Black 47, Gorta agus Gaeilge

Gaeilge sa phictiúrlann; pictiúir i nGaillimh agus scéalta pota

James Frecheville agus Hugo Weaving sa scannán, Black 47

“It has been estimated that one and a half million people died during the Famine and between 1846 and 1851 a million emigrated. It is not unreasonable to assume that a great proportion of these were Irish speakers.

"The poorest districts, from which the greatest flow of emigration has continued ever since, have been, in general, the districts which were predominantly Irish speaking." – Maureen Wall, "The Decline of the Irish Language" in A View of the Irish Language

CHONAIC mé roinnt alt i mBéarla faoin scannán, Black 47. Chuir siad béim ar an scannán mar scéal buachaill bó i gConamara le linn an Ghorta agus is fíor go gcuirfeadh James Frecheville (i gceann de na príomhrólanna mar Martin Feeney) Clint na Coille Thoir i gcuimhne duit.

Ach tagairt nó tagairt mhór ní dhearna na tuairiscí do pháirt mhór na Gaeilge sa scannán chéanna.

READ MORE

Ar an ábhar sin a rinne mé neamhiontas de ar feadh i bhfad. Bhí mé ag rangú Black 47 leis na scannáin eile stairiúla a bhain le hÉirinn, cinn faoi Thrioblóidí an Tuaiscirt ach go háirithe.

Liosta le lua atá ann na scannáin a bhain leis an Tuaisceart nach bhfaca mé riamh. Drochscéal, drochbhlas, droch-chuimhní a choinnigh ón phictiúrlann mé.

(Brad Pitt mar bhall den IRA in The Devil's Own? Go raibh maith agat ach nah.)

Is maith, mar sin, go bhfuil na meáin Ghaeilge againn. Léirmheas breá tuigseach le Breandán M. Mac Gearailt ar tuairisc.ie a chuir in iúl dom go raibh Gaeilge in Black 47.

Lena chois sin, rinne sé cur síos ar ghinealach an scannáin agus chuir an píosa ar mhalairt tuairime mé. (Cad é an fheidhm atá leis na meáin chumarsáide i nGaeilge? Bhuel, sin ceann acu – aird a tharraingt ar ghné den chultúr nár mhothaigh lucht an Bhéarla.)

Ba mhaith gur chuir. Scannán maith atá ann mar Black 47. Is fíor nach bhfuil sé gan locht nó tá lúb ar lár nó dhó sa phlota. Mar sin féin, an Ghaeilge, a chomrádaí! An Ghaeilge!

Tugann an teanga céim suas don fhiontar nach mbeadh ann gan í. Seans go dtuigfidh mórán daoine gan Ghaeilge, den chéad uair riamh b’fhéidir, go raibh cainteoirí Gaeilge i measc mhairbh an Ghorta; go siúlann scéal an Ghorta agus na Gaeltachta le chéile ar chosán na staire.

Ní cultúr an chúpla focal a bhí ann ach an oiread; ba chuid den scannán í an Ghaeilge nó ba chuid de na carachtair í an Ghaeilge agus ní fhéadfaí droim láimhe a thabhairt léi oiread chéanna agus a thiocfadh leat droim láimhe a thabhairt le dath na súl ina gcloigne ocracha eaglacha.

Bhí líne amháin sa phíosa a chuir – agus a chuireann – droch-chás na teanga agus lucht a labhartha i gcuimhne dúinn.

Tá Feeney ar tí díoltas a imirt ar bhreitheamh nach bhfuil aige ach Béarla. Duine cruachroíoch é an breitheamh céanna a mhaireann de réir an mhana, lex dure, lex est (dlí crua atá ann ach an dlí atá ann).

Impíonn an breitheamh ar Feeney i mBéarla gan é a mharú. Níl d’fhreagra ag Feeney air ach: “Ní hé an Béarla teanga na cúirte seo.”

Ní hé an Béarla teanga na staire ach an oiread. Moltar Black 47 as an méid sin féin a chur ar a súile (agus ar a gcluasa) do lucht na féachana.

Pota agus pota eile

Agus mé ag plé le hiriseoireacht le breis agus 30 bliain – fáilte romhat! – ní dóigh liom go raibh scéal faoi phota riamh agam.

Buíoch atá mé, mar sin, de Bhairbre Ní Chuanaigh, as Bláithín ar an bPota (An Gúm, €7.50) agus Oisín ar an bPota (An Gúm, €7.50) a scríobh agus seans a thabhairt dom leis an díth sin a réiteach.

Dhá leabhar ghleoite atá scríofa ag Ní Chuanaigh, scríbhneoir de chuid Leitir Mucú i gConamara.

Déanann sí cur síos ar bheirt óga atá ag fágáil na gclúidíní ina ndiaidh le dúshlán an phota a thabhairt.

Tá na habairtí scríofa go simplí, lán spraoi, agus thabharfadh siad cuidiú don mhuintir bheaga agus dá dtuismitheoirí agus iad ag tabhairt faoin athrú seo ó chlúidín go bristí beaga: “Beidh tusa ag breathnú go deas néata freisin agus do bhristí beaga ort. Cé acu de na bristí beaga seo ab fhearr leatsa? Na cinn ghlasa? Na cinn bhuí? Nó na cinn a bhfuil leon orthu?”

(Roghnóinn féin na cinn a bhfuil leon orthu nó is iriseoir mé agus bíonn iriseoirí cróga!)

Tá léaráidí breátha le Sheena Dempsey, greamaitheoirí agus cairt traenála le fáil sa dá leabhar fosta.

Níl aon phota mar do phota féin!

Lena chois sin, tá scéal ar dóigh béaloidis foilsithe ag an Ghúm – An Saor Cloiche Míshona. Ón tSeapáin an scéal seo agus tá nod sa teideal faoin ábhar, nach bhfuil: "Fadó fadó, bhí saor cloiche sa tSeapáin. Haru ab ainm dó. Gach lá, théadh Haru suas an sliabh chun clocha a ghearradh..."