Dealraíonn go bhfuil fronta nua oscailte ag an Trumpa sa chogadh aige i gcoinne an domhain. Sa chás seo tá sé ag amas ar na hollscoileanna, Harvard go háirithe, cé go bhfuil gach aon cheann eile nach réitíonn sé leis i radharc a shúile chomh maith.
Tá an t-aos léinn ag screadach go hard, ní amháin toisc go bhfuil airgead a mbeatha á striopáil uathu le binb agus póilíneacht á beartú ar a gcúrsaí léinn, ach gurb iad féin dúnbhailte shaoirse cainte, oscailteachta, liobrálachais is machnamh gan cheangal, dar leo.
Ba leasc le haon duine an giob is lú a chur amach a thabharfadh le fios go bhfuil aon bhun lena bhfuil á dhéanamh ag an Trumpa agus ag na fórsaí atá bailithe timpeall air, mar níl. Ach (agus chonaic tú seo ag teacht) is geall le díoltas é ag Trúpaí an Trumpa ar chuid den amaidí gan dealramh a bhí ar bun in institiúidí ardléinn thall, agus abhus, agus thairis.
Is é cultúr an chealaithe atá i gceist agam, is é sin, an nós forleathan a bhí ann cuireadh a tugadh do chainteoir nár aontaíodh leis nó léi a chur ar ceal, iad a ‘dhíphlatformú’ sa bhéarlagair a bhí thuas. Nó, níos coitianta fós, deimhin a dhéanamh de nach dtabharfaí cuireadh dóibh sa chéad dul amach ar chúis éigin idé-eolaíochtúil a d’athraigh le faisean na gaoithe.
Marriage equality a decade on: ‘Things have gone backwards’
Rhasidat Adeleke on life in the spotlight: ‘How do people like Beyoncé handle this? This is crazy!’
Dara Ó Briain: ‘I’m a man, I can’t manage family at the best of times ... now I’ve willingly taken on a 600% increase in family members’
Michael Gaine: Gardaí confirm body parts found in search for missing Kerry farmer
Cé go ngabhann an cleachtadh seo siar go dtí 40í na haoise seo caite in Trumpistan nuair a cromadh ar chosc a chur ar chumannaigh labhairt ar champais, is ródhócha gur cainteoirí a bhfuil a mhalairt de chlaonadh acu a gcuirtear corc iontu le tamall.
D’fhocail ghearra, ní chreideann duine ar bith sa tsaoirse cainte.
Tugtar ómós di, cuirtear snas uirthi mar smaoineamh, craitear túis léi, ach nuair a thagann cnámh sin na huillinne ar fhís, tá gach duine sásta stopallán a chur i ngob an duine eile thall nach réitítear leis.
Bhí sé amhlaidh riamh, go fiú sna réimsí léinn sin arb í an tsaoirse mhachnaimh cúis a mbreithe agus a mbeithe.
Abraimis an fhealsúnacht féin. Ná bac le Sócraitéas a cuireadh chun báis toisc go raibh an iomad ceisteanna á gcur aige agus dá réir sin ag cur as do shochmaíocht an phobail, ach ar athraigh puinn?
Dheineas féin fealsúnacht ar an ollscoil, ábhar ar mór agam é i gcónaí mar bhrainse den litríocht seachas mar bhréageolaíocht. Ráinig ollamh mór-le-rá (ag an am) againn a dúirt go neamhbhalbh (agus go macánta) linn go gcaithfimis teagasc Thomáis Acuin a leanúint nó go gcaithfeadh sé faoi gheasa a choinsiasa teip a thabhairt dúinn. Ba chuma dá mbeadh Kant agus Descartes agus Hegel féin de mheabhair ghlan agat, bheadh fuar agat in aghaidh Thomáis naofa. Ní gá a rá gur Tomách oilte mé ó shin!
Ina choinne sin thall, ní raibh seans dá laghad ann go gceapfaí duine d’fhonn fealsúnacht a theagasc a lean Tomás Acuin in aon ollscoil mór-le-rá sa Bhreatain an uair sin, ná anois. Nó duine a lean posaitíbheachas loighiciúil sa Ghearmáin. Ná meitifisicí Gearmánach in Moscó. Nó neamh-Mhaoach sa tSin.
I leataoibh ón bhfealsúnacht, cén seans ina ghairm a gheobhadh staraí anseo a lean tuiscint thraidisiúnta na tíre ó Chéitinn i leith nuair a bhí an réivisionachas in airde láin, mar mhalairt orthu siúd a shíl gur botún ba ea cogadh na saoirse?
Glacaim leis go bhfuil a n-amhlachas sin de chogaí beaga fearainn ar siúl i ngach aon phóca den léann i gcónaí.
Níorbh iad na hollscoileanna ab fhearr riamh ag cosaint saoirse cainte agus tuairimíochta agus foilsithe; ach táid ar an mbeagán díoga atá againn in aghaidh gabháltais iomláin ar bhóithre an eolais ag Trúpaí an Trumpa.