Gaeilge

I measc na nguthanna atá le cloisteáil tá leithéidí Peig Sayers, Colm Ó Caoidheáin agus Micí Sheáin Néill Ó Baoill.  Grianghraf: Cnuasach Bhéaloideas Éireann.
I measc na nguthanna atá le cloisteáil tá leithéidí Peig Sayers, Colm Ó Caoidheáin agus Micí Sheáin Néill Ó Baoill. Grianghraf: Cnuasach Bhéaloideas Éireann.

FOCLÓIR: Maithe agus móruaisle na tíre – all and sundry; atá i gcéin agus i gcongar- who are far and near; baile fearainn – townlands; fearann cainte – parcel of speech; cartlannaithe - archivists; taifeadtaí - recordings; a thras-scríobh - to transcribe; óráid - speech.

‘A mhaithe agus a mhóruaisle Gael, atá i gcéin agus i gcóngar. Is mór an gliondar agus an mheidhir atá ar mo chroí anocht a bheith ar mo chumas labhairt ar an gcraobhscaoileachán so, ná raibh coinne ar bith agam go dtiocfadh an lá go deo go gcluinfí glór binn mo ghutha i dteanga ghrámhar Gael, ag gluaiseacht ó bhaile go baile, ar shreangaibh ndúintintreacha.”

“Dá bhrí san labhróidh mé libh sa teanga ársa a labhair Pádraig Naofa do thug solas na Fírinne chughainn, an teanga chéanna san go bhfuil bród orm anocht gur fhan sí beo againn ainneoin na géarleanúna, saor ó cheo.”

Sin guth Phádraig Uí Ghaoithín, mac leis an scéalaí Peig Sayers, agus é á thaifead do chraolachán raidió in 1947.

READ MORE

Amhail mar a chuirtí tús tráth le hóráid fhoirmeálta nó le haitheasc poiblí, chuir Ó Gaoithín tús ardréimeach leis an dreas breá cainte seo atá ar fáil go poiblí anois.

Is mar chuid den tionscadal nua Canúintí na Gaeilge (canuint.ie), suíomh a thugann léargas ar shaibhreas agus ar chanúintí réigiúnacha na Gaeilge, atá guth Uí Ghaoithín agus suas is anuas le 200 taifeadadh eile ó dhá chontae dhéag ar fáil den chéad uair.

Cé gur bunaíodh 2RN (réamhtheachtaí Raidió Éireann) i bhfad sula rinneadh an taifead sin, is léir go raibh urraim ag daoine don mhodh cumarsáide seo, rud b’fhéidir a mhíníonn an chúis gur ghlac Ó Gaoithín glór foirmeálta an t-óráidí air féin. Comhthionscadal bliana idir Scoil na Gaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU) agus Cartlann RTÉ é seo atá anois ina fhoinse luachmhar eolais ar chanúintí agus ar fhoghraíocht na Gaeilge.

De réir an Dr Úna Bhreathnach, Ollamh Cúnta in DCU, díríodh ar thaifeadtaí a bhailiú ó cheantair Ghaeltachta, bhreac-Ghaeltachta agus iar-Ghaeltachta, chun léargas a thabhairt ar shaibhreas agus ar éagsúlacht na gcanúintí.

“Bíonn muid i gcónaí ag caint ar chanúintí agus go bhfuil trí chanúint ann – canúint an tuaisceart agus an deiscirt agus canúint Chonnachta ach i ndáiríre, níl sé chomh simplí leis sin. Tá go leor leor mionchanúintí ann ach níl trácht orthu sna téacsleabhair,” a dúirt sí.

Is féidir anois focal amháin ar nós ‘acu’ a chuardach agus na leaganacha difriúla a fheiceáil ó bhaile fearainn go baile fearainn, ag tabhairt léargas níos doimhne ar an saibhreas teanga ná mar atá in aon áit eile ar líne.

I measc na nguthanna eile atá le cloisteáil tá leithéidí Peig Sayers, Colm Ó Caoidheáin agus Micí Sheáin Néill Ó Baoill. Tá scoth na Gaeilge le cloisteáil freisin ó chainteoirí as dúichí iar-Ghaeltachta ar nós Mhíchíl Uí Mhaoldhomhnaigh as Tiobraid Árann, Maggie McGiff as oirthear Mhaigh Eo agus ó Jeáin Nic Ruairí as Tír Eoghain.

Seanfhir is mó a bhí á dtaifeadadh ag an am, mar ba iadsan a measadh a bhí ag iompar an bhéaloidis agus an tseanchais.

“Bhí fíorbheagán ban sa bhailiúchán. Aon uair a bhí an deis ann, d’úsáid muid guth ban, leis an gcéatadán sin a ardú,” a dúirt an Dr Bhreathnach.

Cé nach bhfuil mórán páistí sa mbailiúchán, tá taifead gleoite ina measc a rinneadh in 1957 de bhuachaill ceithre bliana d’aois ó Bhaile Átha Cliath agus é ar saoire i nGaeltacht Mhaigh Eo, mar léiriú ar ghuth páiste sa chnuasach.

