Na Scrúduithe Mallaithe

Táthar á rá go bhfuil thiar ar dhaltaí ardteistiméireachta na bliana seo.

Is í an chuimhne ghránna is measa ag duine ar bith ar scoil nó ar choláiste ná na scrúduithe mallaithe. Tú sceimhlithe id bheatha rompu le seachtainí fada agus cithfholcaí fuara agus tonnaí caifé á bhfulaingt is á slogadh d’fhonn fanúint id dhúiseacht.

Ní móide gur athraigh riamh, ba chuma scrúduithe foirmeálta bunscoile, chéad bhliana meánscoile, méanteist/shóisearach, ardteist, ollscoil, ba chuma. Tú ag an deisc adhmaid, peann nó baidhreó id ghlaic, neach ag siúl suas síos, páipéar á leathadh os do chomhair, é á oscailt, agus ansin…an díomá, an crá croí, an mearbhall, an mhíthuiscint, an aithne fhann, an scaoll, an faoiseamh, nó ar uaire, an liú áthais sa chás is gur tháinig aníos an rud a bhí ullamh agat.

Córas mídhaonna é de réir taithí gan n-aon, ach is beag duine ar féidir leis teacht ar shocrú níos fearr nuair a chuirtear chuige é. Cáintear agus lochtaítear agus eascainítear scrúduithe na hardteistiméireachta gach aon bhliain dá raibh agus atá anois ar ceal i mbliana. Nuair a fhiafraítear cad a chuirfí ina n-ionad tagann pruislí agus broimneach agus súlach síceolaíochta faoi chrústa téarmaí mar a bhíonn ag an trosc insa bhfuidreamh sa siopa sceallóg. I measc na n-íocshláintí bíonn meastóireacht leanúnach, is é sin, gur scrúdú ar fad a bheadh ar siúl ag an dalta bocht gach lá dá shaol scoile. Agus é seo mar réiteach ar bhrú ar na neacha léinn?

Agus beidh bradaíl gan teorainn ag dul ó gach suíomh idirlín atá ann agus a bheidh ann, agus aistí á scribleáil ag cairde mháthar an dalta, agus tionscnaimh á ndéanamh ag páirtnéir ghailf an athar, agus airgead á thabhairt go tiubh don suíomh idirlín a gheallann ‘aistí bunúsacha déanta go speisialta duit féin.’

READ MORE

Agus is ea, beidh fiacla níos gile ag múinteoir mhac an fhiaclóra sa bhaile beag, agus stéigeanna níos raimhre ag oide iníon an bhúistéara, agus piontaí níos saoire ag ardmháistir na meánscoile ina mbíonn cairde na háite ag ól.

D’fhéadfaí, gan amhras, scrúdú cainte a dhéanamh ar dhaoine mar a tharlaíonn i dtíortha eile. An maolódh sin ar an scaoll, ar an líonrith, ar an mbrú fola, ar easpa codladta na hoíche roimh ré, ar an toise phearsanta, ar bhuntáiste an duine sciamhaigh, ar amhras an dalta ó chomhluadar mionlaigh, ar an dea-mhéin chun an té a bhfuil teacht i láthair oilte aige, ar an gclaonadh aicmeach ar deacair dul uaithi…? Ní mhaolódh ná maolú.

Táthar á rá go bhfuil thiar ar dhaltaí ardteistiméireachta na bliana seo. Amaidí agus fastaím agus bladarbhul gan chiall! An é go raibh daltaí ardteiste amuigh ansin a raibh a gcroí sa scrúdú, a bhí ag coinne leis na laethanta áille sa halla, a mhallachtaigh na seachtainí díomhaoine le hallas, agus atá anois faoi ghruaim de thoisc nach gá dóibh an scrúdú a dhéanamh?

Is í bliain scrúdú ardteistiméireachta na bliana seo an bhlian is ámháraí dá raibh riamh ann. Mar adúirt Ciarraíoch grinn faoi Pháidí Ó Sé agus é i mbun na hIarmhí: ‘Ní hea amháin go bhfuil seo agus siúd aige, agus costais taistil, agus úsáid ghluaisteáin, ach tá an samhradh saor aige chomh maith!’

Tá an samhradh saor ag daltaí ardteistiméireachta na bliana seo. Ná maífeadh aon duine a mhalairt orthu, mar is mó sin dalta ó bhlianta eile atá in éad leo anois.

Maidir le caighdeán, ní mistéir gan mhíniú atá ann. Is róchuma cad iad na slata tomhais a mbaintear leas nó aimhleas astu, is róchuma cén saghas scrúduithe a eagraítear, is ró-róchuma cad deir síceolaithe saonta, is iad na daoine is fearr go hacadúil a thiocfaidh chun barra in aon scrúdú acadúil dá ndéantar. Is mar sin a bheidh chomh maith i mbliana.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar