Comhphobal, ceol, dúlra agus teanga

Paul Brady, Daoirí Farrell agus Rónán Ó Snodaigh i measc na gceoltóirí atá le seinm ag Féile Nasc

FOCLÓIR: Fealsúnacht - philosophy; uathúil - unique; comhphobal - community; ceol na ndaoine - folk music; nasc - link/tether; campa foraoise - forest camp; grúdairí - brewers.

Deirtear nach bhfuil Satharn sa bhliain nach scairteann an ghrian. B’fhéidir nach bhfuil ann ach meafar, ach fiú más fíor dó, ní ar uachtar gréine a bheidh aird an tslua, ach ar an stáitse ag Féile Nasc i mBaile Átha Cliath ar an tríú Shatharn de mhí na Bealtaine.

Is ann a fheicfear Paul Brady, Daoirí Farrell, Caitlín & Ciarán, Rónán Ó Snodaigh, The Bonny Men, Systerix agus Nuadán i measc ceoltóirí aitheanta agus áitiúla eile.

De réir stiúrthóir na hócáide, tá fealsúnacht ar leith taobh thiar den fhéile seo atá le reáchtáil i bPáirc Mharlay i Rath Fhearnáin.

READ MORE

Déanfar ceiliúradh ann ar nasc uathúil a fheictear idir an comhphobal, an ceol, an dúlra agus an teanga.

“D’eagraíomar an fhéile in 2019 bunaithe ar an mbunchloch sin, bunchloch choincheapúil atá ann más féidir é sin a ghlaoch air,” a dúirt Cormac Chambers, stiúrthóir Féile Nasc, agus é i mbun ullmhúcháin don ócáid

“Táimid fós ag cloígh leis an gcoincheap agus leis an bhfealsúnacht agus táimid ag iarraidh tógáil ar sin.”

“Roghnaigh muid ceoltóirí traidisiúnta agus an ceol a luíonn isteach leis an gcoincheap,” a dúirt sé.

Tá an-tóir ar an gceol sa cheantar agus is deis iontach a bheidh in ann an tallann áitiúil sin a fheiceáil i dteannta plúr na ceirde.

“Tá an chraobh is mó de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann taobh amuigh de Mheiriceá sa cheantar - Craobh Naithí,” a dúirt Chambers.

“Theastaigh uainn deis a thabhairt do pháistí agus do dhaoine óga teagmháil a dhéanamh leis na seanóirí, más féidir é sin a ghlaoch orthu, ionas go mbeadh muid ag tabhairt an cheoil ar aghaidh chuig an chéad ghlúin eile ar bhealach an-taitneamhach agus ar bhealach an-nádúrtha.

Más féilte náisiúnta iad an Fleadh Cheoil agus Oireachtas na Gaeilge, is féile de chineál eile atá i gceist le Féile Nasc.

“Tá sé ait - má théann tú chuig na Críocha Lochlannacha, go Meiriceá nó go Sasana bíonn ceolchoirmeacha nó féilte traidisiúnta agus ceol na ndaoine acu. Ach in Éirinn, tá fleadhanna ceoil ann, ach tá muidne ag iarraidh féile taobh amuigh den sféar sin a reáchtáil do dhaoine agus táimid ag iarraidh nach mbeidh srianta orainn maidir le cé ar gá dóibh a bheith ag seinm agus mar sin de.”

“Go bunúsach bhíomar i gcónaí ag caint ar bhealaí ina bhféadfaí na ceoltóirí (áitiúla) a chur i mbéal an na ndaoine ar bhealach éigin.”

Reáchtáladh Féile Nasc den chéad uair in 2019 ach ar nós beagnach gach ní eile sa tír, chuir Covid-19 bac ar chúrsaí agus ba ghá é a chur ar ceal in 2020 agus 2021.

Ach leis na srianta ar fad scaoilte anois agus críoch curtha leis an scaradh sóisialta, is féidir filleadh ar imeachtaí arís agus tá súil ag Chambers go bhfreastalóidh suas le 3,000 duine ar ócáid na bliana seo.

“Sa chéad bhliain d’fhreastail thart ar 1,500 duine ar an bhféile agus más féidir linn é sin a dhúbailt bheadh muid an-sásta,” a dúirt sé.

Tá éileamh maith ar na ticéidí agus is léir go bhfuil spéis ag daoine sa choincheap.

Tá pobal láidir sa cheantar máguaird a bhfuil dúil acu sa Ghaeilge chomh maith leis an gceol agus is as an bpobal céanna sin a d’eascair lucht eagraithe Nasc.

Is deirfiúr le Cormac í an t-amhránaí aitheanta Róisín Chambers agus tá beirt deartháireacha leo ag plé leis an bhféile freisin.

Ar bhealach, is comhartha é Féile Nasc den ghlúin nua teanga seo ag teacht in inmhe.

“Toisc go bhfuil an méid sin Gaeilge agus Gaelscoileanna sa cheantar bhí an-chuid Gaeilge le cloisteáil ag an chéad fhéile,” a dúirt Chambers.

