Cad é an chéad phíosa ealaíne is mó a d’imir tionchar ort mar dhéagóir?
Bhí a lán rudaí ealaíonta ag imirt tionchar orm ag an am céanna, ach is cuimhin liom nuair a bhí an ‘O Riada Retrospective’ á sheinm ag banna Donal Lunny agus bhí bodhránaí fiáin iontach dochloíte leo darb ainm Damien Quinn. B’shin an chéad uair a bhfaca mé an fiántas sin sa cheol Gaelach agus bhí mé i ngreim aige.
Cén t-ealaíontóir atá beo is mó a bhfuil meas agat air?
Tá mé chomh bródúil agus lán le meas don bhanna Kneecap díreach anois. Táid ag seasamh an fhóid go cróga, go hidirnáisiúnta, gan chúlchéim, ar son mhuintir chiúnaithe na Palaistíne. Go tobann tá a chuid ealaíon ríthábhachtach i ngnóthaí na cruinne.
We are PhD researchers with advice for US colleagues: Don’t come to Ireland
The contrast between Kneecap charges and flag-festooned Northern Ireland is absurd
Irish military flight operations to move to part-time and may soon cease at Air Corps base
‘Waking up in hell’: Family subject to mistaken Dublin arson attack told ‘it wasn’t meant for youse’
Cad iad na straitéisí a úsáideann tú chun tréimhsí lagtrá cruthaitheachta a shárú?
De ghnáth, déanaim cleachtaí ar an mbodhrán agus ar an ngiotár ionas go mbeidh mé ábalta don sruth cruthaitheach nuair a/má thagann sé arís orm. Uaireanta bíonn orm mo phatrún a bhriseadh go hiomlán agus dul ag taisteal nó fiú dul go coirmeacha ceoil nó drámaí nó damhsaí.
Mura mbeifeá ag gabháil don ealaín atá á cleachtadh agat faoi láthair, cén gort cruthaitheach ar bhreá leat a bheith gníomhach ann nó ba mhaith leat a fhiosrú?
Cheapas ar feadh tréimhse nuair a bhíos i mo dhéagóir go mba mhaith liom a bheith i mo throdaí, ach i ndáiríre b’fhéidir gur sa damhsa a bhí an dúshlán is mó dom (agus dá bharr) an sásamh is mó.

Cén t-éacht gairmiúil is mó a bhfuil tú bródúil as?
D’éirigh liom damhsa de shaghas a oibriú amach don fhíseán a rinne mé le Myles O’Reilly ‘Ar Ár Son’. Ba rud mór dom é go pearsanta é sin a dhéanamh.
Cad é an rud is deise a dúirt ealaíontóir eile leat riamh?
Dúirt cúpla duine liom le déanaí gur chabhraigh an t-amhrán ‘Tá’n t-áth Liom’ leo go mór i rith na dianghlasála.
Cad í an chomhairle is measa a fuair tú riamh?
Nílim cinnte ar éist mé leis an méid sin droch-chomhairle, ach an rud a bhaineann barrthuisle asam ná nuair a thosaíonn daoine ag rá liom cén fáth nár chóir dom tabhairt faoi rudaí. Cuireann a leithéid de chaint níos mó deifre orm mo chuid a dhéanamh i ndáiríre.
Caithfidh tú cónaí i mbuncar faoi thalamh, agus is féidir leat scannán amháin, sraith theilifíse amháin, agus leabhar amháin a thabhairt leat: cad iad?
Hero, scannán Síneach, Kaos, sraith theilifíse, agus leabhar folamh agus peann, más é do thoil é.
Tá casúr agus dhá shiséal cloiche de chuid mo mháthar agam agus ón uair a d’imigh sí tá sé ar intinn agam tabhairt faoi roinnt dealbhóireachta.
An raibh aon mhúinteoirí inspioráideacha agat?
