Tá torthaí an toghcháin soir ó thuaidh fós á meas agus daoine nach iad, fara daoine gurb ea iad, ag piocadh trí na putóga fad is atá na badhbha lastuas fós ag guairdeall. Gach duine ag giobadh ar na blúiríocha de réir a bhlais féin. Níor thúisce iad ag slaodadh isteach ná an bladarlathas ag déanamh gairdeachais go raibh an Alliance ag scuabadh leo agus ag fógairt go raibh deireadh leis an deighilt dhénáireach idir glasuaine agus flannbhuí. Tá an tríú capall sa rás anois, agus más mall is mithid. Tá an duine atá ina shuí ar an gclaí shreangdheilgneach maidir leis an gceist mhór thar a bheith compordach.
Ach ná bíodh aon chorrabhuais ort, ná tagadh idir tú agus codladh na hoíche, ná idir tú agus praghas na tithíochta, ná bagairt théamh na cruinne, ná Nato ag ramhrú soir, ná géarchéim an ospidéil mháithreachais, ná Depp and Heard ar na meáin nach féidir éalú uathu, ná an t-aighneas i gcampa iomána Luimnigh, ná mascanna gan a bheith éigeantach agus tú ag éalú leat go Kusadasi nó Bungut, ná peileadóirí ag fáil leathmhilliún euro in aghaidh na seachtaine, ná mí-úsáid an bhriathair neamhrialta i gclásail choibhneasta sa ghnáthchaint, ná bíodh aon bhuairt ort tá spuaiceanna gruama Thír Eoghain agus Fhear Manach linn chomh buacach binn is a bhí siad riamh.
Éacht mhór ba ea boilsciú an Alliance gan aon agó. Ní cúis ionaidh é nach mbeadh an cheist bhunreachtúil ar an gcarraig is mó ar an bpaidrín don uile dhuine. Maireann go leor den saol lasmuigh den stair, in ainneoin nach maireann an stair lasmuigh díobh siúd. Tá líontáin agus eangacha ann nach féidir snámh tríothu. Is milis é ardú an Alliance ar an dréimire don bhladarlathas ach is ardú isteach in liombó é ar deireadh thiar, liombó nach bhfuil ach dhá gheata amach as.
Bunaíodh an stáitín soir ó thuaidh d’aon ghnó d’fhonn go mbeadh dream amháin in uachtar agus an dream eile i gcró na muc. B’in é é. Níor athraigh sin puinn. Tá go breá gach rud a chur ar an méar fhada, ach dá mhéid iad na méara ní foláir an t-orlach a chogan. Tá cnámh na huillinne ag seordán agus tá smior na gcnámh ar fhis. Ní hiad na suíocháin a bhain páirtithe amach sa tionól is mó meáchan ach vótaí an chéad chomhairimh.
Bhí guagacht riamh ann, agus beidh an crandaí ag bogadaigh i gcónaí i measc na bpáirtithe beaga. De dheasca na cuimhne gearrthéarmaí atá ag daoine toisc an chórais oideachais, an rialtais, an iomad teicneolaíochta, bia mhícheart, an chórais chaipitlígh, mhúineadh na Gaeilge sa bhunscoil, rialacha an bhóthair, an cheartais pholaitiúil, athraithe aeráide, easpa síciatraithe, samhraidh nua an Chumainn Lúithchleas Gael, sprionlaitheacht na mbancanna, stocaí bána, bainne ramhar agus an óige ag dul chun na hainnise, ar éigean go mbeidh leathmheabhair ag daoine go raibh an SDLP níos mairbhe ná Art Ó Laoghaire agus gan éirí ina sheasamh i ndán dóibh cúpla bliain ó shin.
Ansin, gan choinne, a luathacht is adéarfá Domhnach Cásca bhí dhá shuíochán acu i dTeach an Daoscarshlua in Westminster ar ais. Dhein na vótóirí cinneadh thar a bheith simplí. Cé hé an dream is mó a fhreagróidh dár riachtanas gearrthéarmach anois láithreach bonn baill, ceist an bhunreachta ann nó as in éineacht?
An gcreideann aon duine, beo nó marbh nó idir eatarthu, gur vótáil daoine ar son an DUP, Sinn Féin, TUV, Alliance agus síos siar, gur vótáil siad ar bhonn a bpolasaithe sláinte nó oideachais nó fostaíochta? Ós rud é gurbh ionann iad a mhór nó a mhór, conas a mheasfá an difear idir sifín agus sifín eile?
Is ea, tá gal agus tá gal soip ann.