“Bhí sé deacair teacht ar pháistí ach cheap muid go mbeadh sé tábhachtach a nglórtha siúd a chloisteáil freisin.”

Cuireadh tús leis an obair ar canúint.ie i mí an Mhárta 2024 agus lean an obair ar feadh bliana. “Chuir [cartlannaithe RTÉ] go leor comhairle orainn mar, i gcás go leor de na ríleanna seo, ní raibh mórán eolais orthu,” a dúirt an Dr Bhreathnach.

“Bhí muid ag iarraidh ábhar a bhí ar chaighdeán ard fuaime agus spéise ó thaobh cúrsaí teangeolaíochta de a úsáid [ach] mura bhfuil na meitashonraí sin ann, bíonn sé an-deacair teacht ar an ábhar.”

Baineadh úsáid as bogearraí chun na taifeadtaí a thras-scríobh agus a chaighdeánú. Tá an t-ábhar leagtha amach ar léarscáil idirghníomhach, agus nuair a sheinntear na taifeadtaí, lastar na focail de réir mar a deirtear iad, rud a chuideoidh leis an úsáideoir an comhrá a leanúint.

An Dr Andrea Palandri agus an teicneolaí teanga agus ailtire faisnéise Michal Mechura, beirt chainteoirí Gaeilge atá ag obair le Gaois in DCU, a rinne formhór na hoibre. Chuidigh cainteoirí ó dhúchas freisin chun cuid den tras-scríobh a dhéanamh. Ach ní mar a chéile a chloiseann daoine an fhoghraíocht dar ndóigh – bíonn tuairimí éagsúla ag daoine ag brath ar an tuiscint atá acu ar an gcanúint áirithe sin.

Tá súil ag an Dr Bhreathnach, mar sin, go reáchtálfar meitheal oibre tras-scríobh i mbliana chun go mbeidh deis cur lena bhfuil déanta go dtí seo.

“Má tá tuiscint agat ar an gcanúint, tá tú leathbealach ann, agus sin é an fáth gur mhaith linn daoine a mhealladh isteach le cuidiú leis an obair,” a dúirt sí.

Tá an bunachar seo luachmhar ní hamháin don staidéar ar chúrsaí canúna agus foghraíochta, ach mar chartlann bheo de stór focal atá ag imeacht as úsáid.

Le céad bliain anuas, tá claochlú tagtha ar shaol na tuaithe in Éirinn - ó fheilméireacht go hiascaireacht - agus cailleadh mórán den fhoclóir saibhir a bhain leo.

“Tá na fearainn chainte atá in úsáid thar a bheith spéisiúil,” a dúirt an Dr Bhreathnach.

“Tá daoine ag caint ar a bheith ag obair i Meiriceá sna 1920idí, ar shaol an imirce agus ar shaol na feirmeoireachta ar ndóigh freisin. Tá daoine ag caint faoin gcladach, faoi mhargaí éisc agus an cineál sin ruda. Tá an saibhreas sin ann agus ar ndóigh tá caighdeán [na Gaeilge] go hiontach. Tá sé an-tábhachtach caighdeán maith a bheith ann don Ghaeilge agus é a leanúint, ach tá na canúintí chomh tábhachtach céanna agus ansin tá an saibhreas sin ar fad ann.”

Tá súil ag an Dr Bhreathnach go gcuirfear leis an stór ábhar amach anseo agus táthar ar thóir maoinithe chun é sin a dhéanamh. “Ba mhaith linn go mór Béarla na hÉireann a chur leis, teanga an Lucht Siúil agus b’fhéidir Ultais freisin.

“Samhlaidh sin, bheadh sé go hálainn iad ar fad a bheith ar an aon léarscáil amháin agus d’fhéadfá breathnú ar na nascanna idir na teangacha, an chaoi go raibh siad uilig ag imirt tionchar ar a chéile. Níl an t-airgead sin ann fós ach tá muid tar éis cur isteach ar mhaoiniú leis an scéim Shared Island.”

Ach idir an dá linn, beifear ag cur leis ó chartlann RTÉ. “Tá go leor bailiúchán ann ach níl siad ar fáil go héasca. Tá súil againn bailiúchán Doegen atá ag an Acadamh Ríoga a nascadh leis. Tá go leor ábhar mar sin a shíleann muid ar cheart dó a bheith ar fáil ar bhonn i bhfad níos poiblí,” a dúirt an Dr Bhreathnach.

Ag filleadh ar dhreas cainte Uí Ghaoithín arís, b’fhéidir go raibh sé ródhóchasach sa mhéid a dúirt sé, ach is féidir a bheith geall agus cinnte go gcuirfeadh sé fáilte roimh iarracht mar seo chun canúintí na Gaeilge a chaomhnú:

“Ná bíodh mearbhall oraibh, a mhuintir na hÉireann, tá an lá ag teacht agus ní fada uainn anois é le cúnamh Dé go mbeidh ár dteanga ársa arís faoi mheas á cleachtadh ag óg agus ag aosta in Inis aoibhinn Éilge, faoi mar do bhí le linn bhur sinsear a bheith in ardréim i bhfearannaibh fódghlasa na hÉireann.”

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.