Bhí cúpla múinteoir inspioráideach agam agus mé ar scoil. Bhí an Bráthair Beausang a mhúin dúinn faoin spioradáltacht, fearúlacht agus uaisleacht Ghaelach tríd an iománaíocht agus plé le heagla tríd an gcrógacht. Bíonn na ceachtanna sin gan focal go minic seachas go dtuigeann tú go bhfeiceann duine cé chomh maith is féidir leat a bheith agus go gcreideann siad ionat. Fiú muna n-éiríonn le gach rud fanann rian nó macalla na gceachtanna sin leat tríd do shaol. Bhí múinteoir eile agam, an Máistir Mullally, agus mhúin sé Béarla agus litríocht agus filíocht, Patrick Kavanagh go háirithe. Cé nár thaitin Kavanagh liom ag an am, bhí orm mo chuid tuairimí a scríobh go beacht soiléir ionas go mbeadh éifeacht acu. Spreag sin mo chuid scríbhneoireachta agus d’éist mé le gach focal a dúirt sé. Ní hé go raibh mé ciúin agus múinte i gcónaí, ach bhí sé in ann dom agus bhí an méid sin le foghlaim agam má bhí féith na scríbhneoireachta le fás ionam.
Conas a bhí do shaol cultúrtha mar pháiste?
Ba sa saol cultúrtha a d’fhás mé aníos. B’ealaíontóirí iad mo bheirt tuismitheoirí. Scríbhneoir ab ea m’athair agus dealbhóir ab ea mo mháthair. Ba mhinic filí, scríbhneoirí agus ealaíontóirí sa tigh, agus ba ghnáth go mbeadh an chaint ar na healaíona de shaghas éigin. Sin gan trácht ar mo chúigear deartháireacha a bhí go minic níos fearr ná mé féin le chuile cheird.
Cén saghas rudaí cruthaitheacha a rinne tú mar pháiste?
Bhíodh muid ag dul go ranganna líníochta gach Samhradh sa Dánlann Náisiúnta, rud a thug spéis san ealaín dúinn. Bhíodh muid ag freastal ar aifreann as Gaeilge i gcónaí, agus uaireanta i mBaile an Fheirtéaraigh ar an mBuailtín bhíodh muid canadh ag an aifreann - chuaigh sin go mór i bhfeidhm orm.
Dá mbeadh sé ar do chumas taisteal siar tríd an am agus tú féin a thabhairt ar ais chuig ceolchoirm amháin ar ar fhreastail tú cheana, cén ceann a roghnófá, agus cén fáth?
Is cuimhin liom Steve Cooney agus Séamus Begley a fheiceáil nuair a bhíodar i mbarr a réime agus arís pléascadh mo cheann. Ní raibh a fhios agam go bhféadfaí luascadh agus bualadh chomh gasta agus chomh dána sin. Phreab sin m’anam agus d’éirigh liom damhsa gan srian, i measc daoine eile, rud nach ndearna mé riamh roimhe sin.
An bhfuil saothar cruthaitheach amháin ba mhaith leat tabhairt faoi ach nach bhfuil tosaithe agat fós?
Tá casúr agus dhá shiséal cloiche de chuid mo mháthar agam agus ón uair a d’imigh sí tá sé ar intinn agam tabhairt faoi roinnt dealbhóireachta. Tá cara liom, Steve Rennix, agus ba shaor cloiche a athair - tá sé beartaithe againn beirt tabhairt faoi chúpla cloch mhór roimh an Nollaig.
Cad iad na rudaí is fearr ar éist tú leo, a léigh tú, nó atá feicthe agat le déanaí?
Taitníonn an t-amhrán sin Another Round ó The Scratch liom. Tá fuinneamh an-taitneamhach acu. Chonacthas damhsa de chuid Michael Keegan Dolan a chuaigh go mór i bhfeidhm orm. Tá sé faoi ógánach atá ar imeall an fhéinmharaithe agus cogadh na sprideanna mórthimpeall air.
Cad iad na hionaid, na gailearaithe nó na pictiúrlanna is fearr leat?
Tá cúpla ionad timpeall na tíre ina mbraitheann tú go bhfuil an ceol sna fallaí; Tigh De Barra i gCloich na Coillte ach go háirithe, fiú go mbíonn a fhios agat go bhfuil taithí cheoil ag an lucht féachana.

Cad a cheapann tú faoi chaighdeán na n-ealaíon in Éirinn faoi láthair?