“Reáchtálann muid na cruinnithe ar fad trí mheán na Gaeilge. Tosaíonn muid leis an fhréamh sin,” a dúirt sé.

“Gach ríomhphost a théann amach ag na daoine atá ag freastal, tá siad dá-theangach, labhróidh muid Gaeilge leis na ceoltóirí, labhróidh muidne Gaeilge istigh san fhéile inár measc féin, agus beidh Gaeilge le cloisteáil ag an ngeata.”

“Maidir leis an gcomhphobal, bíonn an-aird againn ar dhaoine óga. Bíonn ticéid teaghlaigh againn agus déanfaidh muid bolscaireacht don ócáid trí na scoileanna, trí chlubanna áitiúla, chaobhacha an Chomhaltais agus mar sin de.”

Le cois an cheoil tá roinnt mhaith imeachtaí dátheangach ar an gclár i mbliana freisin.

Beidh seisiúin cheoil á reáchtáil do pháistí óga agus san áireamh beidh ceardlann drumadóireachta le Rossa Ó Snodaigh agus péinteáil aghaidheanna chomh maith le h-imeachtaí eile freisin.

“Beidh campa foraoise againn i mbliana atá á reáchtáil ag Scoil Fhoraoise na hÉireann agus beidh sé sin trí mheán na Gaeilge don chuid is mó.

“Fiú amháin na páistí a d’fhreastail dhá bhliain ó shin nach raibh ag freastal ar Ghaelscoileanna bhaineadar an-tairbhe as. Shíl na tuismitheoirí gur rud an-deas nádúrtha é.”

Cuirfear béim ar chúrsaí timpeallachta freisin agus beidh cainteanna agus filíocht le cloisteáil ar théama na bithéagsúlachta agus na h-inbhuanaitheachta.

Cuirfear áiseanna athchúrsála agus múiríne ar fáil agus beidh foinse uisce ar fáil do chách. Molfar don lucht féachanna a gcuid buidéil uisce féin a bhreith leo agus a athúsáid.

“Tá timpeallacht nádúrtha againn in Marlay. Ní bhíonn aon phlaisteach ceadaithe ag an bhféile agus úsáideann na díoltóirí bia agus na beáranna ábhar muiríneach.”

Beidh bia ar fáil freisin agus cuirfidh grúdairí áitiúla, na Four Provinces, beoir ar fáil.

‘Beoir na nGael’ a thugann siad air agus, le hainmneacha ar nós Gob Fliuch, Láidir agus Fad Lae acu ar a gcuid beorach, ní haon ionadh é.

Beidh ceol traidisiúnta, ceol na ndaoine agus amhránaíocht den scoth le cloisteáil ar an lá dar ndóigh.

Nuair is tearc iad na deiseanna úsáide atá ag go leor a labhraíonn Gaeilge sa saol iarscoile, is cinnte go mbeidh tarraingt ar leith ag an bhféile áirithe seo, ach go háirithe nuair is cur chuige uileghabhálach mar seo atá i gceist.

“Theastaigh uainn go mbeadh cúpla teachtaireacht ceangailte isteach leis an nGaeilge agus leis an dúlra,” a dúirt Chambers.

“Cheap mise i gcónaí go bhfuil rud éigin an-orgánach faoin gceol Ghaelach - bíonn sé ag fás agus ag forbairt an t-am ar fad. Dá bhféadfadh muid an teachtaireacht sin a cheangailt isteach leis an nádúr is teachtaireacht mhaith a bheadh ansin do na páistí chomh maith.”

“Tá muid ag iarraidh an branda a láidriú agus teastaíonn uainn bheith cinnte de go mbeidh muid anseo faoi cheann deich mbliana mar fhéile ceoil láidir ach le teachtaireacht agus bunchloch láidir leis.”

Breis eolais agus ticéidí ar fáil ó nasc.ie

Ceoltóirí fógartha do Ghradam Ceoil 2022

Agus muid ag caint ar chúrsaí ceoil, is fiú a lua go bhfuil liosta ceoltóirí fógartha do Ghradam Ceoil TG4 2022 nó ‘Gradaim Oscar an cheoil thraidisiúnta’ mar is cosúil a thugtar anois air.

Ceolchoirm agus bronnadh gradam é a bheidh ar siúl sa Cheoláras Náisiúnta Domhnach Cásca an 17 Aibreán agus tá oíche mhór shiamsaíochta geallta.

Orthu siúd a bhronnfar Ghradam Ceoil TG4 2022 tá: Ceoltóir na Bliana, Paddy Glackin; Ceoltóir Óg na Bliana 2022, Diarmuid Ó Meachair; Gradam Saoil, Dolores Keane; Amhránaí na Bliana, Sarah Ghriallais; Gradam Comaoine, Edwina Guckian; Grúpa Ceoil na Bliana, Skara Brae: Cumadóir na Bliana, Connie O’Connell.

Is féidir ticéid a cheannach ag nch.ie ar €25 an ceann.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.