‘Dúshláin le sárú’ ag TG4 go fóill

Deontas nua ón Rialtas


D’aithneofá duine ar bith le Gaeilge na focail choitianta: “tráth cinniúnach,” “dúshláin le sárú,” “mionteanga dhúchais ... i margadh mheáin chumarsáide an Bhéarla”.

Ceannasaí TG4, Alan Esslemont, a bhí ag caint an tseachtain seo caite agus é ag fáil beagnach €1 milliún sa bhreis ón Rialtas don stáisiún dátheangach teilifíse. Mar sin féin, más ábhar ceiliúrtha a bhí san airgead ó neamh anuas, bhí Esslemont stuama go maith agus é ag cur fáilte roimh an chúpla pingin – agus sin a bhfuil ann i dtéarmaí teilifíse de – agus é ag seoladh phlean straitéiseach an stáisiúin go ceann cúig bliana.

Tá TG4 ar an tseachtú cainéal teilifíse a roghnaíonn daoine agus 1.8% mar mheánsciar den lucht féachana náisiúnta in 2017 acu. Is é rún Esslemont iad a bhogadh go dtí uimhir a sé sna cairteanna. (An ionann sin agus na Super Eights a bhaint amach nó an craobh cúige atá ann?)

Déanfaidh an stáisiún an méid sin trí chláir “níos tarraingtí” a chur ar fáil, deiseanna tráchtála a fhorbairt, seirbhísí an stáisiúin ar ardáin ar líne a fhorbairt, tuilleadh postanna a chruthú agus infheistíocht a dhéanamh san earnáil neamhspleách léiriúcháin.

READ MORE

Is beag duine a gheobhadh locht ar chuspóirí nó ar chaint Esslemont. Bhí sé macánta faoi chás an stáisiúin agus faoina raibh i ndán dó mura mbeadh maoiniú breise ar fáil; thitfeadh sciar de lucht féachana an stáisiúin gan mhaoiniú sa bhreis.

Bruce Springsteen a chan faoi “57 channels and nothing on” lá den tsaol. Is measa arís cás na teilifíse anois nó tá cúpla céad cainéal mar rogha ag lucht féachana agus bád teanga TG4 ar an fharraige leo uilig. Is é an t-iontas é nach ndeachaigh an bád go tóin na mara faoi seo – agus maithfidh an léitheoir dom é mura dtéim siar ar thurais luatha an bháid chéanna.

Mar sin féin, cad é an dóchas atá ann go mbeidh toradh ar na pleananna? An mbíonn toradh ar phleananna aon eagraíochta Gaeilge? Nach amhlaidh nach mbíonn sna pleananna go minic ach síneadh beag ama a chruthú idir dúshlán amháin agus dúshlán eile, an tráth cinniúnach a chur ar an mhéar fhada?

Leoga, is é fírinne an scéil é gur ‘tráth cinniúnach’ ag gach aon ghrúpa in earnáil na meán Gaeilge é; go mbíonn dúshláin le sárú lá i ndiaidh lae ag gach aon iriseoir, eagarthóir, léiritheoir; bíodh alt i gcló, ábhar ar líne, clár teilifíse nó raidió i gceist.

Is í TG4 is feiceálaí de na meáin chumarsáide Ghaeilge; is í is fusa atá le haimsiú ag pobal uilig na hÉireann agus is í is mó a thuilleann moladh ó lucht an Bhéarla – agus, sea, in amanna, cáineadh.

Is ceart agus is cóir don cheannasaí aird a tharraingt ar a ríocht féin. Ní thógfadh duine ar bith air é sin a dhéanamh. Is cuí go bhfuil sé in ann plean straitéiseach a chur le chéile agus beidh dea-thoil mórán daoine leis agus leis an stáisiún agus iad ag tabhairt faoin straitéis.

Is deas an deontas é €1 milliún do TG4. Ach b’fhéidir gurb é an bua is mó atá leis an deontas go gcuireann sé i gcuimhne don tsaol mhór a leochailí agus atá cás an stáisiúin agus go dtugann sé deis do lucht na teanga cur i gcuimhne don Rialtas fosta cé chomh hainnis agus atá cás na meán eile Gaeilge agus iad, oiread chéanna le TG4, ag iomaíocht le meáin mhóra an Bhéarla ar bheagán airgid agus acmhainne.

Tuilleann TG4 tacaíocht fhiúntach leanúnach – agus tuilleann RnaG, na foilseacháin ar líne agus na foilsitheoirí an tacaíocht chéanna.

Milliún breise do gach aon dream, a deirim.