I dtaca le caighdeán ceoil na tíre, ceapaim go bhfuil sí níos sláintiúla ná riamh. Tá an méid sin féitheacha difriúla ag fás. Tá caighdeán seinnte teicniúil an cheoil thraidisiúnta tar éis dul tríd an tsíleáil le cumas na ndaoine óga, fiú sa rac-cheol tá an cumas seinnte tar éis ardú (tá ag teip ar an ngnó, ach sin rud eile). Fiú sa domhan clasaiceach bhuaigh Éireannach duais idirnáisiúnta an tseachtain seo caite le ceoldráma a scríobh sé agus cumadóirí ceoil don scáileán ag tarraingt aird dhomhanda orthu féin - ‘An Cailín Ciúin’ agus a leithéid, cuir i gcás. Ceapaim gur saghas turas pearsanta atá ar bun ag ealaíontóirí. Uaireanta bíonn an chuma air go bhfuil na postaí ag bogadh i gcónaí ach más ea, caithfidh muidne mar ealaíontóirí a bheith solúbtha a dhóthain chun freastal ar na hathraithe sa domhan - a bheith tagairt nó in ann iomrascáil leo - agus ár slite a athrú dá réir. Bíonn saghas ‘balancing act’ ar bun i saol an ealaíontóra idir gnáthobair cheirde nó phobail (an obair a íocann an cíos ) agus an obair dhúshlánach phearsanta.
Cad é an mhíthuiscint is mó atá ag daoine faoi do shaol mar ealaíontóir?
Bíonn orm teacht ar rud éigin le déanamh chuile lá: rud a cheanglaíonn mo smaointe le smaoineamh eile a bhí agam an lá roimh ré nó rud nua a thosú nó rud a chur i gcrích. Ní bhím socair ionaim féin muna mbíonn ceann de na rudaí sin déanta agam. Cabhraíonn mo chuid cleachtaí leis sin agus braithim go mbím ag gluaiseacht chun cinn (a bheag nó a mhór). Tá gach seans go bhfuil na tréithe sin ag gach éinne ach go mbíonn ealaíontóirí ag plé leis trína gcuid ealaíon. Ag súil nó ag tnúth leis go mbíonn fás agus feabhas ar bun an t-am ar fad, sin an aidhm, go bhfios dom.

Cén cineál áite a spreagann thú?
Bíonn sé deacair a rá go cinnte cad a spreagann mé. Uaireanta is míchompord ionam féin nó le mo thimpeallacht a spreagann mé (ag lorg leigheasanna b’fhéidir), uaireanta is de bharr radharc álainn nó fís samhlaíochta, uaireanta (i gcónaí is amhlaidh) is cúrsaí grá a spreagann muid agus uaireanta is cúrsaí eacnamaíochta a bhíonn i gceist. Is gá an ealaín a bheith indíolta nó beidh an t-ealaíontóir bocht.
Cad é an comhthéacs is aistí ina raibh tú riamh mar gheall ar do chuid oibre?
Uair amháin do fuaireas gig ó bheirt chairde liom Declan agus Nigel. D’iarr siad orm agus triúr dár leaids seinm sa chloigtheach i Séipéal San Audoen mar chuid de cheiliúradh breithlae an mhilliúnaí seo in éineacht lena bhean céile. Bhí sé ait mar ní raibh ach an bheirt acu ann don ghig ach bhí an ghloine mhillteach seo aige lán leis an bhfíon is daoire ar Domhan agus d’fhág sé leathlán ina dhiaidh é. Bhí sin agam ach thángadar ar ais ag lorg na gloine sara fhágamar - bhí bosca speisialta acu don ghloine. Bhí an rud ar fad ana-ghreannmhar.
Cad é do thuairim faoi fhorbairt na Gaeilge sna healaíona in Éirinn?
Is saghas macalla ar an tsochaí iad na healaíona agus ceapaim go raibh misneach na Gaeilge de dhíth ar dhaoine le déanaí agus anois tá sé sin á sholáthar ag na healaíontóirí, rud a chuireann misneach orm féin.

Cad é do mhana?
An mana a bhíonn agam ná an mana a bhí ag mo Dhaidí: ‘Déan é’.
Tá ceirnín nua Kíla, Raise the Road, ar fáil anois.