Sceideal nua ag TG Fómhair

‘Cláir bhreátha siamsaíochta agus sraitheanna faisnéise cumhachtacha’


Sheol TG4 a sceideal nua Fómhair an tseachtain seo caite. Dúirt ceannasaí an stáisiúin, Alan Esslemont, go n-aithneodh pobal na hÉireann iad féin sna cláir: “Cláir iad a bhaineann leosan atá bunaithe orthusan. Tuigeann siad go ndéanann TG4 iarracht mhór an réimse is leithne clár is féidir, ar an gcaighdeán is airde, a chur ar fáil don phobal sa mbaile agus i gcéin agus sin á dhéanamh trí ‘Súil Eile’ TG4.”

Tá cúrsaí spóirt, ceoil agus cúrsaí reatha i lár aonach an Fhómhair. Tá Underdogs ar ais, clár faoi chúrsaí club sa CLG, agus Paul Galvin, Valerie Mulcahy agus Ray Silke ina roghnóirí an iarraidh seo. Beidh rugbaí agus peil na mban ann agus tabharfaidh an clár C.L.U.B. deis do dhaoine óga aithne a chur ar a gcuid réaltaí CLG agus iad ar cuairt ar a gclub féin.

Tabharfaidh Finné, clár faisnéise, aghaidh ar scéalta daoine a bhí i gceartlár scéalta móra Éireannacha le leathchéad bliain agus beidh Gaeil UK ag plé le saol na n-imirceach Éireannach sa Bhreatain.

Beidh cláir bheo ó Oireachtas na Gaeilge i gCiarraí i mbliana, Samhain Live as Doire Oíche Shamhna agus Tradfest, ceol traidisiúnta ó Bhaile Átha Cliath.

READ MORE

Dúirt Esslemont gurbh ábhar “bróid dúinn i mbliana na cláir bhreátha siamsaíochta agus na sraitheanna faisnéise cumhachtacha atá againn. Tá muid ag cur lenár soláthar ar na hardáin dhigiteacha an t-am ar fad agus fáil ag daoine ar ábhar TG4 ar fud na cruinne tríd an seinnteoir ag TG4.ie nó tríd an aip atá ar fáil mar leagan IOS, Android nó SmartTV”.